HC90

Doiciméad cúirte a thaisceadh trí sheachadadh neamhphearsanta ag Príomh-Oifig na hArd-Chúirte

Ordú 117a Rialacha na nUaschúirteanna

Doiciméad cúirte a thaisceadh trí sheachadadh neamhphearsanta ag Príomh-Oifig na hArd-Chúirte

De bhun Ordú 117a 2 (1) RU formheasaim an coinníoll arna ordú ag an Oifigeach a bhfuil Príomh-Oifig na hArd-Chúirte á bainistiú aige/aici faoi láthair, mar gheall ar shrianta atá i bhfeidhm le haghaidh Covid-19, nach ndéanfar doiciméad cúirte a thaisctear trí sheachadadh neamhphearsanta ag an bPríomh-Oifig ach amháin tríd an doiciméad sin a sheachadadh san oifig nó chuig an oifigeach a shonraítear i bhforáil Ordú 117a lena mbaineann —

  1. tríd an bpost cláraithe réamhíoctha,
  2. tríd an ngnáthphost réamhíoctha, nó
  3. trí sheirbhís malartaithe doiciméad a nglacann an t-oifigeach atá ag bainistiú na Príomh-Oifige de thuras na huaire léi

 Fanfaidh an treoir chleachtais seo i bhfeidhm go dtí go bhfógrófar a mhalairt.

Peter Kelly
Uachtarán na hArd-Chúirte

(Rinne HC109 an Treoir Cleachtais seo, HC90, a chúlghairm ar an 9 Meán Fómhair 2021)

High court