HC45

Úsáid Nasc Físchomhdhála chun Fianaise a Ghlacadh i gCásanna Sibhialta

Ba cheart iarratais ar chead chun fianaise a éisteacht trí Nasc Físchomhdhála a dhéanamh chuig an mBreitheamh Liosta nó, i gcás ina bhfuil cás sannta, chuig an mBreitheamh a bhfuil an cás sin aige nó aici. 

Ba cheart an t-iarratas seo a dhéanamh tráth nach lú ná trí lá oibre roimh an dáta a bhfuil sé beartaithe fianaise den sórt sin a éisteacht.

Ceanglaítear ar aturnae an pháirtí atá ag glaoch ar an bhfinné na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  1. Gealltanas a thabhairt don Chúirt páirt iomlán a ghlacadh i ngach glao tástála riachtanach chuig an gcianionad
  2. Chun an fhaisnéis theicniúil riachtanach a sholáthar don chláraitheoir maidir leis an gcianionad agus an cás ina bhfuil an t-iarratas á dhéanamh (tá an fhoirm in Aguisín I a ghabhann leis an Treoir Chleachtais seo le comhlánú ina hiomláine agus le tabhairt don Chláraitheoir Cúirte)
  3. A chinntiú go bhfuil an Téacs Diaga cuí chun an mionn a ghlacadh roimh fhianaise a thabhairt ar fáil don fhinné sa chianionad
  4. A chinntiú go gcuirtear doiciméad ar bith (pléadálacha san áireamh) ar fáil don fhinné sa chianionad a bhféadfar a tharchur orthu agus fianaise á tabhairt.

Ba cheart do chleachtóirí a thabhairt faoi deara go bhféadfadh go mbeadh gá triail a aistriú go seomra cúirte ina bhfuil an trealamh riachtanach má dhéantar iarratas rathúil ar fhianaise a éisteacht agus úsáid á baint as an teicneolaíocht seo.

 

____________________

Richard Johnson
Uachtarán na hArd-Chúirte
3ú lá de Bhealtaine 2007

High court