HC39

An tAcht um Choimisiúin Imscrúdaithe 2004

1. Cuirfear i bhfeidhm na nósanna imeachta seo a leanas i gcás iarratas chuig an Ard-Chúirt faoin Acht um Choimisiúin Imscrúdaithe, 2004 ("an tAcht") ar fheitheamh theacht i bhfeidhm na rialacha cúirte a rialóidh an nós imeachta in imeachtaí den saghas seo.

2. Aon iarratas a dhéanfar faoi aon cheann de na hailt a leanas, déanfar é le fógra foriarratais tionscnaimh ("an fógra foriarratais"):

(a) iarratas ar threoir faoi mhír (a) d'alt 11(3) den Acht;

(b) iarratas ar ordú faoi alt 16(6) den Acht;

(c) iarratas ar ordú faoi alt 17(3) ag daingniú treorach ó choimisiún imscrúdaithe ("coimisiún") costais a íoc faoi fho-ailt (1) nó (2) d'alt 17 den Acht;

(d) iarratas ar ordú faoi alt 21(7) den Acht;

(e) achomharc i gcoinne cinneadh coimisiúin faoi alt 22(1) den Acht;

(f) iarratas ar ordú faoi alt 35(1)(b) den Acht;

(g) iarratas ar threoracha faoi alt 35(2)(b) den Acht;

(h) iarratas ar threoracha faoi 38(2) den Acht.

3. (1) Cuirfear teideal an fhógra foriarratais isteach le hábhar alt cuí an Achta atá an t-iarratas á dhéanamh dá bhun, ar iarratas an iarratasóra. Nuair atá orduithe, treoracha nó faoisimh eile á n-iarraidh i gcoinne duine nó daoine ar leith, cuirfear i dteideal an fhógra foriarratais gur idir an t-iarratasóir agus an duine nó na daoine cuí mar fhreagróirí é agus léireofar ainmneacha agus seoltaí gach fhreagróra. Sonróidh an fógra foriarratais na faoisimh ar leith atá á n-iarraidh i gcoinne gach fhreagróra agus foráil nó forálacha ar leith an Achta a údaraíonn deonú an fhaoisimh sin.

(2) Forásfar an fógra foriarratais ar mhionnscríbhinn a mhionnaíonn an t-iarratasóir nó a mhionnaítear thar a cheann, agus seirbheálfar, mar aon le cóip den mhionnscríbhinn agus aon fhoilseáin a ghabhann léi, ar gach freagróir agus ar aon duine nó daoine eile de réir mar a threoraíonn an chúirt. Bainfidh forálacha Ordú 52, riail 6, de Rialacha na nUaschúirteanna (maidir le fógra) le seirbheáil an fhógra foriarratais.

4. Seachas nuair a threoraíonn an chúirt a mhalairt, i gcás iarratais ar threoir faoi mhír (a) d'alt 11(3) den Acht, gabhfaidh clúdach séalaithe leis an mionnscríbhinn, ina mbeidh mionsonraí nó trascríbhinn na fianaise, nó (de réir mar is cuí) fíorchóip den doiciméad atáthar ag iarraidh a nochtadh nó a fhoilsiú, clúdach nach n-osclófar ach ar threoir ón gcúirt. Bainfidh an nós imeachta seo le tagairtí a ndéanfar don fhianaise nó don doiciméad seo in aon mhionnscríbhinn eile maidir leis an iarratas.

5. I gcás iarratais ar ordú faoi alt 16(6) den Acht, sonróidh an fógra foriarratais an treoir a thug an coimisiún agus a bhfuiltear ag iarraidh go gcomhlíonfar é agus an faoiseamh atá á iarraidh ón gcúirt i dtreo is go mbeidh éifeacht iomlán ag an treoir. I gcásanna inar tugadh an treoir seo i scríbhinn, gabhfaidh fíorchóip den doiciméad ina bhfuil an treoir leis an mionnscríbhinn forais.

6. I gcás iarratais ar ordú faoi alt 17(3) den Acht, sonróid h an mhionnscríbhinn forais an bunús ar ar threoraigh an coimisiún, faoi fo-alt (1) nó (2) d'alt 17 den Acht, de réir mar is cuí, go n-íocfadh an freagróir na costais.

