HC121

Athbhreithniú Coimircithe Cúirte de bhun A.107 nó A.108 den Acht um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas)

Treoir Chleachtais AC 121

Coimircithe Cúirte

Eisímse, David Barniville, Uachtarán na hArd-Chúirte, leis seo an treoir chleachtais seo a leanas a bhaineann le hiarratais de bhun Cuid 10 den Acht um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas), 2015, arna leasú leis an Acht um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas) (Leasú), 2022 (dá ngairtear “an tAcht" ina dhiaidh seo) agus na doiciméid a bheidh ag gabháil le gach iarratas faoi Chuid 10. Tiocfaidh an Treoir Chleachtais seo i bhfeidhm ar an 11ú lá de Bhealtaine 2023.

  1. Déanfar gach iarratas ar éisteacht ar athbhreithniú de bhun a.107(1) nó a.108(1) den Acht le Fógra Foriarratais, forasaithe ar Mhionnscríbhinn arna mionnú ag an iarratasóir nó thar ceann an iarratasóra, agus Mionnscríbhinn Seirbheála.
     
  2. Más rud é nach coimircí cúirte an t-iarratasóir, ainmneoidh an t-iarratasóir aturnae neamhspleách don choimircí cúirte chun críche an iarratais agus soláthróidh sé sonraí faoin ainmniúchán do Chláraitheoir na gCoimircithe Cúirte, mar aon le tuairim an iarratasóra i dtaobh an bhfuil sé riachtanach nó cuí don Chúirt an t-aturnae neamhspleách ainmnithe a cheapadh agus na cúiseanna atá leis an tuairim sin. Cinnfidh an Chúirt an gceapfaidh sí aon aturnae neamhspleách agus féadfaidh sí, faoi réir a cheadaithe, an t-aturnae neamhspleách ainmnithe nó cibé aturnae neamhspleách eile a mheasann an Chúirt a bheith cuí a cheapadh.
     
  3. Ceapfaidh Cláraitheoir na gCoimircithe Cúirte síciatraí comhairleach neamhspleách ón bpainéal arna bhunú de bhun a.105 den Acht chun an coimircí cúirte a scrúdú agus tuarascáil a thabhairt don Chúirt ar thorthaí an scrúdaithe, agus, go háirithe, an bhfuil, i dtuairim an tsíciatraí, neamhord meabhrach ar an gcoimircí cúirte.
     
  4. Déanfar tuarascáil an tsíciatraí chomhairligh neamhspleách a tharchur chuig an iarratasóir le haghaidh seirbheála ar an gcoimircí cúirte (murab ionann an coimircí cúirte agus an t-iarratasóir) nó chuig a (h)aturnae neamhspleách (i gcás ina gceaptar duine), chuig cúramaí an choimircí cúirte, chuig an síciatraí comhairleach atá freagrach as cúram nó cóireáil an choimircí cúirte (an “Síciatraí Freagrach”) agus aon pháirtí eile a ordóidh an Chúirt.
     
  5. Déanfar tuarascáil an tSíciatraí Fhreagraigh a fhoilseánadh ar mhionnscríbhinn arna mionnú ag an síciatraí comhairleach sin go n-áireofar léi deimhneasc á fhíorú. Ní mór don iarratasóir an mhionnscríbhinn leighis a fhoilseánann tuairisc an tSíciatraí Fhreagraigh a thaisceadh in Oifig na gCoimircithe Cúirte, a luaithe is féidir, ach i gcás ar bith, laistigh de thrí seachtaine ó sheirbheáil thuarascáil an tsíciatraí chomhairligh neamhspleách nó cibé tréimhse sínte breise a cheadóidh an Chúirt.
     
  6. Ní mór Foirm WOC1 a chomhlánú agus a bheith in éineacht le gach iarratas a dhéantar ar an liosta coimircíochta, lena n-áirítear na hiarratais agus na hathbhreithnithe is ábhar don Treoir Chleachtais seo.
     
  7. Ní mór go n-áireofaí sa Mhionscríbhinn Seirbheála/sna Mionnscríbhinní Seirbheála deimhnisc maidir leis na nithe seo a leanas:
  1. Seirbheáil an iarratais ar an gcoimircí cúirte (murab ionann an coimircí agus an t-iarratasóir) nó ar a (h)aturnae neamhspleách (i gcás ina gceaptar duine), ar an gcúramaí agus ar aon duine eile a theastaíonn;
  2. Seirbheail na tuarascála ón síciatraí comhairleach neamhspleách de réir alt 4 thuas: agus
  3. Freagra agus freagairt an choimircí cúirte (nuair is infheidhme).
  1. An t-aturnae neamhspleách nó, mura gceaptar aon aturnae neamhspleách, caithfidh an Cúramaí Mionnscríbhinn a mhionnú, agus ní mór go n-áireofaí na deimhnisc seo a leanas:
  1. Ag dearbhú gur cuireadh míniú ar an iarratas agus impleachtaí an mhéid chéanna ar fáil don choimircí cúirte;
  2. Freagra agus freagairt an choimircí cúirte; agus
  3. Na hiarrachtaí a rinneadh chun socrú a dhéanamh go mbeidh an coimircí cúirte i láthair don iarratas de réir fhorálacha a.139 den Acht.
  1. Seachtain amháin roimh an dáta a thugtar don éisteacht, ní mór don iarratasóir leabhrán éisteachta (An Leabhrán Éisteachta”) a thaisceadh le hOifig na gCoimircithe Cúirte go leictreonach agus i bhfoirm páipéir agus é a sheirbheáil ar na páirtithe eile.
     
  2. Ní mór an Leabhrán Éisteachta a bheith táblaithe agus uimhrithe. Ní mór dó a bheith san ord seo a leanas:
  1. Foirm WOC 1;
  2. Fógra Foriarratais;
  3. An mhionnscríbhinn forais le foilseáin;
  4. Tuarascáil an tsíciatraí chomhairligh neamhspleách le foilseáin;
  5. Mionnscríbhinn an tSíciatraí Fhreagraigh le foilseáin;
  6. An tOrdú is déanaí lena gcoinnítear an coimircí;
  7. Aon Orduithe a thugann treoracha maidir le héisteacht an athbhreithnithe de bhun a.107 nó a.108 den Acht;
  8. Dréacht den Ordú beartaithe atá á lorg ag an iarratasóir;
  9. Mionnscríbhinn Seirbheála;
  10. Mionnscríbhinn an aturnae neamhspleách nó an Chúramaí dá dtagraítear i mír 8 thuas; agus
  11. Aon mhionnscríbhinní ábhartha eile
  1. Beidh feidhm ag míreanna 3 go 10 den Treoir Chleachtais seo maidir le hathbhreithnithe ina dhiaidh sin mar a fhoráiltear in a.107(3) agus a.108(3) den Acht.
  2. Fanfaidh an Treoir Chleachtais seo i bhfeidhm go dtí go bhfógrófar a mhalairt.

 

__________
David Barniville
Uachtarán na hArd-Chúirte
11ú lá de Bhealtaine 2023

High court