Ordú 63A

Imeachtaí Trachtála : I.R. Uimh. 2 de 2004

I. Réamhráiteach

Mínithe
1. San Ordú seo, mura n-éileoidh an comhthéacs nó an t-ábhar a mhalairt—

ciallaíonn “Liosta Tráchtála” an liosta ina mbeidh imeachtaí

taifeadta de réir riail 4 den Ordú seo;

ciallaíonn “imeachtaí tráchtála”:

(a) imeachtaí i leith aon éilimh nó frithéilimh, nach éileamh ná frithéileamh ar dhamáistí i leith díobhálacha pearsanta, a éiríonn as aon cheann amháin nó níos mó, nó a bhaineann le haon cheann amháin nó níos mó, de na nithe seo a leanas:

(i) doiciméad gnó, conradh gnó nó díospóid ghnó i gcás nach lú ná €1,000,000 luach an éilimh nó an fhrithéilimh;
(ii) cinneadh a dhéanamh ar aon cheist forléiriúcháin a éiríonn i leith doiciméid gnó nó conartha gnó i gcás nach lú ná €1,000,000 luach an idirbhirt is ábhar don chéanna;

(iii) tráchtearraí a cheannach nó a dhíol i gcás nach lú ná €1,000,000 luach an éilimh nó an fhrithéilimh;

(iv) earraí a onnmhairiú nó a allmhairiú i gcás nach lú ná €1,000,000 luach an éilimh nó an fhrithéilimh;

(v) earraí a iompar ar talamh, ar muir, san aer nó trí phíblíne i gcás nach lú ná €1,000,000 luach an éilimh nó an fhrithéilimh;

(vi) cúltaca ola nó gáis nó aon acmhainn nádúrtha eile a shaothrú i gcás nach lú ná €1,000,000 luach an éilimh nó an fhrithéilimh;

(vii) árachas nó athárachas i gcás nach lú na €1,000,000 luach an éilimh nó an fhrithéilimh;

(viii) seirbhísí a sholáthar (gan seirbhísí liachta, cuasai-liachta nó fiaclóireachta nó aon seirbhís a sholáthraítear faoi chonradh fostaíochta a áireamh) i gcás nach lú ná €1,000,000 luach an éilimh nó an fhrithéilimh;

(ix) oibriú margaí nó malartán i stoic, i scaireanna nó in ionstraimí eile airgeadais nó infheistíochta, nó i dtráchtearraí i gcás nach lú ná €1,000,000 luach an éilimh nó an fhrithéilimh;

(x) tógáil aon fheithicle, soithigh nó aerárthaigh i gcás nach lú ná €1,000,000 luach an éilimh nó an fhrithéilimh;

(xi) gníomhaireacht ghnó i gcás nach lú ná €1,000,000 luach an éilimh nó an fhrithéilimh;


(b) imeachtaí i leith aon éilimh nó frithéilimh eile, nach éileamh ná frithéileamh ar dhamáistí i leith díobhálacha pearsanta, a measann Breitheamh an Liosta Tráchtála, ag féachaint don ghné thráchtála agus d’aon ghné eile den chéanna, gur cuí é a thaifeadadh sa Liosta Tráchtála;
(c) aon iarratas nó imeachtaí faoi na hAchtanna Eadrána, 1954 go 1998 (seachas iarratas de bhun alt 5 den Acht Eadrána, 1980 chun bac a chur ar imeachtaí i leith ábhair a tarchuireadh chun eadrána) i gcás nach lú ná €1,000,000 luach an éilimh nó luach aon fhrithéilimh;

(d) aon imeachtaí a thionscnaítear nó aon iarratas nó tarchur a dhéantar nó achomharc a thaisctear faoi fhorálacha Acht na bPaitinní, 1992, gan iarratas faoi alt 108(4) den Acht sin a áireamh;

(e) aon imeachtaí a thionscnaítear, aon iarratas a dhéantar nó aon achomharc a thaisctear—


(i) faoi Acht na dTrádmharcanna, 1996;
(ii) faoin Acht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar, 2000;

(iii) faoin Acht um Dhearaí Tionscail, 2001;


(f) aon imeachtaí a thionscnaítear le haghaidh faoisimh i leith bréagthairisceana;
(g) aon achomharc i gcoinne breithe nó cinnidh nó ordacháin arna tabhairt, arna dhéanamh nó arna thabhairt ag duine nó comhlacht atá údaraithe le reacht chun breith nó cinneadh nó ordachán den sórt sin a thabhairt nó a dhéanamh, nó aon iarratas ar athbhreithniú breithiúnach ar bhreith, cinneadh nó ordachán den sórt sin, i gcás go measann Breitheamh an Liosta Tráchtála, ag féachaint do ghné tráchtála an achomhairc nó an iarratais nó d’aon ghné eile den chéanna, gur cuí an t-achomharc nó an t-iarratas a thaifeadadh sa Liosta Tráchtála;

ciallaíonn “éisteacht ordachán tosaigh” éisteacht de réir rialacha 4(5)(b) nó 6 den Ordú seo chun ordacháin a thabhairt nó chun orduithe a dhéanamh maidir leis na himeachtaí a ullmhú le haghaidh trialach agus cásbhainistiú, agus chun na gcríoch eile a luaitear i riail 6;
ciallaíonn “Breitheamh an Liosta Tráchtála” an Breitheamh den Ard-Chúirt atá sannta de thuras na huaire ag Uachtarán na hArd-Chúirte chun feidhmeanna Bhreitheamh an Liosta Tráchtála, a thugtar leis an Ordú seo, a chomhlíonadh;

ciallaíonn “Breitheamh” aon Bhreitheamh den Ard-Chúirt, lena n-áirítear Breitheamh an Liosta Tráchtála, atá sannta de thuras na huaire ag Uachtarán na hArd-Chúirte chun imeachtaí, nó chun aon iarratas i ndáil le himeachtaí, arna chinneadh;

ciallaíonn “Cláraitheoir” an cláraitheoir atá sannta, de thuras na huaire agus le ceadú ó Uachtarán na hArd-Chúirte, ag an oifigeach ag a bhfuil bainistiú na Príomh-Oifige de thuras na huaire, chun na feidhmeanna Cláraitheora a thugtar leis an Ordú seo a chomhlíonadh;
Feidhm an Ordaithe seo

2. Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite leis an Ordú seo, i gcás go n-éireoidh aon easaontas idir foráil d’aon riail den Ordú seo agus aon fhoráil eile de na Rialacha seo, beidh forlámhas ag an bhforáil den riail den Ordú seo i leith aon imeachtaí arna dtaifeadadh sa Liosta Tráchtála de réir riail 4 den Ordú seo.


