Ordú 99

Costais

1]

I. Mínithe

1. San Ordú seo: 

ciallaíonn “Acht 2015” an tAcht um Rialáil Seirbhísí Dlí, 2015; 

ciallaíonn costais nó aon ábhar nó ítim in aon bhille costas “a bhreithniú”, nó “breithniú” a dhéanamh ar chostais nó aon ábhar nó ítim in aon bhille costas, an bille, an t-ábhar nó an ítim sin, de réir mar a bheidh, a bhreithniú de réir Chuid 10 d’Acht 2015; 

ciallaíonn “breithniú dlí-chleachtóra agus cliaint” breithniú costas faoi alt 154(4) nó alt 154(5) d’Acht 2015; 

ciallaíonn “breithniú páirtí agus páirtí” breithniú costas faoi alt 154(2) nó alt 154(3) d’Acht 2015; 

beidh le focail agus abairtí atá san Ordú seo, i gcás ina gceadaíonn an comhthéacs é, an bhrí chéanna atá leo in Acht 2015. 

II. Ceart chun costas

2. Faoi réir fhorálacha reachta (lena n-áirítear ailt 168 agus 169 d’Acht 2015) agus ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis na Rialacha seo: 

(1) Is faoi rogha na nUaschúirteanna a bheidh na costais a bhainfidh agus a ghabhfaidh le gach imeacht sna Cúirteanna sin faoi seach. 

(2) Ní bheidh aon pháirtí i dteideal aon chostais a bhainfidh nó a ghabh-faidh le haon imeacht a ghnóthú ó aon pháirtí eile san imeacht sin ach amháin faoi ordú nó mar a fhoráiltear leis na Rialacha seo. 

(3) Déanfaidh an Ard-Chúirt, an Chúirt Achomhairc nó an Chúirt Uachtar-ach, ar aon iarratas idirbhreitheach a chinneadh, dámhachtain costas ach amháin i gcás nach féidir breithniú cóir a dhéanamh ar dhliteanas i leith costas ar bhonn an iarratais idirbhreithigh. 

(4) Beidh ar áireamh i ndámhachtain costas aon suim is iníoctha i bhfoirm cánach breisluacha ar na costais sin ag an bpáirtí ar ina fhabhar a dhéanfar dámhachtain den sórt sin, i gcás ina suífidh an páirtí sin nach inghnóthaithe an tsuim sin ar shlí eile, agus sa chás sin amháin. 

(5) Féadfar a cheangal le hordú go n-íocfar suim i leith costas láithreach, d’ainneoin nach mbeidh na himeachtaí tugtha chun críche. 

3. (1) Tabharfaidh an Ard-Chúirt, le linn breithniú a dhéanamh ar dhámh-achtain chostais aon chaingne nó céime in aon imeachtaí, agus tabharfaidh an Chúirt Uachtarach agus an Chúirt Achomhairc le linn breithniú a dhéanamh ar dhámhachtain chostais aon achomhairc nó céime in aon  achomharc, i leith éilimh nó frithéilimh, aird ar na nithe atá leagtha amach in alt 169(1) d’Acht 2015, más infheidhme. 

(2) Chun críocha alt 169(1)(f) d’Acht 2015, áirítear i dtairiscint chun socrú a dhéanamh aon tairiscint i scríbhinn arna déanamh gan dochar, seachas maidir le saincheist costas. 

4. Má aistrítear cúis ó íoschúirt, nó ó bhinse a bhfuil cumhacht aige chun costais a dhámhachtain, agus ag a bhfuil dlínse sa chúis, beidh na costais sa chúirt thíos nó sa bhinse ina gcostais sa chúis, mura n-ordóidh an Chúirt nó an íoschúirt sin nó an binse sin a mhalairt. 

5. (1) Íocfar costais fiosrúchán chun an duine a bheidh i dteideal aon leagáide, airgid nó scaire a fhionnadh, nó na costais a bheidh tabhaithe ar shlí eile i ndáil leis sin, as an leagáid, as an airgead nó as an scair sin mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt. 

(2) I gcás ina mbeidh daoine de na daoine a bheidh i dteideal scaire dáilí de chiste fionnta, agus go mbeidh deacracht nó moill tarlaithe, nó gur dócha go dtarlóidh deacracht nó moill agus na daoine a bheidh i dteideal na scaireanna eile á bhfionnadh, féadfaidh an Chúirt a ordú nó a cheadú a scaireanna a íoc láithreach leis na daoine a bheidh fionnta, gan aon chuid de na scaireanna sin a fhor- choimeád chun na costais ina dhiaidh sin a bhainfidh le fionnadh na ndaoine a bheidh i dteideal na scaireanna eile a fhreagairt. I ngach cás den sórt sin, féadfar ordú a dhéanamh chun na costais a bheidh tabhaithe anuas go dtí cibé íocaíocht a mheasfaidh an Chúirt a bheith réasúnach, agus an íocaíocht sin san áireamh, a fhionnadh agus a íoc. 

6. Féadfar fritháireamh i leith damáistí nó costas idir pháirtithe a cheadú d’ainn-eoin lian an aturnae i leith costas sa chúis nó san ábhar áirithe ina mbeidh an fritháireamh á lorg. 

7. (1) Féadfar a cheangal le hordú chun costais a íoc go n-íocfar na costais láithreach, d’ainneoin nach mbeidh na himeachtaí tugtha chun críche. 

(2) Le linn costais a dhámhachtain, féadfaidh an Chúirt: 

a a ordú go n-íocfar suim i gcomhlán in ionad costas breithnithe;

b. le linn méid aon suim den sórt sin a chinneadh, ar a tionscnamh féin nó ar iarratas ó na páirtithe, cuntasóir costas dlí neamhspleách a cheapadh chun tuairisc a thabhairt ar an obair lena mbaineann na costais agus ordóidh sí go dtabharfar cóipeanna d’aon tuarascáil den sórt sin do na páirtithe, agus

c. a ordú go ndéanfar na costais a bhaineann le tuarascáil dá dtagraítear i mír (b) a ullmhú a chur leis an tsuim i gcomhlán a dámhadh nó go ndéanfaidh páirtí eile iad a íoc. 

(3) Féadfaidh an Chúirt, ag céim ar bith d’imeachtaí, a cheangal ar na páirtithe meastacháin ar na costais a bheidh tabhaithe acu, faoi seach, i leith cibé tréimhse a ordóidh an Chúirt agus arna sonrú i cibé modh a ordóidh an Chúirt, a thabhairt ar aird don Chúirt agus a mhalartú ar a chéile. 

