HC113

Liosta na Cúirte Tráchtála

Eisíonn Uachtarán na hArd-Chúirte leis seo an Treoir Chleachtais seo a leanas de réir alt 11(12) agus (13) den Acht um an Dlí Sibhialta agus an Dlí Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2020.

Réamhrá

  1. Ba cheart an Treoir Cleachtais seo a léamh le Treoir Chleachtais na hArd-Chúirte HC93. Tá an Treoir Cleachtais seo beartaithe chun Treoir Chleachtais HC93 a fhorlíonadh, ní chun teacht ina hionad. Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, gur cheart na tagairtí i dTreoir Chleachtais AC93 do leabhair pháipéir a thaisceadh in oifig an Chláraitheora nó i ndorchla an Chláraitheora a léamh anois mar thagairtí don Seomra Liosta. Tá an Treoir Chleachtais seo beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar fhormáid leabhair leictreonach na bpáipéar agus ar an mbealach ar cheart iad a tharchur chuig an gcúirt.

Úsáid Leabhar Leictreonach agus an Gá Leanúnach atá le Leabhair Chóip Chrua don Chúirt

  1. Le haghaidh trialacha agus foriarratas, mura n-ordaítear a mhalairt, tá cóip chrua de na leabhair pháipéir chomh maith le cóip leictreonach ag teastáil ón gCúirt. I gcásanna ina bhfuil leabhar na n-údarás leitheadach, ba cheart do chleachtóirí a chinntiú go bhfuil na croí-údaráis sa chóip chrua. Is féidir údaráis imeallacha a chur san áireamh sa chóip leictreonach amháin. Ba cheart go leanfaí le leabhair chóip chrua a chomhdú leis an bPríomh-Oifig mar is gnách. I gcás foriarratas, ní mór cóipeanna crua de pháipéir a thaisceadh sa Seomra Liosta tráth nach déanaí ná 4.30pm ar an gCéadaoin roimh an Luan a bhfuil an foriarratas inchurtha ar ais ina leith ar an Liosta Tráchtála. Ní mór cóipeanna crua de pháipéir trialach a thaisceadh sa Seomra Liosta tráth nach déanaí ná 4.30 pm ar an gCéadaoin den tseachtain roimh an triail. Baineann na teorainneacha ama céanna le tarchur leabhar leictreonach chuig an gCláraitheoir Liosta Tráchtála. Tugtar aghaidh i míreanna 4 go 6 thíos ar an mbealach inar cheart na leabhair leictreonacha a tharchur.
  2. Meabhraítear do chleachtóirí agus do dhlíthithe gan ionadaithe, faoi threoirlínte reatha COVID, nach mór coinní a dhéanamh roimh ré leis an bPríomh-Oifig chun coinne a fháil ar mhaithe leis na leabhair chruachóipe ábhartha a chomhdú.

Na Modhanna chun Leabhair Leictreonacha a Tharchur chuig an gCúirt

  1. Bíonn deacrachtaí ag an gCúirt uaireanta teacht ar leabhair a seoladh go leictreonach chuig Cláraitheoir an Liosta Tráchtála. D’eascair sé seo as na bearta slándála atá ann ar ardáin áirithe um chomhroinnt comhaid a úsáideann roinnt gnólachtaí aturnaetha. Uaireanta, bíonn pasfhocail chasta ag teastáil agus uaireanta ní féidir na doiciméid a íoslódáil ach ag an úsáideoir a seoltar chucu iad, i.e. an Cláraitheoir, seachas an Breitheamh a mbeidh siad le cur ar aghaidh chuige.
  2. Chun an fhadhb seo a réiteach, ní mór gach leabhar leictreonach a sheachadadh i ngach cás trí ríomhphost chuig an gCláraitheoir. Ba cheart na leabhair leictreonacha a ullmhú i bhformáid pdf. le hipearnaisc ó innéacs gach leabhair go gach doiciméad sa leabhar. Ba cheart go leanfadh na leabhráin leictreonacha foirm na leabhar cruachóipe go beacht agus ba cheart go mbeadh na leathanaigh roinnte go díreach mar a chéile leis na leabhair chóip chrua.
  3. Agus comhroinnt comhad á n-úsáid, ba cheart na doiciméid a íoslódáil ó nasc sa ríomhphost agus níor cheart go mbeadh aon bhearta slándála i bhfeidhm. Tá sé tábhachtach, nuair a chuirtear an ríomhphost ina bhfuil an nasc ar aghaidh ón gCláraitheoir chuig an mBreitheamh lena mbaineann, gur cheart go mbeadh an Breitheamh in ann na leabhair a íoslódáil gan ceanglas a bheith air/uirthi aon ghnéithe slándála den ardán comhroinnte comhad a nascleanúint. Ar an mbealach sin, ba cheart go mbeadh an Breitheamh in ann na comhaid a íoslódáil agus a shábháil go háitiúil, gan deacracht agus gan gá logáil isteach ar shuíomh gréasáin seachtrach.