Foirmeacha a úsáid

3. (i) Déanfar na foirmeacha i bhFoscríbhinn X a ghabhann leis na Rialacha seo a úsáid mar a fhoráiltear san Ordú seo in iarratais chun imeachtaí a thaifeadadh sa Liosta Tráchtála nó in imeachtaí arna dtaifeadadh sa Liosta Tráchtála, de réir mar a bheidh, le cibé athruithe a cheadóidh Breitheamh an Liosta Tráchtála nó an Cláraitheoir nó de réir mar is gá sna himthosca. Déanfar na hordacháin in aon fhoirm a chomhall i ndáil leis an gcéanna. I gcás na foirmeacha sin a bheith infheidhme, aon chostais de dhroim mainneachtain forálacha aon rialach a bhaineann le hábhar foirme a chomhlíonadh nó mainneachtain aon ordacháin atá i bhfoirm a chomhlíonadh, is é an páirtí a bheidh ag úsáid an chéanna a íocfaidh iad nó is dó a dhílámhálfar iad, mura n-ordóidh an Breitheamh a mhalairt.

(ii) Is é an teideal a bheidh ar iarratais a dhéantar chuig Breitheamh an Liosta Tráchtála chun imeachtaí a thaifeadadh sa Liosta Tráchtála agus ar na himeachtaí go léir arna dtaifeadadh sa liosta sin:


“An Ard-Chúirt
Tráchtáil”.


Taifeadadh sa Liosta Tráchtála


4. (i) Ar iarratas a bheith déanta de réir fho-riail 2 den riail seo, féadfar imeachtaí tráchtála a thaifeadadh sa Liosta Tráchtála le hordú ó Bhreitheamh an Liosta Tráchtála.

(ii) Féadfaidh páirtí in imeachtaí tráchtála:

(a) aon tráth roimh dheireadh pléadálacha, i gcás imeachtaí iomlánacha, nó
(b) aon tráth roimh chomhdú mionnscríbhinní a chríochnú, i gcás imeachtaí achoimre nó aon imeachtaí eile atá le héisteacht ar mhionnscríbhinn gan phléadálacha,

trí fhoriarratas iar bhfógra chuig an bpáirtí eile nó na páirtithe eile sna himeachtaí sin, iarratas a dhéanamh chuig Breitheamh an Liosta Tráchtála ar ordú lena dtaifeadtar na himeachtaí sa Liosta Tráchtála. Cuirfear mar fhoscríbhinn leis an bhfógra foriarratais deimhniú ó aturnae an iarratasóra á rá maidir leis na himeachtaí gur cuí déileáil leo mar imeachtaí tráchtála de réir bhrí riail 1 den Ordú seo agus ina leagfar amach cibé fíorais a bhaineann leis na himeachtaí a thaispeánfaidh an méid sin.

(iii) Le linn an foriarratas dá dtagraítear i bhfo-riail 2 den riail seo a éisteacht, déanfaidh an t-iarratasóir an deimhniú a cuireadh mar fhoscríbhinn leis an bhfógra foriarratais, nó cóip dheimhnithe nó cóipeanna deimhnithe de, a thabhairt ar aird.

(iv) Ar an bhforiarratas dá dtagraítear i bhfo-riail 2 den riail seo a éisteacht, féadfaidh Breitheamh an Liosta Tráchtála a ordú go ndéanfar na himeachtaí a thaifeadadh sa Liosta Tráchtála, agus sa chás sin is chuig Breitheamh a dhéanfar na foriarratais nó na hiarratais go léir ina dhiaidh sin i leith na n-imeachtaí sin.

(v) I gcás go n-ordóidh Breitheamh an Liosta Tráchtála go ndéanfar imeachtaí a thaifeadadh sa Liosta Tráchtála de réir na rialach seo:

(a) socróidh sé dáta le haghaidh na héisteachta ordachán tosaigh; nó
(b) déileálfaidh sé le héisteacht an fhoriarratais mar an éisteacht ordachán tosaigh.

Ginearálta
5. Féadfaidh Breitheamh, aon tráth agus ó am go ham, uaidh féin agus tar éis na páirtithe a éisteacht, cibé ordacháin a thabhairt agus cibé orduithe a dhéanamh, lena n-áirítear teorainneacha ama a shocrú, maidir le seoladh na n-imeachtaí arna dtaifeadadh sa Liosta Tráchtála, is dealraitheach a bheith caoithiúil chun na himeachtaí a chinneadh ar mhodh a bheidh cóir agus dlúsúil agus ar dóigh dó costais na n-imeachtaí sin a íoslaghdú.