8. (1) I gcás ina ndealróidh sé don Chúirt, ar aon chúis nó ábhar a thriail nó ar aon imeacht eile, nach féidir leis an gcéanna dul ar aghaidh go caoithiúil, féadfaidh an Chúirt, d’fhonn a fhionnadh é sin a bheith:

a. mar gheall ar fhaillí dlí-chleachtóra ag gníomhú dó thar ceann aon pháirtí freastal go pearsanta nó trí dhuine cuí éigin thar a cheann, nó

b. mar gheall ar loiceadh an dlí-chleachtóra sin a bheith ullamh go cuí don triail nó don imeacht sin, nó

c. mar gheall ar an dlí-chleachtóir sin gan a bheith tar éis aon pháipéar a raibh gá leis le haghaidh úsáid na Cúirte a sheachadadh agus ar ceanglaíodh leis na Rialacha seo, le hordachán cleachtais nó le hordú nó le hordachán ón gCúirt go ndéanfaí é a sheachadadh, an t-imeacht a chur ar atráth ar feadh tréimhse 14 lá ar a laghad d’fhonn deis a thabhairt don dlí-chleachtóir lena mbaineann fianaise a thabhairt ar aird agus aighneachtaí i scríbhinn agus ó bhéal a dhéanamh i leith cibé ábhair amháin nó níos mó de na hábhair a shonraítear i míreanna (a) go (c) a ordóidh an Chúirt.

(2) I gcás ina gcinnfidh an Chúirt, tar éis di aon fhianaise nó aon aighneachtaí den sórt sin a bhreithniú ag éisteacht atrátha na n-ábhar, nach bhféadfadh an t-imeacht dul ar aghaidh de bhua na faillí, an loicthe nó an neamhsheachadta sin (de réir mar a bheidh) ag an dlí-chleachtóir lena mbaineann, féadfaidh sí a ordú go ndéanfaidh an dlí-chleachtóir sin cibé costais is cuí leis an gCúirt a dhámh-achtain a íoc go pearsanta leis an bpáirtí eile. 

9. (1) Más rud é, in aon chás, go ndealróidh sé don Chúirt go mbeifear tar éis costais a thabhú go míchuí nó gan aon chúis réasúnach, nó, maidir le haon chostais a bheidh tabhaithe go cuí, go ndealróidh sé don Chúirt nach mbeidh aon toradh tar éis bheith orthu, mar sin féin, don duine a bheidh tar éis iad a thabhú, mar gheall ar aon mhoill mhíchuí dul ar aghaidh faoi aon bhreithiúnas nó ordú, nó mar gheall ar aon mhí-iompar nó mainneachtain ag an dlí-chleachtóir, féadfaidh an Chúirt – 

(a) a iarraidh ar dhlí-chleachtóir an duine a mbeidh na costais sin tabhaithe amhlaidh aige cúis a shuíomh le nach cóir na costais sin a dhícheadú amhail idir an dlí-chleachtóir agus a chliant agus (más gá in imthosca an cháis) le nach cóir don dlí-chleachtóir aon chostais a bhféadfaidh go mbeifear tar éis a ordú don chliant iad a íoc le haon duine eile a aisíoc lena chliant, agus air sin cibé ordú a dhéanamh a dhlífidh an ceartas sa chás; 

(b) an t-ábhar a tharchur chuig an mBreithneoir Costas Dlí lena fhiosrú agus le tuarascáil a thabhairt air agus dlí-chleachtóir eile a ainmniú chun freastal ar an bhfiosrúchán sin agus páirt a ghlacadh ann. 

(2) Tabharfar fógra faoin ordú don chliant i cibé slí a ordóidh an Chúirt. Íocfaidh na páirtithe sin costais ar bith de chuid an dlí-chleachtóra a bheidh ainmnithe mar a dúradh, nó íocfar iad as cibé cistí a ordóidh an Chúirt; nó, mura n-íocfar ar shlí eile iad, féadfar iad a íoc as cibé airgead (más ann) a sholáthróidh an tOireachtas. 

III. Méid na gcostas

10. (1) Tá feidhm ag an gCuid seo maidir le costais a bheidh, de réir na Rialacha seo nó fúthu, nó de réir aon ordaithe nó ordacháin ón gCúirt nó faoi, le híoc le páirtí in aon imeachtaí ag páirtí eile sna himeachtaí sin nó as aon chiste (seachas ciste a bheidh ar teachtadh mar iontaobhaí nó ionadaí pearsanta ag an bpáirtí a mbeidh na costais le híoc leis). 

(2) Faoi réir fho-riail (3), déanfar costais a bhfuil feidhm ag an gCuid seo maidir leo a bhreithniú ar bhonn páirtí agus páirtí de réir alt 155 agus Sceideal 1 a ghabhann le hAcht 2015.

(3) Le linn costais a mbeidh feidhm ag an riail seo maidir leo a dhámhachtain, féadfaidh an Chúirt, in aon chás inar dóigh léi gur cuí sin a dhéanamh, a ordú nó a threorú go ndéanfar na costais a bhreithniú ar bhonn dlí-chleachtóra agus cliaint. 

11. Is de réir alt 155 d’Acht 2015 agus Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht sin, agus de réir cibé rialacha de na Rialacha seo is infheidhme maidir le costais dlí-chleachtóra agus chliaint a dhéanfar breithniú dlí-chleachtóra agus cliaint. 

12. (1) I gcás inar i ndáil le gnó cointinneach a tabhaíodh na costais lena mbaineann, áireofar mar ítimí aonair sa bhille costas, chun críocha alt 154(1)(c), na céimeanna agus na gníomhaíochtaí (más iomchuí) atá i gCodanna I, II agus III de scálaí na gcostas i bhFoscríbhinn W, agus ullmhófar iad de réir na nótaí agus na bhforálacha ginearálta atá iontu. 

(2) Nuair a bheidh méid luach saothair aturnae i leith díolachán, ceannachán, léasanna, morgáistí agus ábhar eile a bhainfidh le tíolacas, nó i leith aon ghnó neamhchointinnigh eile, á rialáil le haon orduithe ginearálta a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire faoin Solicitors’ Remuneration Act, 1881, nó le haon rialacha a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964, déanfar méid na gcostas a bheidh le ceadú sa bhreithniú i leith an ghnó sin a rialáil leis na horduithe nó na rialacha sin, d’ainneoin aon ní atá san Ordú seo. 

