HC93

Treoir Chleachtais Athbhreithnithe don Liosta Tráchtála

TÉARMA NA TRÍONÓIDE 2020
LIOSTA TRÁCHTÁLA

TREOIR CHLEACHTAIS AC93

Tagann an Treoir Chleachtais seo in ionad AC50 (arna leasú) a tháinig i ngníomh ar an 12 Aibreán, 2019. Beidh feidhm ag an Treoir Chleachtais seo le héifeacht ón 20 Iúil, 2020.

  1. Ní mór Deimhniú an Aturnae a eisíodh de réir O.63A, r. 4 (2) de Rialacha na nUaschúirteanna (na “Rialacha”) lena bhforasaítear iarratas chun cás a thaifeadadh ar an Liosta Tráchtála a bheith sínithe ag Abhcóide aonair atá agus a bheidh freagrach as seoladh an cháis.  Ní leor an Deimhniú a bheith sínithe in ainm gnólachta.  Ba cheart go luafar sa Deimhniú lena lorgaítear taifeadadh ar an Liosta an t-alt/na hailt de O.63A r. 1 faoina ndéantar an t-iarratas.
  2. Mar aon leis an ábhar eile a fhorordaítear leis na Rialacha, ní mór go mbeadh gealltanais an aturnae don chúirt i nDeimhniú den sórt sin –
  1. i gcás ina nglacfar an cás ar an Liosta Tráchtála, go ndéanfaidh an t-aturnae sin dianiarracht a chinntiú go gcomhlíonfar treoracha na cúirte ina n-iomláine; agus
  2. go ndéanfaidh an t-aturnae dianiarracht, laistigh de 14 lá ó dheireadh an cháis san Ard-Chúirt, pé acu trí chomhaontú, trí scor, trí scriosadh amach, trí dhíbhe nó trí ordú cúirte eile agus is cuma más roimh thaifeadadh ar an Liosta Tráchtála nó tar éis sin a tharlaíonn sé, Cás-Tuairisc a chur isteach go leictreonach ag commercialdata@courts.ie san fhormáid arna foilsiú ar rannán na hArd-Chúirte de shuíomh gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna www.courts.ie ar dháta foilsithe na Treorach Cleachtais seo. 
  1. Déanfar iarratas ar chás a thaifeadadh ar an Liosta Tráchtála a bhfuil Deimhniú nach gcomhlíonann forálacha míreanna 1 agus 2 den treoir seo ina fhoras air a dhiúltú.
  2. Nuair a dhéantar cás a thaifeadadh ar an Liosta Tráchtála, beidh ceanglas ar an bhfreagróir aturnae ar leith a ainmniú a bheidh freagrach as comhlíonadh threoracha na cúirte a chinntiú. 
  3. Foriarratais:
  1. Ní mór don pháirtí tionscanta sraith de pháipéir i gcóip chrua i leith foriarratais atá le héisteacht ag an mBreitheamh atá i bhfeighil ar an Liosta Tráchtála ar an Luan a thaisceadh in Oifig an Chláraitheora os cionn Phríomh-Oifig na hArd-Chúirte faoi 4.30pm ar an gCéadaoin roimh liosta foriarratais an Luain. Ní mór cóipeanna boga a sheoladh trí ríomhphost chuig mwhite@courts.ie faoin am céanna. Tabhair faoi deara, mura ndéantar amhlaidh, féadfar an foriarratas a chur ar atráth go dtí an Luan ina dhiaidh sin. Ní mór go mbeadh na horduithe ábhartha a rinne an chúirt go léir sna páipéir sin.
  2. Ní ghlacfaidh an Cláraitheoir le haon ríomhphost i leith foriarratais ar an liosta foriarratas ná ní bhreithneoidh an chúirt iad má sheoltar tar éis 3pm ar an Aoine roimh liosta foriarratais an Luain iad ach amháin i gcás ríomhphoist ina bhfuil treoruithe agus orduithe comhaontaithe agus in imthosca fíor-eisceachtúla eile ar mhaithe leis an gceartas. Má bhaineann ríomhphoist a sheoltar tar éis an ama sin le foriarratas ar an liosta, cuirfear an foriarratas ar atráth, go dtí an Luan ina dhiaidh sin de ghnáth, ionas go bhféadfaidh an chúirt iad a bhreithniú leis na páipéir eile a taisceadh don fhoriarratas sin.
  3. Tionólfar an Liosta Foriarratais Tráchtála go cianda go dtí go bhfógrófar a mhalairt. Cuirfear Uimhir Sheomra Fíorúil na Cúirte agus treoracha ábhartha do chleachtóirí ar fáil  do bhaill trí shuíomh gréasáin Dhlí-Chumann na hÉireann agus suíomh gréasáin Bharra na hÉireann:
    https://members.lawlibrary.ie/members-area/covid/it-help/
    https://www.lawsociety.ie/remotehearings
  1. Trialacha:
    Ní mór páipéir i gcóip chrua le haghaidh trialacha a sheachadadh chuig Oifig an Chláraitheora os cionn na Príomh-Oifige tráth nach déanaí ná 4.30pm ar an gCéadaoin roimh an tseachtain atá liostaithe chun tús a chur leis an triail. Ní mór páipéir i gcóip bhog a sholáthar mar a ordóidh an chúirt.
  2. Gach Aoine le linn an téarma beidh glaoch ag 10.45 am os comhair an Bhreithimh atá i gceannas ar an Liosta Tráchtála de na cásanna atá liostaithe lena n-éisteacht an tseachtain ina dhiaidh sin.  Is é aidhm an ghlaoigh seo ná a chinntiú go gcomhlíontar na treoruithe réamhthrialach ar fad a thug an chúirt go hiomlán agus go bhfuil an cás réidh le dul ar aghaidh.
  3. Tionólfar glaoch na gcásanna Tráchtála go cianda go dtí go bhfógrófar a mhalairt.  Cuirfear Uimhir Sheomra Fíorúil na Cúirte agus treoracha ábhartha do chleachtóirí ar fáil  do bhaill trí shuíomh gréasáin Dhlí-Chumann na hÉireann agus suíomh gréasáin Bharra na hÉireann:
    https://members.lawlibrary.ie/members-area/covid/it-help/
    https://www.lawsociety.ie/remotehearings
  4. I gcás ina socraítear cás roimh dháta a thrialach, tá sé de dhualgas ar an aturnae don pháirtí tionscanta an méid sin a chur in iúl don Chláraitheoir láithreach ar ríomhphost.
  5. Ní mór gach páipéar a thaisctear sa Seomra Liosta a bheith ceangailte, innéacsaithe agus uimhrithe i gceart.   

Mary Irvine
Uachtarán na hArd-Chúirte
15 Iúil 2020

High court