HC61

Fógra Tairisceana ar bhannaí ag daoine atá faoi choimeád

  1. Áireofar go sonrach san Fhógra Tairisceana a eiseofar de bhun Ordú 84 Riail 15 (1) atá inchurtha ar ais ar an nó tar éis an 6ú lá de mhí Dheireadh Fómhair 2014, ina n-iarrann iarratasóir faoi choimeád ar bhannaí, uimhreacha dhuilleoga na gcúiseamh a bhfuil bannaí á lorg ina leith. Leagfar an t-eolas seo amach i bhFoirm 1 atá i gceangal leis an Treoir Chleachtais seo agus áireofar léi aon eolas eile dá bhforáiltear inti. Beidh Foirm 1 ceangailte leis an Tairiscint sin le linn é a chomhdú i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte.
     
  2. Déanfar aon chúiseamh forlíontach a lorgaítear a chur os comhair na Cúirte tar éis an Tairiscint a chomhdú a leagan amach ar Fhoirm fhorlíontach 1, a thabharfar don chláraitheoir cuí lena cur in aon ordú arna dhéanamh i leith na gcúiseamh sin.
     
  3. Déanfar in ordú na Cúirte na cúisimh a dhéantar aithris orthu ar Fhoirm 1 agus ar Fhoirm fhorlíontach 1 amháin a aithris.
     
  4. Scoireadh den chleachtas dhuilleoga na gcúiseamh a thaisceadh ar mhodh foilseáin don mhionnscríbhinn lena mbunaítear Fógra Tairisceana den sórt sin sa Phríomh-Oifig.
     
  5. Dírítear aird na gcleachtóirí ar fhorálacha S.I. 811 de 2004 i leith an eolais a bhfuil gá leis a chur isteach sa mhionnscríbhinn a bheidh mar fhoras le hiarratas den sórt sin ar bhannaí.


Arna dhátú an 10ú lá de mhí Mheán Fómhair 2014
Nicholas J Kearns
Uachtarán na hArd-Chúirte 


Foirm 1 

High court