IV. Costais a bhreithniú

13. (1) Féadfaidh an Breithneoir Costas Dlí na costais seo a leanas a bhreithniú: 

(a) na costais a bhainfidh le haon chúis nó ábhar, nó a thiocfaidh d’aon chúis nó ábhar, in aon cheann de na hUaschúirteanna; 

(b) aon chostais is ábhar d’ordú a bheidh déanta ag binse eadrána de réir alt 21(4) den Acht Eadrána, 2010, á ordú Breithneoir Costas Dlí do bhreithniú chostais na headrána; 

(c) costais ghlacadóra a bheidh ceaptha in aon chúis nó ábhar, ar an nglacadóir nó aon pháirtí sa chúis nó san ábhar sin dá iarraidh sin; 

(d) an costas a bhainfidh le breithiúnais a chlárú mar mhorgáistí, le deonuithe probháide agus litreacha riaracháin a fháil, le breith-iúnais a shásamh, agus aon chostais eile a bhreithnítear ex parte de ghnáth, ar aon pháirtí leasmhar dá iarraidh sin; 

(e) gan aon ordú chuige sin, costais amhail idir dlí-chleachtóir agus cliant, ar an gcliant dá iarraidh sin agus ar ghealltanas scríofa uaidh, a bheidh le taisceadh in Oifig na mBreithneoirí Costas Dlí, go n-íocfar aon iarmhéid a chinnfidh agus a dheimhneoidh an Breithneoir Costas Dlí; 

(f) aon chostais eile a bheidh le breithniú faoi reacht nó de bhua reachta nó faoi na Rialacha seo nó dá mbua. 

(2) Leanfaidh na costais agus na caiteachais a bhainfidh le breithniú toradh an bhreithnithe, mura n-ordóidh an Breithneoir Costas Dlí a mhalairt ar chúis speisialta a bheidh le lua ina chinneadh. 

14. Déanfaidh na Breithneoirí Costas Dlí na billí costas go léir a bheidh le breithniú a chur de láimh de réir uainíochta a bheidh le socrú acu ó thráth go chéile, nó i cibé slí nó ord a ordóidh an Príomh-Bhreitheamh ó thráth go chéile; ar an gcoinníoll go bhféadfaidh an Chúirt a ordú, tráth ar bith, go ndéanfar aon chostais áirithe nó aon bhille costas áirithe a tharchur chuig aon duine de na Breithneoirí Costas Dlí. 

15. (1) Faoi réir cheanglais an Ordaithe seo, déanfar na billí costas go léir a bheidh le breithniú a thaisceadh in Oifig na mBreithneoirí Costas Dlí. Áireofar i ngach bille den sórt sin, nó beidh ag gabháil leis, meabhrán arna shíniú ag an dlí-chleachtóir a mbeidh sé á thaisceadh aige, nó arna shíniú thar a cheann, ina luafar an mbeifear nó nach mbeifear tar éis aon bhreithniú nó aon fhómhas costas a dhéanamh roimhe sin sa chúis chéanna nó san ábhar céanna, nó a bheidh bainteach leis an eastát nó leis an iontaobhas céanna, agus más amhlaidh go mbeifear, cén Breithneoir Costas Dlí a bheidh tar éis é a dhéanamh agus dáta an chéanna. 

(2) Féadfaidh an Príomh-Bhreithneoir Costas Dlí a ordú go ginearálta, le fógra a fhoilseofar ar cibé modh a chinnfidh sé, nó féadfaidh Breithneoir Costas Dlí a ordú in aon chás, go ndéanfar bille costas nó cóip de a thaisceadh i bhfoirm leictreonach. 

16. (1) Féadfar clár na gcinntí a bheidh le cothabháil chun críocha alt 140 d’Acht 2015 a bhunú agus a chothabháil go leictreonach agus beidh na sonraí a cheanglaítear leis an alt sin san áireamh ann, faoi réir an ailt sin. 

(2) Beidh clár na gcinntí ar oscailt lena iniúchadh ag aon pháirtí leasmhar le linn uaireanta oifige de réir alt 140(8) d’Acht 2015. 

17. Beidh na Breithneoirí Costas Dlí faoi seach i gcúnamh dá chéile, agus féadfaidh aon Bhreithneoir Costas Dlí bille costas a bheidh tarchurtha chuig breithneoir eile a bhreithniú nó cuidiú sa bhreithniú sin, agus sa chás sin deimhneoidh sé dá réir sin. 

18. Beidh Breithneoir Costas Dlí amháin ar a laghad ar fáil chun cibé gnó a bheidh ag teastáil le linn na saoire Fada a chomhlíonadh. 

19. Déanfaidh na Breithneoirí Costas Dlí, i bhfeidhmiú a gcumhachtaí agus i gcomhlíonadh a bhfeidhmeanna, aird a thabhairt ar aon treoirlínte a fhoilseofar de réir alt 142 d’Acht 2015. 

20. Déanfaidh an Breithneoir Costas Dlí mionsonraí faoi ítimí a cheadófar nó a dhícheadófar i leith bille costas a thaifeadadh. Coinneofar an bille in Oifig na mBreithneoirí Costas Dlí nó, más i bhfoirm leictreonach dó, faoi rialú an Phríomh-Bhreithneora Costas Dlí. I gcás ina mbeidh breithniú curtha i gcrích agus nach mbeifear tar éis athbhreithniú nó achomharc a lorg laistigh den tréimhse ama a cheadaítear, nó go mbeifear tar éis aon athbhreithniú nó aon achomharc a chinneadh, beidh an bille costas bunaidh arna mhionsonrú ag an mBreithneoir Costas Dlí ar fáil lena iniúchadh (i bhfoirm inléite amháin más rud é go mbeidh sé á chothabháil go leictreonach), faoi réir aon fholuithe a mheasfaidh an Breithneoir Costas Dlí is gá chun ceanglais alt 140(5) d’Acht 2015 a chomhlíonadh, ag aon pháirtí i mbreithniú le linn uaireanta oifige gan táille nó muirear, cibé acu mar chuid de chlár na gcinntí nó ar shlí eile.

21. Féadfaidh Breithneoir Costas Dlí, d’fhonn bille costas a bhreithniú, i dteannta na gcumhachtaí a bheidh infheidhmithe faoi alt 156 d’Acht 2015 ̶ 

(a) a ordú doiciméid, taifid agus dearbháin a thabhairt ar aird dósan nó d’aon pháirtithe eile sa bhreithniú; 

(b) a cheangal ar aon pháirtí go bhfeidhmeodh aturnae ar leith ar a shon, agus, 

(c) i gcoitinne, a ordú d’aon pháirtí sa bhreithniú cibé bearta a dhéanamh a mheasfaidh sé is gá. 