Formáid na Leabhar Cúirte Leictreonach le haghaidh Foriarratais

  1. Ba cheart Leabhair Pdf. a chur ar fáil roinnte ina leathanaigh go cuí agus le hinnéacsanna ina bhfuil hipearnaisc ag dul chuig gach doiciméad.
  2. Ba cheart na bunleabhair seo a leanas a chur ar fáil: -
  1. Leabhar Pléadálacha in ord dáta ina bhfuil gach ceann díobh seo a leanas (a mhéid a seachadadh nó a rinneadh iad): -
  • An Toghairm
  • An mhionnscríbhinn atá ina foras leis an bhforiarratas atá le taifeadadh ar an Liosta Tráchtála
  • Meabhrán Láithris
  • Ráiteas Éilimh
  • Fógraí le haghaidh Sonraí agus Freagraí
  • Cosaint/Frithéileamh
  • Freagra
  • Aon Sonraí agus Freagraí ábhartha breise
  • Fógraí atá le Cur ar Fáil
  • Orduithe uile na Cúirte
  1. Beidh na nithe seo a leanas le háireamh i leabhar na bPáipéar Foriarratais: -
  • Fógra Foriarratais
  • Mionnscríbhinn Forais (le foilseáin mura bhfuil siad toirtiúil agus sa chás sin is féidir iad a sholáthar i leabhráin ar leith)
  • Aon Mhionnscríbhinní Freagartha agus malartuithe breise ar Mhionnscríbhinní
  • Aighneachtaí Scríofa an Pháirtí is Tionscnóir
  • Aighneachtaí Scríofa an Pháirtí is Freagróir
  1. Beidh na nithe seo a leanas le háireamh i leabhar na nÚdarás ina mbeidh na hÚdaráis Iomchuí ó gach páirtí:-
  • Cóip d’fhorálacha Rialacha na nUaschúirteanna faoina n-iarrtar an faoiseamh (más infheidhme)
  • Na forálacha reachtúla ábhartha go léir;
  • Croí-Údaráis is dóichí a luafar le linn aighneachtaí ó bhéal.
  1. I gcás údaráis eile atá níos imeallaí do na haighneachtaí, mar shampla i gcás ina bhféadfadh breithiúnas a bheith ag brath ar bhreithiúnas/breithiúnais eile, ba cheart na húdaráis eile sin a chuimsiú i leabhar ar leith d’údaráis nach croí-údaráis iad. Tá sé inghlactha más i bhfoirm leictreonach amháin a chuirtear na húdaráis fhorimeallacha seo ar fáil.

Formáid na Leabhar Cúirte Leictreonach le haghaidh Trialach

  1. Cosúil le foriarratas, ba cheart Leabhair Pdf. a chur ar fáil roinnte ina leathanaigh go cuí agus le hinnéacsanna ina bhfuil hipearnaisc ag dul chuig gach doiciméad.
  2. Ba cheart na bunleabhair seo a leanas a chur ar fáil:-
  1. Leabhar Pléadálacha in ord dáta, mar seo a leanas: -
  • Toghairm
  • Meabhrán Láithris
  • Ráiteas Éilimh
  • Fógraí le haghaidh Sonraí agus Freagraí
  • Cosaint/Frithéileamh
  • Freagra
  • Aon Sonraí agus Freagraí ábhartha breise
  • Fógraí atá le Cur ar Fáil
  • Na hOrduithe a rinne an Chúirt
  1. Leabhar na gcroí-dhoiciméad
    Ba cheart go mbeadh an bunábhar a bhfuil sé beartaithe ag gach páirtí aghaidh a thabhairt air ag triail na caingne san áireamh sa leabhar seo. Ba cheart go mbeadh sé i bhformáid a chomhaontaítear idir na páirtithe tamall maith roimh an triail agus ba cheart go mbeadh an tagairt follasaithe ábhartha ón bhfollasú a rinne na páirtithe san áireamh (i gcás inar doiciméad é a d’aimsigh páirtí amháin nó an dá pháirtí).
     
  2. Leabhar aighneachtaí dlíthiúla ina bhfuil:
  • Aighneachtaí Scríofa an Ghearánaí
  • Aighneachtaí Scríofa an Chosantóra
  • Aon aighneachtaí Scríofa eile (ó Pháirtithe Fógra/Tríú Páirtithe srl)
  1. Leabhar ráitis finnéithe ó gach páirtí
    Ba chóir go mbeadh cóipeanna sa leabhar seo freisin d’aon ábhar a cuireadh i gceangal le bunráitis na bhfinnéithe mar a seachadadh iad
  2. Beidh na nithe seo a leanas le háireamh i leabhar na nÚdarás ina mbeidh na hÚdaráis Iomchuí ó gach páirtí: -
  • Cóip d’ordú Rialacha na nUaschúirteanna faoina n-iarrtar aon fhaoiseamh (más infheidhme)
  • Cóip d’aon fhorálacha reachtúla ábhartha.
  • Na Croí-Údaráis is dóichí a luafar le linn aighneachtaí ó bhéal
  1. I gcás údarás eile atá níos imeallaí do na haighneachtaí, mar shampla i gcás ina bhféadfadh breithiúnas a bheith ag brath ar bhreithiúnas/breithiúnais eile, d'fhéadfaí na húdaráis eile sin a chuimsiú i leabhrán údaráis nach croí-údaráis iad. Tá sé inghlactha más i bhfoirm leictreonach amháin a chuirtear na húdaráis fhorimeallacha seo ar fáil

Mary Irvine
Uachtarán na hArd-Chúirte
14 Aibreán 2022

High court