HC49

Mionnscríbhinn ioncaim intíre

An Ard-Chúirt
Fógra agus Treoir Chleachtais
Probháid

An tAcht Comharbais, 1965
Alt 42 

  1.  (1) Na doiciméid seo a leanas -
  1. gach uacht bhunaidh a ndeonófar ionadaíocht ina leith san Oifig Phrobháide,
  2. cóipeanna de gach uacht a mbeidh a scríbhinn bhunaidh le caomhnú i gclárlanna probháide ceantair, agus
  3. cibé doiciméid eile a ordóidh Uachtarán na hArd-Chúirtecuirfear i dtaisce agus caomhnófar na doiciméid sin san Oifig Phrobháide faoi rialú Uachtarán na hArd-Chúirte agus féadfar iad a iniúchadh de réir a threoracha.

De bhun fho-alt (1) d’alt 42 den Acht Comharbais, 1965, ordaím mar seo a leanas:

  1. An tagairt atá i mír (c) den fho-alt sin do cibé doiciméid eile a ordóidh Uachtarán na hArd-Chúirte a thaisceadh agus a chaomhnú san Oifig Phrobháide, beidh sí comhdhéanta de cibé doiciméid is gá chun iarratas a dhéanamh chuig an Oifig Phrobháide nó chuig an gClárlann Phrobháide Cheantair chun Deonú Ionadaíochta a eisiúint in eastát duine éagtha.
     
  2. Ar eisiúint an Deonaithe Ionadaíochta, beidh na doiciméid sin le cur ar fáil lena n-iniúchadh ag an bpobal cé is moite den Mhionnscríbhinn Ioncaim Intíre lena mbeidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas:
     
  1. Féadfaidh na daoine seo a leanas fardal eastát duine éagtha mar atá sa Mhionnscríbhinn Ioncaim Intíre a iniúchadh:
  1. tairbhí atá ainmnithe in uacht an duine éagtha atá cruthaithe san Oifig Phrobháide nó i gClárlann Phrobháide Cheantair,
  2. duine atá i dteideal sciar in eastát duine éagtha,
  3. creidiúnaí an duine éagtha a bhfuil a fhiach glactha ag an eastát nó cruthaithe ag an gcreidiúnaí atá i gceist,
  4. duine atá i dteideal imeachtaí a thionscnamh i gcoinne an eastáit de bhun Alt 117 den Acht Comharbais, 1965.
     
  1. Féadfaidh fostaí de chuid na Roinne nó na Gníomhaireachta sin an fhaisnéis go léir atá sa Mhionnscríbhinn Ioncaim Intíre agus ina bhfuil leas dlisteanach ag Roinn Rialtais nó Gníomhaireacht Rialtais a iniúchadh

    Ar choinníoll go gcruthaíonn an duine/na daoine atá ag iarraidh na doiciméid sin a iniúchadh faoi (A) nó (B) chun sástacht an Oifigigh Probháide, an Chláraitheora Probháide Ceantair nó Breitheamh na hArd-Chúirte a fheidhmíonn dlínse Probháide, de réir mar a bheidh, go bhfuil sé iomchuí cigireacht den sórt sin a údarú.

Arna dhátú an 1 Márta 2012

Nicholas J Kearns
An Breitheamh Onórach Nicholas Kearns
Uachtarán na hArd-Chúirte

High court