22. Déanfar cóip de gach breithiúnas nó ordú, lena mbeidh ordaithe aon chostais a íoc, a thaisceadh in Oifig na mBreithneoirí Costas Dlí sula rachfar ar aghaidh le breithniú ar na costais sin, agus deimhneoidh an t-aturnae a mbeidh an chóip sin á taisceadh aige í a bheith ina cóip chruinn. 

23. (1) Is le fógra i bhFoirm Uimh. 1 (i gcás breithniú páirtí agus páirtí) nó i bhFoirm Uimh. 2 (i gcás breithniú dlí-chleachtóra agus cliaint) i gCuid V d’Fhoscríbhinn W a bheidh iarratas ar bhreithniú ar aon ábhar nó ítim i mbille costas. 

(2) Déanfar gach fógra iarratais a thaisceadh i ndúblach in Oifig na mBreith-neoirí Costas Dlí. Déanfar dáta fillte tosaigh a shannadh do gach iarratas den sórt sin agus déanfar fógra comhlánaithe a chur ar ais chuig an iarratasóir lena sheirbheáil. 

(3) Faoi réir Riail 26, beidh na nithe seo a leanas ag gabháil le gach fógra um iarratas ar bhreithniú páirtí agus páirtí: 

(i) an bille costas san fhoirm a fhorordaítear leis na Rialacha seo;

(ii) dearbháin, sonraisc agus/nó fáltais i leith aon eisíoca nach mbeidh comhaontaithe;

(iii) aon taifid eile, arna n-innéacsú ar leithligh agus na leathanaigh uimhrithe iontu, ar a mbeidh an t-iarratasóir ag brath mar thaca leis na costais a bheidh á n-éileamh; agus

(iv) i gcás ina mbeidh an t-iarratasóir ag brath ar thaifid ama mar thaca leis na costais a bheidh á n-éileamh, na taifid ama sin, arna n-innéacsú ar leithligh agus na leathanaigh uimhrithe iontu, ina léireofar – 

I. gach cleachtóir dlí nó duine eile lena mbainfidh;

II. an ráta (na rátaí) san uair is infheidhme;

III. an dáta (na dátaí) ar a mbeidh an obair iomchuí gafa de láimh agus na huaireanta an chloig iarbhír, nó codanna d’uaireanta an chloig iarbhír, a bheidh caite uirthi;

IV. líon iomlán na n-uaireanta an chloig, nó codanna d’uair-eanta an chloig, a bheidh caite uirthi, agus

V. i gcás ina ndéanfar aon tréimhse ama den sórt sin a mheas, ráiteas á rá go bhfuiltear tar éis an tréimhse ama sin a mheas; 

(v) cóip dhílis den ordú ón gCúirt, den dámhachtain ón eadránaí nó d’ordú nó d’ionstraim eile lena mbeifear tar éis na costais a dhámhachtain nó a cheadú, agus

(vi) i gcás breithniú páirtí agus páirtí a mbeidh an duine is ábhar don ordú na costais a íoc tar éis é a iarraidh, deimhniú á rá alt 154(2) d’Acht 2015 a bheith comhlíonta ag an duine. 

(4) Beidh na nithe seo a leanas ag gabháil le gach fógra iarratais ar bhreithniú dlí-chleachtóra agus cliaint: 

(i) an bille costas san fhoirm a fhorordaítear leis na Rialacha seo;

(ii) dearbháin, sonraisc agus/nó fáltais i leith aon eisíoca nach mbeidh comhaontaithe;

(iii) aon taifid eile, arna n-innéacsú ar leithligh agus na leathanaigh uimhrithe iontu, ar a mbeidh an t-iarratasóir ag brath mar thaca leis na costais a bheidh á n-éileamh, agus

(iv) i gcás ina mbeidh an t-iarratasóir ag brath ar thaifid ama mar thaca leis na costais a bheidh á n-éileamh, na taifid ama sin, arna n-innéacsú ar leithligh agus na leathanaigh uimhrithe iontu, ina léireofar – 

I. gach cleachtóir dlí nó duine eile lena mbainfidh;

II.an ráta (na rátaí) san uair is infheidhme;

III.an dáta (na dátaí) ar a mbeidh an obair iomchuí gafa de láimh agus na huaireanta an chloig iarbhír, nó codanna d’uaireanta an chloig iarbhír, a bheidh caite uirthi;

IV.líon iomlán na n-uaireanta an chloig, nó codanna d’uair-eanta an chloig, a bheidh caite uirthi, agus

V. i gcás ina ndéanfar aon tréimhse ama den sórt sin a mheas, ráiteas á rá go bhfuiltear tar éis an tréimhse ama sin a mheas; 

(v) cóip dhílis de gach fógra a bheidh soláthraithe ag an dlí-chleachtóir lena mbainfidh don chliant de réir alt 150 agus/nó de gach comhaontú faoi alt 151(1) d’Acht 2015;

(vi) cóip dhílis d’aon ráiteas i scríbhinn a bheidh curtha faoi alt 153 (1) d’Acht 2015;

(vii) cóip dhílis d’aon tuairim i scríbhinn a bheidh curtha faoi alt 153 (3) d’Acht 2015, agus

(viii) cóip dhílis d’aon éileamh ar íocaíocht. (i) ordacháin a thabhairt maidir le fógra faoin mbreithniú a sheirbheáil ar aon duine eile; 

(5) I gcás iarrataisar bhreithniú dlí-chleachtóra agus cliaint, déanfaidh an t-iarr-atasóir cóipeanna den fhógra iarratais a bheidh eisithe lena n-áirítear an dáta fillte agus na doiciméid a bheidh taiscthe leis, a sheirbheáil ar an gcliant nó, de réir mar a bheidh, ar an dlí-chleachtóir lena mbainfidh, sa tslí a fhoráiltear leis na Rialacha seo. 

(6) I gcás iarratais ar bhreithniú páirtí agus páirtí, déanfaidh an t-iarratasóir cóipeanna den fhógra iarratais a bheidh eisithe lena n-áirítear an dáta fillte agus na doiciméid a bheidh taiscthe leis a sheirbheáil ar an dlí-chleachtóir nó, de réir mar a bheidh, ar an duine is ábhar don ordú na costais a íoc, sa tslí a fhoráiltear leis na Rialacha seo. 