Ordacháin tosaigh

6. (i) Gan dochar do ghinearáltacht riail 5 den Ordú seo, féadfaidh Breitheamh, ag an éisteacht ordachán tosaigh—

(a) uaidh féin agus tar éis na páirtithe a éisteacht, nó
(b) ar iarratas ó pháirtí trí fhoriarratas iar bhfógra chuig an bpáirtí nó na páirtithe eile, a bheidh infhillte ar an éisteacht ordachán tosaigh, aon cheann de na hordacháin seo a leanas a thabhairt chun an cinneadh ar na himeachtaí a éascú ar an modh a luaitear sa riail sin:


(i) ordachán i dtaobh an leanfar leis na himeachtaí—
(I) fara pléadálacha agus éisteacht ar fhianaise bhéil,
(II) d’éagmais pléadálacha foirmiúla agus trí ráiteas maidir le saincheisteanna dlí nó fíorais, nó saincheisteanna dlí agus fíorais araon,

(III) d’éagmais pléadálacha foirmiúla, agus is imeachtaí atá le héisteacht ar mhionnscríbhinn fara fianaise bhéil, nó

(IV) d’éagmais pléadálacha foirmiúla, agus is imeachtaí atá le héisteacht ar mhionnscríbhinn d’éagmais fianaise béil;

(ii) ordachán lena socraítear aon saincheisteanna fíorais nó dlí atá le cinneadh sna himeachtaí;
(iii) ordachán chun na himeachtaí a chomhdhlúthú le cúis nó ábhar eile a bheidh ar feitheamh san Ard-Chúirt;

(iv) ordachán maidir leis na páirtithe, nó aon pháirtí díobh, do mhíniú saincheisteanna, lena n-áirítear meabhráin a mhalartú idir na páirtithe d’fhonn saincheisteanna a shoiléiriú;

(v) ordachán lena gceadaítear d’aon pháirtí a fhormhuiniú nó a phléadálacha a athrú nó a leasú, nó lena gceadaítear ráiteas maidir le saincheisteanna a leasú;

(vi) ordachán lena gceanglaítear agarcheisteanna a sheachadadh, nó doiciméid a fhollasú nó a iniúchadh;

(vii) ordachán lena gceanglaítear fiosrúcháin a dhéanamh nó cuntais a thógáil;

(viii) ordachán lena gceanglaítear liostaí doiciméad a chomhdú, cibé acu i gcoitinne nó i leith nithe sonracha;

(ix) ordachán lena n-ordaítear d’aon fhinnéithe saineolacha dul i gcomhairle lena chéile—

(a) chun na saincheisteanna a mbeartaíonn siad fianaise a thabhairt ina leith a shainaithint,
(b) chun teacht ar chomhaontú, más féidir, maidir leis an bhfianaise a bheartaíonn siad a thabhairt i leith na saincheisteanna sin, agus

(c) chun aon ní a bhreithniú a n-ordóidh an Breitheamh dóibh é a bhreithniú,

agus lena gceanglaítear ar na finnéithe sin sonraí i dtaobh thoradh a gcomhchomhairliúchán a thaifeadadh i meabhrán a bheidh le cur acu faoi bhráid an Chláraitheora i gcomhpháirt agus a dhéanfaidh siad a sheachadadh ar na páirtithe:
ar choinníoll nach mbeidh aon toradh den sórt sin ina cheangal ar aon slí ar na páirtithe;

(x) ordachán lena ndéantar foráil maidir le doiciméid nó faisnéis a mhalartú idir na páirtithe, nó maidir leis na páirtithe do tharchur doiciméad nó faisnéise chuig an gCláraitheoir go leictreonach ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha agus eisceachtaí a ordóidh Breitheamh;
(xi) ordachán maidir le haon fhinné a cheistiú faoi mhionn os comhair Breithimh, Cláraitheora nó oifigigh eile den Chúirt, nó aon duine eile, agus in aon áit, de réir Chuid II d'Ordú 39;

(xii) ordachán i dtaobh cibé acu ar chóir nó nár chóir do na himeachtaí, de bhua a gcastachta, líon na saincheisteanna nó na bpáirtithe, mhéid na fianaise, nó ar chúis speisialta eile, a bheith faoi réir cásbhainistiú de réir Rialacha 14 agus 15 den Ordú seo;

(xiii) ar iarratas ó aon cheann de na páirtithe nó uaidh féin, ordachán go gcuirfear na himeachtaí nó aon saincheist iontu ar atráth ar feadh cibé tréimhse ama is cuí leis, nach faide ná ocht lá is fiche, chun am a thabhairt do na páirtithe chun a bhreithniú cibé acu ar chóir na himeachtaí nó an tsaincheist sin a tharchur chuig próiseas idirghabhála, comhréitigh nó eadrána, agus i gcás go gcinnfidh na páirtithe na himeachtaí nó an tsaincheist a tharchur amhlaidh, ordachán go ndéanfar fadú ar an am a bheidh ag aon pháirtí chun aon fhoráil de na Rialacha seo nó aon ordú ón gCúirt a chomhlíonadh.

(ii) Gan dochar d’aon achtachán nó riail dlí ar dá bhua a bheidh doiciméid nó fianaise faoi phribhléid ó thaobh nochtadh, féadfaidh Breitheamh, chun cabhrú leis breith a thabhairt i dtaobh cibé acu a dhéanfaidh nó nach ndéanfaidh sé aon ordú nó a thabharfaidh nó nach dtabharfaidh sé aon ordachán de réir fho-riail 1 den riail seo, a ordú do na páirtithe, nó d’aon cheann díobh, faisnéis a sholáthar i leith na n-imeachtaí, lena n-áirítear:

(a) liosta de na daoine a bhfuiltear ag súil go dtabharfaidh siad fianaise;
(b) sonraí i dtaobh aon ní de chineál teicniúil nó eolaíochtúil a fhéadfaidh a bheith faoi shaincheist nó a fhéadfaidh a bheith ina ábhar d’fhianaise;

(c) meastachán réasúnaithe ar an tréimhse ama is dóigh a chaithfear—


(i) ar na himeachtaí a ullmhú le haghaidh trialach, agus
(ii) ar thriail na n-imeachtaí;


(d) sonraí i dtaobh aon socruithe idirghabhála, comhréitigh nó eadrána a fhéadfaidh a bheith ar fáil do na páirtithe.

