HC106

Cúirt an Mháistir

Déanann HC 117 an Treoir Cleachtais seo a chúlghairm le héifeacht ón 5 Nollaig 2022.

Eisímse, Mary Irvine, Uachtarán na hArd-Chúirte, leis seo an Treoir Chleachtais seo a leanas de réir alt 11(12) agus (13) den Acht um an Dlí Sibhialta agus um an Dlí Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2020.

  1. Ón Luan, an 10 Bealtaine 2021, agus go dtí go bhfógrófar a mhalairt, beidh suíonna de Chúirt an Mháistir ar siúl ó Luan go hAoine le linn théarmaí an dlí, ag tosú ag 10.30 am gach lá
  2. Beidh amanna tosaigh na n-imeachtaí/na n-iarratas ar fad os comhair an Mháistir céimnithe mar gheall ar bhreithnithe Covid 19 agus foilseofar iad seo sa dialann dlí agus ar Shuíomh Gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna.
  3. Déanfar éisteachtaí/iarratais os comhair an Mháistir a sheoladh de réir na treorach sláinte poiblí uile maidir le Covid- 19 agus i gcomhréir le Treoracha Cleachtais uile na hArd-Chúirte.
  4. Ní ceadmhach do chleachtóirí teacht go Cúirt an Mháistir níos mó ná cúig nóiméad roimh an am tosaithe atá tugtha dá n-imeachtaí/dá n-iarratas.
  5. Ba cheart gach treoir maidir le haon imeachtaí/iarratas os comhair Mháistir na hArd-Chúirte a thabhairt don abhcóide roimh an dáta éisteachta leithdháilte agus i gcúinsí a chomhlíonann treoir sláinte phoiblí Covid-19 agus ceanglais scartha sóisialta go hiomlán.
  6. Ba cheart go ndéanfaí gach caibidlíocht idir na páirtithe in aon imeachtaí/iarratas os comhair Mháistir na hArd-Chúirte roimh an dáta éisteachta leithdháilte agus i gcúinsí a chloíonn go hiomlán le treoir sláinte phoiblí Covid 19 agus ceanglais scartha sóisialta.
  7. Ní mór aon chineál comhairliúcháin nó rannpháirtíochta idir na páirtithe nó amhail idir aturnae agus abhcóide a bheith ar siúl lasmuigh d’fhoirgneamh na gCeithre Cúirteanna agus i gcónaí i gcúinsí a chloíonn go hiomlán le treoir sláinte phoiblí Covid 19 agus ceanglais scartha sóisialta.
  8. Comhlíonfaidh cleachtóirí aon treoracha a thabharfaidh pearsanra na Seirbhíse Cúirteanna maidir le cúrsaí sláinte agus sábháilteachta Covid-19.
  9. Coinneofar sábháilteacht chleachtóirí agus phearsanra na Seirbhíse Cúirteanna a bhaineann le Cúirt an Mháistir faoi athbhreithniú leanúnach. Más é an chomhairle sláinte agus sábháilteachta ag am ar bith gur cheart liosta Chúirt an Mháistir a chur siar ar chúiseanna a bhaineann le Covid-19, cuirfear an chomhairle sin i bhfeidhm láithreach.

Mary Irvine
30 Aibreán 2021

High court