24. (1) Ar dháta fillte tosaigh an iarratais ar bhreithniú, nó ar aon dáta a gcuirfear an t-iarratas sin ar atráth chuige, féadfaidh an Breithneoir Costas Dlí, mura rachaidh sé ar aghaidh chun na hábhair nó na hítimí lena mbainfidh sa bhille costas a bhreithniú:

(i) ordacháin a thabhairt maidir le fógra faoin mbreithniú a sheirbheáil ar aon duine eile;

(ii) cibé ordacháin bhreise, más ann, a thabhairt a mheasfaidh sé is gá, maidir le doiciméid, taifid agus dearbháin bhreise a thabhairt don Phríomh-Bhreithneoir Costas Dlí nó do pháirtithe eile sa bhreithniú:

(iii) ordacháin a thabhairt maidir le haighneachtaí i scríbhinn a sheachad-adh agus a chomhdú chun críocha an bhreithnithe;

(iv) cibé ordacháin bhreise i bhfeidhmiú na gcumhachtaí atá ar fáil faoi Acht 2015 agus faoin Ordú seo a thabhairt a mheasfaidh sé is caoith-iúil chun an breithniú a chinneadh ar shlí a bheidh cóir, dlúsúil agus ar dóigh dó costais an bhreithnithe a íoslaghdú. 

25. (1) Déanfar fógra iarratais ar bhreithniú a eisiúint agus a sheirbheáil ionas go bhféadfaidh 14 lá glan dul in éag idir lá na seirbheála agus an dáta fillte tosaigh. In imthosca práinneacha (a bheidh le cinneadh ag an mBreithneoir Costas Dlí) féadfar, le cead ón mBreithneoir Costas Dlí, fógra iarratais ar bhreithniú a eisiúint agus é a bheith le cur ar ais ar dháta níos luaithe. 

(2) Ní gá cóip d’aon doiciméad nó d’aon ítim a sheirbheáil ar an bpáirtí freasúrach is doiciméad nó ítim a bhí ag gabháil leis an bhfógra a comhdaíodh in Oifig na mBreithneoirí Costas Dlí a seirbheáladh ar an bpáirtí freasúrach nó a seoladh chuige roimhe sin nó a sholáthair an páirtí freasúrach don pháirtí a mbeidh an tseirbheáil á déanamh aige. 

(3) Féadfar fógra um iarratas ar bhreithniú arna eisiúint agus arna sheirbheáil i leith aon bhille costas a shrianadh ionas go n-iarrfaí nach ndéanfaí ach aon ábhar nó ítim amháin nó níos mó sa bhille costas a bhreithniú. Sonrófar go beacht in aon fhógra um iarratas den sórt sin ar bhreithniú na hábhair nó na hítimí a cheanglófar ar an mBreithneoir Costas Dlí a bhreithniú agus na nithe nó na hítimí a bheidh comhaontaithe idir na páirtithe nó idir an dlí-chleachtóir agus an cliant, de réir mar a bheidh. Déanfaidh an Breithneoir Costas Dlí, más deimhin leis go mbeifear tar éis an fógra sin a eisiúint agus a sheirbheáil agus nach gá na hábhair nó na hítimí go léir sa bhille costas a bhreithniú, an chuid sin den bhille agus na hábhair agus na hítimí uirthi a mbeidh an fógra eisithe ina leith a bhreithniú. 

26. (1) Formhuineofar ar gach bille costas a thaiscfear lena bhreithniú ainm agus áit chláraithe ghnó aon dlí-chleachtóra a bheidh á thaisceadh amhlaidh nó dá mbeidh sé á thaisceadh amhlaidh. I gcás ina n-éileofar cáin bhreisluacha i mbille costas ní foláir an uimhir chláraithe a bheidh leithroinnte ag na Coimisinéirí Ioncaim ar an duine a bheidh cláraithe le haghaidh cánach breisluacha a bheith in áit fheiceálach ar gach bille costas, cuntas nó dearbhán, de réir mar is cuí, ar a mbeidh cáin bhreisluacha á héileamh nó inmhuirearaithe. 

(2) Maidir le billí costas agus fógraí a cheanglófar a sheirbheáil, beidh an tseir-bheáil arna déanamh formhuinithe orthu i slí a shonróidh go dóthanach, ach go haicearrach, an duine a bheidh seirbheáilte, tráth, áit agus modh na seirbheála, agus an duine a mbeidh siad seirbheáilte aige, agus déanfar na doiciméid sin, arna bhformhuiniú amhlaidh, a thabhairt ar aird agus seirbheáil á cruthú. 

(3) Ní chuirfear aon ní breise isteach i mbille costas nó ní dhéanfar aon athrú ann tar éis é a thaisceadh lena bhreithniú ach amháin le ceadú an Bhreithneora Costas Dlí nó le hordachán uaidh. 

(4) Ní chuirfear aon taifead, inisealacha nó marcáil i mbille costas a bheidh taiscthe, ach amháin taifead, inisealacha nó marcáil a chuirfidh an Breithneoir Costas Dlí ann, ná ní cheadófar aon scriosadh amach. I gcás ina sárófar an fhoráil seo, féadfaidh an Breithneoir Costas Dlí, faoi réir achomharc chun na Cúirte, aon ábhar nó ítim a mbeidh an sárú déanta ina leith a dhícheadú, nó féadfaidh sé an t-ábhar a thuairisciú don Chúirt. 

(5) Faoi réir fho-riail (6), is i bhFoirm Uimh. 3 i gCuid V d’Fhoscríbhinn W a bheidh bille costas a thaiscfear lena bhreithniú. 

(6) I gcás ina mbeidh dlí-chleachtóir agus cliant an dlí-chleachtóra tar éis comhaontú a dhéanamh faoi alt 151 d’Acht 2015, beidh feidhm ag fo-riail (5) faoi réir ailt 152(5) go (7) d’Acht 2015. 

(7) I gcás ina n-ordóidh Breithneoir Costas Dlí amhlaidh, féadfar bille costas a ghlacadh lena bhreithniú d’ainneoin easpa comhréireachta leis an bhfoirm fhorordaithe, ar an gcoinníoll gur deimhin leis an mBreithneoir Costas Dlí, maidir leis an mbille costas:

(i) más bille costas é a bheidh tugtha ag dlí-chleachtóir do chliant, go bhfuil na sonraí a shonraítear in alt 152 (2) d’Acht 2015 ann;

(ii) gur leor é, i dtuairim an Bhreithneora Costas Dlí, nuair a léitear é in éindí leis na doiciméid a bheidh seirbheáilte agus comhdaithe maille leis an mbille sin, chun a chumasú don pháirtí íoca an obair a bheidh glactha de láimh agus na heisíocaíochtaí a bheidh tabhaithe a n-éilítear táillí ina leith a mheas agus a dhíospóid nó cur ina coinne nó ina gcoinne, agus

(iii) gur leor é, i dtuairim an Bhreithneora Costas Dlí, nuair a léitear é in éindí leis na doiciméid a bheidh seirbheáilte agus comhdaithe maille leis an mbille sin, chun a chumasú don Bhreithneoir Costas Dlí na hábhair agus na hítimí faoi dhíospóid a bhreithniú de réir Acht 2015. 