(iii) Féadfaidh Breitheamh, más cuí leis, aon iarratas ar fhaoiseamh de chineál idirbhreitheach a éisteacht, cibé acu is de chineál urghaire nó eile é, ag an éisteacht ordachán tosaigh.
Foriarratais agus Iarratais

7. Déanfar na fógraí foriarratais, na hiarratais agus na mionnscríbhinní go léir nó na doiciméid eile go léir atá mar fhoras leis an gcéanna a thaisceadh leis an gCláraitheoir agus beidh orthu an cód nó an uimhir a shanntar don iarratas nó do na himeachtaí, de réir mar a bheidh, de réir riail 27 den Ordú seo.

8. (i) Féadfaidh Breitheamh a ordú go n-ullmhóidh na páirtithe i bhforiarratas nó in iarratas aighneacht i scríbhinn ar a mbeidh ainm an údair, agus beidh an aighneacht sin cruinn agus seachnófar argóint fhada inti, agus sonrófar inti:

(a) cineál an cháis i gcoitinne agus na fíorais chúlra a mhéid a bhaineann siad leis an ní atá os comhair na cúirte;
(b) na haighneachtaí dlí ar a mbeifear ag seasamh agus ina luafar na húdaráis tacaíochta;

(c) na haighneachtaí fíorais a bheidh le déanamh faoi threoir na fianaise;

(ii) Déanfar na haighneachtaí i scríbhinn a thaisceadh leis an gCláraitheoir tráth nach giorra ná aon lá iomlán amháin roimh an dáta a éistfear an foriarratas nó an t-iarratas.
Agarcheisteanna

9. Féadfaidh páirtí in imeachtaí arna dtaifeadadh sa Liosta Tráchtála, aon tráth tar éis dó a ráiteas nó a phointí éilimh, nó a chosaint nó a phointí cosanta, de réir mar a bheidh, a sheachadadh, agarcheisteanna i scríbhinn a sheachadadh d’fhonn aon pháirtí eile sna himeachtaí a cheistiú, agus beidh nóta ag bun na n-agarcheisteanna sin tráth a seachadta ina luafar cé acu de na hagarcheisteanna sin a cheanglaítear ar gach duine de na daoine sin a fhreagairt: ar choinníoll nach ndéanfaidh páirtí ar bith níos mó ná sraith amháin agarcheisteanna a sheachadadh ar an bpáirtí céanna gan ordú chun na críche sin; ar choinníoll freisin, maidir le hagarcheisteanna nach mbaineann le haon nithe atá i gceist sna himeachtaí, go measfar iad a bheith neamhábhartha d’ainneoin go bhféadfaidís a bheith inghlactha ar fhinné a chroscheistiú ó bhéal.

10. Is i bhFoirm Uimh. 1 i bhFoscríbhinn X a ghabhann leis na Rialacha seo a bheidh agarcheisteanna a sheachadtar de réir riail 9 den Ordú seo.

11. Is trí mhionnscríbhinn a bheidh le comhdú laistigh de lá is fiche ó na hagarcheisteanna a fháil, nó laistigh de cibé tréimhse ama eile a cheadóidh Breitheamh, a thabharfar freagraí ar agarcheisteanna.

12. Is i bhFoirm Uimh. 2 i bhFoscríbhinn X a ghabhann leis na Rialacha seo a bheidh mionnscríbhinn a thugtar mar fhreagra ar agarcheisteanna.

13. Beidh feidhm ag forálacha rialacha 3, 5, 6, 7, 10 agus 11 d’Ordú 31 de na Rialacha seo, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le haon agarcheisteanna a sheachadtar nó atá le seachadadh de réir na rialach seo.


Cásbhainistiú

14.

(i) I gcás go n-ordóidh Breitheamh, de réir riail 6, na himeachtaí a bheith faoi réir cásbhainistiú, socróidh sé dáta do chomhdháil um chásbhainistiú, agus féadfaidh sé aon ordacháin bhreise is cuí leis a thabhairt maidir le cibé bearta, más ann, sna himeachtaí a chríochnú roimh chomhdháil den sórt sin (lena n-áirítear cásleabhrán a ullmhú de réir fho-riail 9 den riail seo).

(ii) Is Breitheamh a bheidh i gceannas ar an gcomhdháil um chásbhainistiú agus a dhéanfaidh í a rialáil.

(iii) I gcás go gcuirtear an chomhdháil um chásbhainistiú ar atráth, déanfar í a chur ar atráth go dtí dáta sonrach.

(iv) Is iad na haturnaetha a bheidh i láthair thar ceann gach duine de na páirtithe, nó is é an páirtí féin, i gcás nach mbeidh aturnae ag feidhmiú ar a shon de bhrí nach comhlacht corpraithe é, a fhreastalóidh ar an gcomhdháil um chásbhainistiú. I gcás gur dóigh leis an mBreitheamh a bheidh i gceannas ar an gcomhdháil um chásbhainistiú gur gá nó gurb inmhianaithe é, féadfaidh sé a ordú don pháirtí sin, nó, i gcás gur comhlacht corpraithe an páirtí, don oifigeach cuí do pháirtí, freastal ar an gcomhdháil um chásbhainistiú, d’ainneoin go bhféadfaidh aturnae a bheith ag feidhmiú ar son an pháirtí.

(v) Cinnteoidh gach aturnae a fhreastalóidh ar an gcomhdháil um chásbhainistiú go mbeidh sé sách eolach ar na himeachtaí, agus go mbeidh údarás aige ón bpáirtí a mbeidh sé ag feidhmiú ar a shon chun déileáil le haon nithe ar dóigh go ndéileálfar leo ag an gcomhdháil.