7. I gcás iarratais ar ordú faoi alt 21(7) den Acht, sonróidh an fógra foriarratais an achainí a rinne an coimisiún ar an bhfreagróir faoi alt 21(5) den Acht agus, i gcásanna ina rinneadh an achainí seo i scríbhinn, gabhfaidh fíorchóip den achainí leis an mionnscríbhinn forais.

8. I gcás achomharc i gcoinne cinneadh coimisiúin faoi alt 22(1) den Acht,

(a) Sonróidh an fógra foriarratais an achainí, ceist nó treoir, dá dtagraítear in alt 21(2) den Acht, dár fhreagair an freagróir go raibh sé i dteideal gan aon fhaisnéis a nochtadh nó doiciméad a thabhairt ar aird, agus

(b) taispeánfaidh an mhionnscríbhinn forais

(i) i gcásanna ina ndearnadh cinneadh an choimisiúin i dtaca le doiciméad, aon ráiteas scríofa a chuir an t-iarratasóir ar fáil faoi alt 21(4)(b) den Acht nó aon mhionnscríbhinn a chuir an t-iarratasóir ar fáil faoi alt 16(1)(f) den Acht, agus

(ii) fíorchóip den doiciméad, más ann, ina bhfuil nó ina dtaifeadtar an cinneadh a rinneadh an coimisiún faoi alt 21(2) den Acht a fhoilseánadh.

9. I gcás iarratais ar ordú faoi alt 35(1)(b) den Acht, taispeánfaidh an mhionnscríbhinn forais an dréacht-thuarascáil nó cuid den dréacht a fuair an t-iarratasóir.

10. I gcás iarratais ar threoracha faoi alt 35(2)(b) den Acht, foilseánfaidh an mhionnscríbhinn forais

(a) an dréacht-thuarascáil nó cuid den dréacht ar ábhar don iarratas í, agus

(b) an ráiteas scríofa a cuireadh faoi bhráid an choimisiúin faoi mhír (a) d'alt 35(1) den Acht.

11. I gcás iarratais ar threoracha faoi alt 38(2) den Acht, mura dtreoraíonn an chúirt a mhalairt, foilseánfaidh an mhionnscríbhinn forais, i gclúdach séalaithe, an chuid nó na codanna ábhartha de thuarascáil dheiridh nó eatramhach ar ábhar don iarratas í, clúdach nach n-osclófar é ach sa chúirt nó faoina treoir. Bainfidh an nós imeachta seo le tagairtí a ndéanfar don tuarascáil in aon mhionnscríbhinn eile maidir leis an iarratas.

12. Ar an dáta a céadsocraíodh d'éisteacht an fhógra fhoriarratais (nó ag aon éisteacht atrátha), is féidir leis an gCúirt treoracha agus orduithe a thabhairt, lena n-áirítear teorainneacha ama a shocrú, do stiúradh na n-imeachtaí de réir mar is áisiúil d'fhonn iad a chinneadh ar bhealach cóir, tapa, agus ar dhócha costais na n-imeachtaí a íoslaghdú, lenar féidir go n-áirítear:

(a) treoracha maidir le seirbheáil an fhógra fhoriarratais ar aon duine eile, lena n-áirítear modh a sheirbheála agus an t-am ina gceadaítear é a sheirbheáil (agus chuige sin is féidir leis an gcúirt éisteacht fhógra an fhoriarratais nó aon éisteacht bhreise dá leithéid d'iarratas a chur ar atráth go dáta eile a shonrófar) agus

(b) treoracha maidir le seirbheáil aon mhionnscríbhinne eile thar cheann páirtí ar bith sna himeachtaí ar pháirtí nó pháirtithe ar bith eile.

13. Fágfar gan éifeacht an treoir chleachtais seo ar theacht i bhfeidhm na rialacha cúirte dá dtagraítear thuas.

Arna dhátú an 21ú lá seo de mhí Iúil, 2005
Uachtarán na hArd-Chúirte

High court