(8) I gcás nach leor bille costas nach bhfuil i gcomhréir leis an bhfoirm fhor- ordaithe chun ceanglais fho-riail (7) a chomhlíonadh, féadfaidh an Breithneoir Costas Dlí: 

(i) an breithniú a chur ar atráth agus a ordú go ndéanfar bille costas nua, nó bille costas leasaithe, a sheirbheáil agus a thaisceadh;

(ii) an breithniú a chur ar atráth agus a ordú faisnéis bhreise nó doiciméid bhreise a sheirbheáil agus a thaisceadh i leith ábhar nó ítimí sa bhille costas;

(iii) an t-iarratas ar bhreithniú a scriosadh amach gan dochar do cheart an pháirtí tionscanta iarratas eile a dhéanamh. 

27. (1) Déanfar innéacs nó sceideal de na doiciméid a bheidh ar áireamh i ngach mionteagasc a thabhairt ar aird sa bhreithniú má éilíonn an Breithneoir Costas Dlí é. 

(2) Faoi réir ordachán an Bhreithneora Costas Dlí, déanfar na doiciméid nó codanna de dhoiciméid a bheidh taifeadta i bhfianaise nó tugtha ar aird in aon éisteacht a mbeidh táille á héileamh ina leith sa bhille costas a thabhairt ar aird sa bhreithniú. 

(3) Déanfar cuntais i leith eisíocaíochtaí a bheidh muirearaithe i mbille costas, mar aon le gach rialú, ordú, tuarascáil agus doiciméad tábhachtach eile, a thabhairt ar aird sa bhreithniú. 

(4) Faoi réir ordachán an Bhreithneora Costas Dlí, déanfar na dréachtaí agus na doiciméid eile go léir a mbeidh táille á héileamh sa bhille costas i leith a n-ull- mhaithe a thabhairt ar aird sa bhreithniú. 

(5) Faoi réir ordachán an Bhreithneora Costas Dlí, déanfar na mionsonraí seo a leanas I leith gach finné a mbeidh caiteachais á n-éileamh ina leith I mbille costas a thabhairt ar aird nó a sholáthar sa bhreithniú: 

(i) ainm, seoladh agus slí bheatha an duine;

(ii) an áit ina mbeifear tar éis subpoena a sheirbheáil ar an duine;

(iii) an t-achar a raibh ar an duine taisteal chun freastal ar an triail;

(iv) na dátaí ar ceanglaíodh ar an duine freastal ar an triail;

(v) I gcás inarb infheidhme, an chailliúint ioncaim, arna deimhniú go cuí, a bheidh á héileamh ag an duine, ag eascairt as an gceanglas freastal ar an triail;

(vi) an nóta den fhianaise ón duine sin arna mhionteagasc d’abhcóide I gcomhair na trialach. 

28. Déanfar deimhnithe cinntí ar mhéid na gcostas a bheidh ceadaithe a ullmhú gan idirlíniú, nó athrú ach amháin na cinn a mheasfaidh an Breithneoir Costas Dlí é a bheith ceart iad a mharcáil lena inisealacha, agus ní cheadófar aon ní in aon chor a scriosadh amach. 

29. (1) Féadfaidh an Breithneoir Costas Dlí táillí cuí i leith a ullmhúcháin agus a fhreastail a cheadú do dhlí-chleachtóir nó do chuntasóir costas dlí a bheidh ag freastal chun cur i gcoinne costais a bhreithniú, ar dhóigh seachas amhail idir páirtí agus páirtí. 

(2) I gcásanna ina mbeidh deacracht speisialta agus lena mbeidh tábhacht speisialta agus lena ngabhfaidh ceisteanna prionsabail, féadfaidh an Breithneoir Costas Dlí, mar chuid de chostais an bhreithnithe, caiteachais an abhcóide a bheidh ag láithriú os a chomhair a cheadú. 

(3) Le linn don Bhreithneoir Costas Dlí aon chostais ina dhiaidh sin sa chúis chéanna nó san ábhar céanna a bhreithniú, 

(a) tabharfaidh sé aird ar an mbille nó ar na billí roimhe sin, nó ar chostais nó táillí eile a bheidh ag teacht de na hábhair chéanna nó d’ábhair dá samhail, agus

(b) chun na críche sin, féadfaidh sé a cheangal ar pháirtí faisnéis a bhain- eann leis an ábhar nó na hábhair a mheasfaidh sé a bheith iomchuí a thabhairt ar aird. 

30. Más rud é, le linn aon bhille costas a bhreithniú nó aon chuntas idir dlí-chleachtóir agus cliant a thógáil, go ndealraíonn sé nach foláir airgead a bheith iníoctha ag an aturnae leis an gcliant in aon chás, féadfaidh an Breithneoir Costas Dlí, ó thráth go chéile, deimhniú eatramhach a dhéanamh i dtaobh an mhéid is iníoctha amhlaidh ag an aturnae. Ar an deimhniú sin a chomhdú féadfaidh an Chúirt a ordú go ndéanfar an t-airgead a bheidh deimhnithe amhlaidh a íoc láithreach leis an gcliant nó a thabhairt isteach sa Chúirt.

31. Leanfar gan bhriseadh, más féidir, leis an mbreithniú go dtí go mbeidh sé curtha i gcrích, ach má chuirtear ar atráth é ar aon chúis déanfar fógra faoin atráthú a thabhairt d’aon dlí-chleachtóir nach mbeidh i láthair tráth an atráthaithe agus ar gá nó ar cuí go bhfreastalódh sé ar an éisteacht atráthaithe. 

32. (1) Féadfaidh cliant dlí-chleachtóra breithniú costas a iarraidh trí fhógra iarratais a eisiúint agus an fógra sin a sheirbheáil ar an dlí-chleachtóir de réir riail 23. 

(2) I gcás iarratais ar bhreithniú dlí-chleachtóra agus cliaint ón duine atá faoi dhliteanas i leith na gcostas, ní cheanglaítear ar an gcliant an bille costas a bheith aige san fhoirm a fhorordaítear leis na Rialacha seo ach féadfaidh sé an bille costas, an meabhrán costas nó an cuntas le haghaidh costas a thaisceadh, i cibé foirm ina bhfuarthas é ón dlí-chleachtóir, agus dá éagmais sin féadfaidh an t-iarratasóir ráiteas scríofa maidir leis na fíorais iomchuí a chur síos ina n-ionad sin. 