(vi) I gcás go mbeidh abhcóidí ag feidhmiú ar son páirtí, féadfaidh na habhcóidí sin freastal ar an gcomhdháil um chásbhainistiú, ach ní cheadófar ach d’abhchóide amháin de na habhcóidí sin freastal le linn costais a fhómhas nó a shocrú.

(vii) Is é is cuspóir don chomhdháil um chásbhainistiú a chinntiú go n-ullmhófar na himeachtaí le haghaidh trialach ar mhodh a bheidh cóir agus dlúsúil agus ar dóigh dó costais na n-imeachtaí a íoslaghdú agus, go háirithe, go ndéanfar na nithe seo a leanas a luaithe is féidir roimh an triail:

(a) na saincheisteanna, cibé acu is saincheisteanna fíorais nó dlí, a mhíniú chomh soiléir, chomh cruinn agus chomh beacht agus is féidir;
(b) na pléadálacha agus na mionnscríbhinní go léir agus na ráitis go léir maidir le saincheisteanna a sheirbheáil;

(c) aon iarratais trí litir ar shonraí agus freagraí ar na hiarratais sin, aon admhálacha, nó iarrataí ar admhálacha, aon fhógraí chun doiciméid a ghlacadh nó chun fíorais a admháil agus freagraí ar na fógraí sin, agus aon mhionnscríbhinní arna ndéanamh de bhun aon fhógraí chun fíorais a admháil nó chun doiciméid a ghlacadh, a sheirbheáil nó a sheachadadh, de réir mar a bheidh;

(d) na hiarratais go léir ar fhaoiseamh de chineál idirbhreitheach a bheartaíonn aon duine de na páirtithe a dhéanamh;

(e) aon ordacháin a thabharfar nó orduithe a dhéanfar ag an éisteacht ordachán tosaigh, nó i gcúrsa comhdhála um chásbhainistiú, a chomhlíonadh.

(viii) I gcás nach mbeifear tar éis aon ordachán a thabhairt go mbeidh na himeachtaí faoi réir cásbhainistiú, féadfaidh ceachtar páirtí, aon tráth roimh an triail, iarratas a dhéanamh chuig Breitheamh an Liosta Tráchtála, trí fhoriarratas iar bhfógra chuig an bpáirtí nó na páirtithe eile, ar ordachán go dtionólfar comhdháil um chásbhainistiú. Leagfar amach go soiléir cruinn sa mhionnscríbhinn is foras don fhoriarratas na forais ar a bhfuil an chomhdháil um chásbhainistiú á lorg. I gcás go ndéanfaidh aon pháirtithe agóid i gcoinne ordachán den sórt sin, is trí mhionnscríbhinn freagartha a thabharfaidh siad a n-agóidí.
(ix) Déanfaidh an gearánaí, an t-iarratasóir nó an páirtí eile a thabharfaidh na himeachtaí ar aghaidh, i gcomhairle leis an bpáirtí nó na páirtithe eile, cásleabhrán a ullmhú a bheidh le taisceadh leis an gCláraitheoir agus le seirbheáil ar an bpáirtí nó na páirtithe eile tráth nach déanaí ná ceithre lá iomlána roimh an gcéad dáta a shocraítear don chomhdháil um chásbhainistiú.

(x) Beidh an méid seo a leanas sa chásleabhrán—

(a) achoimre cáis ina mbeidh

(i) sracléiriú comhaontaithe ar an gcás agus ord na dteagmhas iomchuí nach bhfuil faoi dhíospóid;
(ii) liosta de na saincheisteanna sin nach bhfuil faoi dhíospóid;

(iii) ráiteas comhaontaithe maidir leis na saincheisteanna sin atá faoi dhíospóid, agus


(b) doiciméadacht réamhthrialach in ord cróineolaíoch, lena n-áirítear (más cuí) cóipeanna de phléadálacha a malartaíodh, de mhionnscríbhinní a comhdaíodh (seachas mionnscríbhinní seirbheála), de ráitis maidir le saincheisteanna, d’orduithe a rinneadh nó d’ordacháin a tugadh, agus d’aon chomhfhreagras idir na páirtithe, nach ndeirtear ina leith iad a bheith “gan dochar”, a bhaineann leis an gcás a ullmhú le haghaidh trialach.


(xi) Is é an páirtí atá freagrach as an gcásleabhrán a ullmhú a dhéanfaidh an cásleabhrán a tháirgeadh agus a chothabháil i cibé foirm, lena n-áirítear i bhfoirm leictreonach, a ordóidh Breitheamh an Liosta Tráchtála agus, i gcás go n-ordóidh an Breitheamh amhlaidh, déanfar an cásleabhrán a thaisceadh nó a sheirbheáil ar mhodh leictreonach, agus ar cibé coinníollacha agus faoi réir cibé eisceachtaí a fhorordóidh sé.
(xii) Déanfaidh an páirtí atá freagrach as an gcásleabhrán a ullmhú na hábhair atá ann a athbhreithniú, nó cuirfidh sé leo, ó am go ham de réir mar is gá, i gcomhairle leis an bpáirtí nó na páirtithe eile.

15. Ag an gcomhdháil um chásbhainistiú, féadfaidh an Breitheamh a bheidh i gceannas ar an gcomhdháil um chásbhainistiú:

(a) amchlár a shocrú chun ullmhú an cháis le haghaidh trialach a chríochnú, agus féadfaidh sé, chun na críche sin, aon amchlár beartaithe arna chomhaontú ag na páirtithe a ghlacadh más deimhin leis go bhfuil sé réasúnach;
(b) aon orduithe a dhéanamh nó aon ordacháin a thabhairt a fhéadfaidh sé a dhéanamh nó a ordú faoi riail 6(1) nó (2) den Ordú seo;

(c) más dóigh leis go bhfuil moill mhíchuí i ndáil le seoladh na n-imeachtaí nó má tá sé míshásta ar shlí eile le seoladh na n-imeachtaí, agus gan dochar d’aon chumhachtaí a thugtar don Bhreitheamh le hOrdú 33, riail 11, a cheangal ar an bpáirtí a dhealraíonn a bheith freagrach as seoladh na n-imeachtaí, nó ar an oifigeach cuí don pháirtí sin nó ar an aturnae dá mbeidh treoir tugtha sna himeachtaí ag an bpáirtí sin, freastal os a chomhair chun an mhoill nó an seoladh eile lena bhfuil sé míshásta a mhíniú, agus féadfaidh sé, air sin, cibé rialú nó ordachán a dhéanamh nó a thabhairt is cuí leis chun na himeachtaí nó seoladh na n-imeachtaí a luathú;

(d) gan dochar d’aon chumhachtaí a thugtar don Bhreitheamh le hOrdú 99, riail 37, fo-riail 13, na costais a bhaineann le haon fhormhuiniú éilimh, pléadáil, ráiteas maidir le saincheisteanna nó doiciméad eile sna himeachtaí ina bhfuil ábhar neamhriachtanach, nó lena ngabhann fad neamhriachtanach, a dhílamháil agus na costais a bhain d’aon pháirtí eile de bharr an chéanna a dhámhachtain i gcoinne an pháirtí sin;

(e) gan dochar d’aon chumhachtaí a thugtar don Bhreitheamh le hOrdú 33, riail 11 agus le hOrdú 99, riail 37, fo-riail 31, costais aon pháirtí a dhílamháil a tharlaíonn mar gheall ar mhoill nó mar gheall ar mhainneachtain ag an bpáirtí sin déanamh de réir teorainn ama maidir le haon ghníomh a dhéanamh nó le haon imeacht a thabhairt, agus na costais a bhain d’aon pháirtí eile de bharr an chéanna a dhámhachtain i gcoinne an pháirtí sin.

Ullmhú le haghaidh trialach


16. (i) I gcás nach mbeifear tar éis ordachán a thabhairt go mbeidh na himeachtaí faoi réir cásbhainistiú, a luaithe a chríochnófar an malartú pléadálacha, mionnscríbhinní nó ráiteas maidir le saincheisteanna, féadfaidh aon duine de na páirtithe iarratas a dhéanamh chuig an gCláraitheoir ar dháta a shocrú do chomhdháil réamhthrialach.

(ii) I gcás go mbeifear tar éis ordachán a thabhairt go mbeidh na himeachtaí faoi réir cásbhainistiú, déanfaidh an Breitheamh a bheidh i gceannas ar an gcomhdháil um chásbhainistiú dáta a shocrú do chomhdháil réamhthrialach a luaithe a chomhlíonfar na horduithe go léir a dhéanfar nó na hordacháin go léir a thabharfar i gcúrsa na comhdhála um chásbhainistiú.

17. Déanfaidh gach páirtí, i gcomhairle lena n-abhcóidí faoi seach, ceistiúchán réamhthrialach, i bhFoirm Uimh. 3 i bhFoscríbhinn X a ghabhann leis na Rialacha seo, a chomhlánú agus a thaisceadh leis an gCláraitheoir tráth nach déanaí na ceithre lá iomlána roimh an dáta a shocraítear don chomhdháil réamhthrialach.

18. (i) Is Breitheamh a bheidh i gceannas ar an gcomhdháil réamhthrialach agus a dhéanfaidh í a rialáil.

(ii) I gcás go gcuirfear an chomhdháil réamhthrialach ar atráth, cuirfear ar atráth go dtí dáta sonrach í.

(iii)

(a) I gcás go mbeartaíonn páirtí go bhfeidhmeoidh aturnae ar a shon ag an triail, ansin freastalóidh an príomhaturnae, a bheartaítear a fheidhmeoidh amhlaidh ar son an pháirtí, ar an gcomhdháil réamhthrialach.
(b) I gcás go mbeartaíonn páirtí go bhfeidhmeoidh aturnae agus abhcóidí ar a shon ag an triail, ansin freastalóidh an príomhabhcóide, a bheartaítear a fheidhmeoidh amhlaidh ar son an pháirtí, ar an gcomhdháil réamhthrialach.

19. Ag an gcomhdháil réamhthrialach, bunóidh an Breitheamh atá i gceannas ar an gcéanna na bearta atá fós le déanamh chun an cás a ullmhú le haghaidh trialach, fad dóchúil na trialach, agus na socruithe, más ann, le haghaidh finnéithe, teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (lena n-áirítear le haghaidh físchomhdhála) agus aon socruithe eile a cheanglaítear a dhéanamh le haghaidh na trialach, agus féadfaidh sé aon orduithe a dhéanamh agus aon ordacháin a thabhairt i leith socruithe le haghaidh na trialach is dóigh leis is gá.
20. Nuair is deimhin leis an mBreitheamh a bheidh i gceannas ar an gcomhdháil réamhthrialach go bhfuil na himeachtaí ullamh le dul ar aghaidh chun trialach, socróidh sé dáta don triail.

21. (i) Faoi réir fho-riail 2 den riail seo, mura n-ordóidh an Breitheamh a bheidh i gceannas ar an gcomhdháil réamhthrialach a mhalairt, déanfaidh an gearánaí, an t-iarratasóir nó an páirtí eile a thabharfaidh na himeachtaí ar aghaidh, i gcomhairle leis an bpáirtí nó na páirtithe eile, na nithe seo a leanas a ullmhú agus a thaisceadh leis an gCláraitheoir tráth nach giorra ná ceithre lá iomlána roimh an dáta a shocraítear don triail:

(a) leabhrán trialach, a bheidh innéacsaithe agus in ord cróineolaíoch, agus ina mbeidh cóipeanna d’aon phléadálacha, mionnscríbhinní, ráitis maidir le saincheisteanna, doiciméid nó sleachta as an gcéanna ar ina leith a mbeidh comhaontú déanta idir na páirtithe faoi fho-riail 2 den riail seo, ráitis dá bhforáiltear i riail 22 den Ordú seo, comhfhreagras agus aon doiciméid eile a mbeartaítear seasamh orthu ag an triail, agus
(b) achoimre cáis, ina mbeidh—


(i) sracléiriú comhaontaithe ar an gcás agus ord na dteagmhas iomchuí nach bhfuil faoi dhíospóid;
(ii) liosta de na saincheisteanna sin nach bhfuil faoi dhíospóid;

(iii) liosta de na daoine a bhfuil baint acu go príomha leis na nithe nó na teagmhais is ábhar do na himeachtaí, agus

(iv) más cuí, gluais de théarmaí teicniúla ar dóigh go n-úsáidfear iad i gcúrsa na trialach.