(3) Féadfaidh Breithneoir Costas Dlí, má mheasann sé é a bheith cóir caoithiúil, a ordú don dlí-chleachtóir, gan aon chostas nó aon chaiteachas ar an gcliant, bille costas a athbhreithniú don chliant chun a chinntiú an bille costas a bheith ullmhaithe de réir alt 152 d’Acht 2015. 

(4) Ar an mBreithneoir Costas Dlí do chríochnú an bhreithnithe ar an mbille costas déanfaidh an dlí-chleachtóir an deimhniú cinnidh a thógáil laistigh de thréimhse 21 lá nó cibé tréimhse bhreise a cheadóidh an Chúirt nó an Breithneoir Costas Dlí. Má lorgaíonn ceachtar páirtí breithniú de réir alt 160 d’Acht 2015 ag an mBreithneoir Costas Dlí ar aon bhreith i dtaobh ábhair nó ítime sa bhille costas, nó má lorgaíonn ceachtar páirtí athbhreithniú ag an gCúirt de réir alt 161 d’Acht 2015, oibreoidh an tréimhse iomchuí ó dháta na breithe nó an chinnidh faoi alt 160(5) d’Acht 2015 nó, de réir mar a bheidh, ordú na Cúirte faoi alt 161(4) d’Acht 2015. 

(5) Má loiceann an dlí-chleachtóir an deimhniú cinnidh a thógáil laistigh den tréimhse sin 21 lá, nó cibé tréimhse fhadaithe a cheadaítear de réir fho-riail (4), féadfaidh an cliant an deimhniú cinnidh a thógáil ar an táille chúirte ar an mbille costas agus ar an deimhniú cinnidh a íoc. Beidh an cliant i dteideal aon táille a bheidh ceadaithe don dlí-chleachtóir sin nó iníoctha leis as freastal ar an mbreithniú agus as cur ina choinne a bhaint as an mbille costas. Beidh an cliant i dteideal costais an bhreithnithe, an táille chúirte ar an mbille costas agus ar an deimhniú cinnidh, an táille as an mbille costas a tharraingt agus as freastal ar an mbreithniú, nó aon cheann acu, a bhaint as an mbille costas. 

(6) Beidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den riail seo maidir le cásanna a bhainfidh le breithniú bille costas is iníoctha as ciste nó eastát, nó as sócmhainní cuideachta faoi leachtú, chomh maith le breithniú bille costas idir dlí-chleachtóir agus cliant. 

33. I gcás ina ndealróidh sé don Bhreithneoir Costas Dlí, nuair a bheidh aon bhille costas á bhreithniú, gur gá aon leabhair, páipéir nó doiciméid a mbeidh baint acu leis an gcúis nó leis an ábhar a iniúchadh, féadfaidh an Breithneoir Costas Dlí a iarraidh ar an gCláraitheoir nó ar an Scrúdaitheoir a mbeidh na leabhair, na páipéir nó na doiciméid sin ina choimeád a chur faoi deara iad a tharchur chuig oifig an Bhreithneora Costas Dlí. Féadfaidh an Breithneoir C ostas Dlí a iarraidh, freisin, ar an gCláraitheoir nó ar an Scrúdaitheoir sin aon imeachtaí a fhéadfaidh a bheith cuimsithe sa bhille costas a bheidh faoi bhreithniú a dheimhniú. Sna cásanna sin, cuirfidh an Cláraitheoir nó an Scrúdaitheoir faoi deara, a luaithe is caoithiúil, na leabhair, na páipéir agus na doiciméid sin a tharchur chuig oifig an Bhreithneora Costas Dlí le haghaidh a úsáide le linn an bhreithnithe agus deimhneoidh sé na himeachtaí a bheidh tar éis bheith ar bun de réir na hiarrata ón mBreithneoir Costas Dlí. Tar éis na costais a bheith deimhnithe, cuirfidh an Breithneoir Costas Dlí faoi deara na leabhair, na páipéir agus na doiciméid chéanna a thabhairt ar ais. 

34. Féadfaidh an Breithneoir Costas Dlí cibé suim is réasúnach leis a cheadú as cóipeanna de phléadálacha, freagraí agus doiciméid eile a chló nó a atáirg-eadh, lena n-áirítear trí mheán leictreonach, i gcás ina measfaidh sé go raibh an cló nó an t-atáirgeadh riachtanach nó cuí. 

35. (1) Faoi réir fho-riail (2), beidh sna táillí a bheidh le ceadú i leith ath- scríobhaithe cibé suim is réasúnach leis an mBreithneoir Costas Dlí. 

(2) Ní thabharfar lamháltas i leith athscríbhinne d’fhianaise a mbeidh aon pháirtí tar éis a éileamh go dtabharfaí dó í le linn na trialach mura rud é go mbeidh an Chúirt tar éis a ordú an athscríbhinn sin a dhéanamh, nó go n-úsáidfear ina dhiaidh sin í chun críche achomhairc. 

36. (1) Féadfaidh an Chúirt, ar aon iarratas nó imeachtaí in aon chúis nó ábhar, nó le linn aon chúis nó ábhar a éisteacht, agus cibé acu a chuirfear nó nach gcuirfear i gcoinne an chéanna, a ordú costais aon fhormhuinithe ar tho-ghairm, pléadáil, mionnscríbhinn nó aon doiciméad eile, a bheidh míchuí, nó ina mbeidh ábhar cráiteach nó neamhriachtanach, nó a mbeidh fad neamh- riachtanach ann, a dhícheadú, nó féadfaidh sí a ordú don Bhreithneoir Costas Dlí an céanna a iniúchadh agus na costais a bhainfidh leis, nó costais cibé coda de a chinnfidh sé a bheith míchuí, nó ábhar cráiteach nó neamh-riachtanach, nó fad neamhriachtanach, a bheith inti, a dhícheadú. Sa chás sin, íocfaidh an páirtí a ndéanfar a chostais a dhícheadú amhlaidh na costais a bheidh tagtha de sin leis an bpáirtí eile. In aon chás nach mbeidh an Chúirt tar éis déileáil leis an gceist sin, beidh sé de dhualgas ar an mBreithneoir Costas Dlí réasúntacht aon fhormhuinithe ar thoghairm, pléadáil, mionnscríbhinn nó aon doiciméad eile a iniúchadh amhail is dá mbeifí tar éis a ordú go speisialta dó é sin a dhéanamh. 