(ii) (a) Féadfaidh an Breitheamh a bheidh i gceannas ar an gcomhdháil réamhthrialach a iarraidh ar na páirtithe dul i gcomhairle lena chéile d’fhonn comhaontú, más féidir, ar liosta de na doiciméid agus, de réir mar is cuí, aon sleachta as doiciméid a mbeartaítear seasamh orthu ag an triail.

(b) I gcás go dtiocfaidh na páirtithe ar aon chomhaontú den sórt sin, déanfaidh an gearánaí, an t-iarratasóir nó an páirtí eile a thabharfaidh na himeachtaí ar aghaidh, i gcomhairle leis an bpáirtí nó na páirtithe eile, leabhrán a ullmhú agus a thaisceadh leis an gCláraitheoir tráth nach giorra ná ceithre lá iomlána roimh an dáta a shocraítear don triail, ar leabhrán é a bheidh innéacsaithe agus in ord cróineolaíoch, ina mbeidh cóipeanna de na doiciméid nó na sleachta sin agus, más cuí, ina léireofar, trí chlibeanna, aibhsiú le dathanna nó ar shlí eile a ordóidh Breitheamh an Liosta Tráchtála nó an Cláraitheoir, aon sleachta iomchuí as an gcéanna a mbeartaítear seasamh orthu ag an triail.

(c) I gcás nach féidir leis na páirtithe teacht ar aon chomhaontú den sórt sin, tabharfaidh siad fógra don Chláraitheoir agus, mura n-ordóidh an Breitheamh a bheidh i gceannas ar an gcomhdháil réamhthrialach a mhalairt, maidir leis an ngearánaí, leis an iarratasóir nó leis an bpáirtí eile a thabharfaidh na himeachtaí ar aghaidh, leanfaidh sé ar aghaidh de réir fho-riail 1 den riail seo, amhail is nach mbeadh aon iarraidh déanta ag an mBreitheamh faoi mhír (a) den fho-riail seo.

(iii) Is é an páirtí atá freagrach as an leabhrán trialach a ullmhú a dhéanfaidh an céanna a tháirgeadh i cibé foirm, lena n-áirítear i bhfoirm leictreonach, a ordóidh Breitheamh an Liosta Tráchtála agus, i gcás go n-ordóidh Breitheamh an Liosta Tráchtála amhlaidh, déanfar an leabhrán a thaisceadh nó a sheirbheáil ar mhodh leictreonach agus, de réir cibé coinníollacha agus faoi réir cibé eisceachtaí a fhorordóidh sé.

III. Fianaise

Fianaise bhéil
22. (i) Mura n-ordóidh Breitheamh a mhalairt, déanfaidh páirtí a bheartaíonn seasamh ar fhianaise bhéil ó fhinné maidir le fíoras nó ó shaineolaí i dtriail, tráth nach déanaí ná aon mhí amháin roimh dháta na trialach sin i gcás an ghearánaí, an iarratasóra nó an pháirtí eile a thabharfaidh na himeachtaí ar aghaidh agus tráth nach déanaí ná seacht lá roimh an dáta sin i gcás an chosantóra, an fhreagróra nó an pháirtí eile a dhéanfaidh na himeachtaí a chosaint, ráiteas i scríbhinn a sheirbheáil ar an bpáirtí nó na páirtithe eile ina leagfar amach na gnéithe bunriachtanacha den fhianaise sin arna shíniú agus arna dhátú ag an bhfinné nó ag an saineolaí, de réir mar a bheidh.

(ii) Féadfaidh Breitheamh, in imthosca eisceachtúla atá le réamhaithris san ordú agus tar éis dó na páirtithe go léir a éisteacht, ordú a dhéanamh á ordú go ndéileálfar leis an ráiteas i scríbhinn dá dtagraítear i bhfo-riail 1 den riail seo nó le haon chuid den chéanna mar an fhianaise bhunúsach ón bhfinné nó ón saineolaí lena mbaineann, ach sin amháin tar éis don fhinné sin nó don saineolaí sin é a fhíorú faoi mhionn.


Fianaise trí nasc físe nó ar mhodh eile

23. (i) Féadfaidh Breitheamh a cheadú d’fhinné fianaise a thabhairt, cibé acu laistigh nó lasmuigh den Stát, trí nasc físe beo nó ar mhodh eile.

(ii) Déanfar fianaise a thabharfar de réir fho-riail 1 den riail seo a thaifeadadh ar fhíseán nó ar shlí eile de réir mar a ordóidh an Breitheamh.


IV. Láthair na trialach

24. Maidir leis na hiarratais go léir a dhéanfar chuig Breitheamh an Liosta Tráchtála ar imeachtaí a thaifeadadh, agus maidir leis na himeachtaí go léir arna dtaifeadadh sa Liosta Tráchtála, agus maidir le trialacha go léir na n-imeachtaí sin, mura n-ordóidh Breitheamh a mhalairt in aon imeachtaí áirithe agus ar chúis speisialta, beidh siad ar siúl i seomra cúirte cuí atá arna ainmniú ag Uachtarán na hArd-Chúirte i gcomhairle le Breitheamh an Liosta Tráchtála agus atá i mBaile Átha Cliath.

V. An Cláraitheoir

Feidhmeanna
25. Féadfaidh an Cláraitheoir imeachtaí atá liostaithe sa Liosta Tráchtála, agus ar dóigh leis go raibh moill mhíchuí ina leith, a tharchur chuig Breitheamh.
Taifid

26. (i) Déanfaidh an Cláraitheoir na taifid seo a leanas a bhunú agus a chothabháil:

(a) clár d’iarratais ar imeachtaí a thaifeadadh sa Liosta Tráchtála;
(b) clár d’imeachtaí atá taifeadta sa Liosta Tráchtála; (c) clár d’orduithe arna ndéanamh nó d’ordacháin arna dtabhairt ag Breithiúna in imeachtaí atá liostaithe sa Liosta Tráchtála,

(d) féilire maidir le suíonna Breithiúna;

(e) taifead ar dhul chun cinn i ngach ceann de na himeachtaí atá taifeadta sa Liosta Tráchtála.

(ii) Féadfar taifid den sórt sin a shealbhú go leictreonach agus féadfar iad a shealbhú ar leithligh nó i bhfoirm chónasctha.

27. Déanfaidh an Cláraitheoir comhad a bhunú agus a chothabháil do gach iarratas ar imeachtaí a thaifeadadh, agus do gach ceann de na himeachtaí arna dtaifeadadh, sa Liosta Tráchtála, ar comhad é a fhéadfaidh a bheith i bhfoirm leictreonach, go hiomlán nó go páirteach, agus sannfar cód nó uimhir in ord do gach iarratas den sórt sin nó do gach ceann de na himeachtaí sin chun críocha aitheantais.


VI. Costais

28. Maidir leis na costais a bhaineann leis an éisteacht ordachán tosaigh, measfar gur costais sa chúis iad mura n-ordóidh an Breitheamh a mbeidh an éisteacht sin ar siúl os a chomhair a mhalairt.
29. Féadfaidh Breitheamh an Liosta Tráchtála ceanglais a fhorordú maidir le foirm agus ábhar na mbillí costas atá le hullmhú i leith imeachtaí arna dtaifeadadh sa Liosta Tráchtála. I gcás nach mbeidh sé tar éis déanamh amhlaidh, ullmhófar na billí costas sin ar an modh a fhorordaítear le hOrdú 99, riail 29.

30. Ar Bhreitheamh do dhéanamh aon iarratas idirbhreitheach a chinneadh, déanfaidh an Breitheamh costais a dhámhachtain ach amháin i gcás nach féidir, de réir ceartais, breithniú a dhéanamh ar dhliteanas i leith costas ar bhonn an iarratais idirbhreithigh.


VII. Doiciméid a sheirbheáil, a mhalartú agus a thaisceadh go leictreonach

31. (i) Maidir le doiciméid a cheanglaítear, faoi na Rialacha seo, a sheirbheáil nó a mhalartú in imeachtaí tráchtála arna dtaifeadadh sa Liosta Tráchtála, féadfar, i gcás go gceadaíonn Uachtarán na hArd-Chúirte é le hordachán cleachtais, agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha agus faoi réir cibé eisceachtaí a fhéadfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte a shonrú leis an ordachán cleachtais sin, iad a sheirbheáil nó a mhalartú, de réir mar a bheidh, go leictreonach.

(ii) Maidir le doiciméid a cheanglaítear, faoi na Rialacha seo, a chomhdú in imeachtaí tráchtála arna dtaifeadadh sa Liosta Tráchtála, féadfar, i gcás go gceadaíonn Uachtarán na hArd-Chúirte é le hordachán cleachtais, agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha agus faoi réir cibé eisceachtaí a fhéadfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte a shonrú leis an ordachán cleachtais sin, iad a chomhdú go leictreonach leis an gCláraitheoir agus féadfaidh an Cláraitheoir iad a stóráil ar an modh céanna.

(iii) Gan dochar do ghinearáltacht fho-rialacha 1 nó 2 den riail seo, féadfar, le hordachán cleachtais arna thabhairt ag Uachtarán na hArd-Chúirte de bhun ceachtar de na fo-rialacha sin, ceanglais a fhorordú maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) na crua-earraí agus trealamh eile, discéid nó CD-ROManna agus prótacal cumarsáide nó prótacail chumarsáide atá le húsáid ag páirtithe a dhéanfaidh doiciméid a chomhdú, a sheirbheáil nó a mhalartú go leictreonach;
(b) pasfhocail, sínithe leictreonacha, sínithe digiteacha nó modhanna eile a úsáid chun doiciméid arna gcomhdú, arna seirbheáil nó arna malartú go leictreonach a fhíordheimhniú;

(c) ballaí dóiteáin, uirlisí frithvíreas nó feistí nó feidhmchláir eile a úsáid chun nach ndéanfar damáiste do chóras faisnéise na Seirbhíse Cúirteanna nó do chóras faisnéise aon pháirtí nó aon aturnae nó abhcóidí dá chuid;

(d) cleachtais nó prótacail a chomhlíonadh chun a chinntiú nach dtéann ábhar dochrach, díobhálach nó colúil isteach i gcóras faisnéise na Seirbhíse Cúirteanna nó i gcóras faisnéise aon pháirtí nó aon aturnae nó abhcóidí dá chuid;

(e) na doiciméid atá le comhdú, le seirbheáil nó le malartú go leictreonach a fhormáidiú, a eagrú, a shainaithint, a chódú agus a innéacsú;

(f) an modh ina bhféadfar doiciméid arna gcomhdú, arna seirbheáil nó arna malartú go leictreonach, nó cóipeanna de na doiciméid sin, a thíolacadh nó a úsáid ar shlí eile sa Chúirt.