(2) In aon chás ina ndlífidh páirtí a bheidh i dteideal costais a fháil costais a íoc le haon pháirtí eile, féadfaidh an Breithneoir Costas Dlí na costais a mbeidh an páirtí sin faoi dhliteanas amhlaidh iad a íoc a bhreithniú, agus féadfaidh sé iad a choigeartú trí asbhaint nó trí fhritháireamh gan aon ordú ón gcúirt. 

(3) Féadfaidh an Breithneoir Costas Dlí a ordú cé hiad na páirtithe a bheidh le freastal os a chomhair nuair a bheidh costais a bheidh le híoc ag ciste nó eastát á mbreithniú, agus féadfaidh sé costais aon pháirtí a dhícheadú a mheasfaidh sé, dá rogha féin, a fhreastal a bheith neamhriachtanach de dhroim leas an pháirtí sin sa chiste nó san eastát sin a bheith beag nó cianda, nó a bheith leorchosanta ag páirtithe leasmhara eile, nó ar leorchúis eile. 

(4) I gcás ina n-ordófar aon bhille costas a bhreithniú chun go n-íocfar nó go gcruinneofar na costais as aon chiste nó maoin, féadfaidh an Breithneoir Costas Dlí, dá rogha féin, a cheangal ar an aturnae fógra a thabhairt dá chliaint nó do cibé cliant nó cliaint díobh a ordóidh an Breithneoir Costas Dlí, agus féadfaidh sé an breithniú a fhionraí go dtí go mbeidh an fógra sin tugtha. Luafar san fhógra sin an bille costas sin a bheith tarchurtha chuig an mBreithneoir Costas Dlí agus an dáta agus an t-am a bheidh socraithe ag an mBreithneoir Costas Dlí don bhreithniú do dhul ar aghaidh, agus luafar ann freisin an páirtí a mbeidh an fógra sin dírithe chuige a bheith i dteideal láithriú, agus duine a bheith ag feidhmiú ar a shon, chun cur i gcoinne na lamháltas sa bhreithniú. 

(5) Nuair a dhiúltóidh nó nuair a fhailleoidh duine a mbeidh ordú chun costais a íoc déanta ina fhabhar, nó duine eile a bheidh i dteideal costas, bille costas a sheachadadh ar an duine a bheidh faoi dhliteanas íoc, agus go mbeidh dochar á dhéanamh aige don duine sin nó d’aon pháirtí eile dá chionn sin, féadfaidh an Breithneoir Costas Dlí costais na bpáirtithe eile a dheimhniú, agus an diúltú nó an fhaillí sin a dheimhniú, nó féadfaidh sé suim ainmniúil nó suim eile i leith na gcostas sin a cheadú don duine a bheidh ag diúltú nó ag failliú, ionas go gcoiscfear dochar a dhéanamh d’aon pháirtí eile de dheasca an diúltaithe nó na faillí sin. 

(6) I gcás ina n-ordófar don ghearánaí costais na cúise a íoc leis an gcosantóir, measfar, maidir leis na costais a bheidh curtha ar chosantóir le haon leasú ar phléadálacha an ghearánaí (ach amháin maidir le haon leasú a dhealróidh go raibh gá leis mar gheall ar mhainneachtain an chosantóra sin), iad a bheith ina gcuid de chostais an chosantóra sin sa chúis, ach bainfear as na costais sin aon suim a fhéadfaidh a bheith íoctha ag an ngearánaí i leith aon leasaithe. 

(7) (i) I gcás ina bhfuil suim íosta agus suim uasta, nó an focal “lánroghnach”, taifeadta i scálaí na gcostas i bhFoscríbhinn W, is faoi rogha an Bhreithneora Costas Dlí, laistigh de theorainneacha na suimeanna atá taifeadta amhlaidh (más ann), a bheidh an méid costas a bheidh le ceadú i leith na hítime sin, faoi réir aon ordaithe ón gCúirt. 

(ii) Ag feidhmiú a rogha dó i ndáil le haon ítim, tabharfaidh an Breithneoir Costas Dlí aird ar na nithe atá leagtha amach i Sceideal 1 a ghabhann le hAcht 2015. 

(8) Maidir leis na táillí agus liúntais uile nach dtagraítear dóibh i bhfo-riail (7), is faoi rogha an Bhreithneora Costas Dlí a bheidh sé iad a dhícheadú go hiomlán nó go páirteach. 

(9) Más rud é, in imeachtaí os comhair an Bhreithneora Costas Dlí, go mbeidh aon pháirtí ciontach i bhfaillí nó i moill, nó go gcuirfidh sé aon chostas neamhriachtanach nó míchuí i dtaobh na n-imeachtaí sin ar aon pháirtí eile, féadfaidh an Breithneoir Costas Dlí, gan teorainn a bheith le haon chumhacht eile a bheidh ar fáil dó, a ordú don pháirtí sin nó dá dhlí-chleachtóir na costais réasúnacha a bheidh tagtha den fhaillí nó den mhoill sin a íoc. Féadfar na costais sin a bhaint as méid na gcostas a mbeifear tar éis a chinneadh iad a bheith dlite sa bhreithniú, nó, de réir mar a bheidh, iad a chur leis an méid sin agus a áireamh ann. 

(10) Faoi réir aon fhorála i reacht, féadfaidh an Breithneoir Costas Dlí an tréimhse ama i gcomhair aon imeachtaí os a chomhair a theorannú nó a fhadú. I gcás ina mbeidh, leis na Rialacha seo, tréimhse ama ceaptha i gcomhair aon imeachtaí os comhair Breithneora Costas Dlí nó ag Breithneoir Costas Dlí, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, féadfaidh an Breithneoir Costas Dlí sin, ó thráth go chéile, an tréimhse ama a bheidh ceaptha a fhadú ar cibé téarmaí (más ann) a dhlífidh an ceartas sa chás, agus bíodh nach mbeidh an t-iarratas air sin déanta go dtí tar éis dheireadh na tréimhse ama a bheidh ceaptha. 

(11) In aon chás ina n-ordófar le haon ordú costais a íoc, agus go ndéanfar na costais sin a chinneadh agus a dheimhniú ina dhiaidh sin, féadfaidh an páirtí a bheidh i dteideal na gcostas sin, tar éis don chinneadh sin teacht i bhfeidhm de réir alt 158 d’Acht 2015, ar an ordú sin a thabhairt ar aird, maille le deimhniú cinnidh an Bhreithneora Costas Dlí i dtaobh mhéid na gcostas sin, agus cruthúnas nach ábhar do chomaoin faoi alt 160 nó d’athbhreithniú faoi alt 161 d’Acht 2015 iad, ordú forghníomhaithe a fháil chun méid deimhnithe na gcostas sin a íoc. 

 

V. Breithniú a bhreithniú

37. (1) Aon pháirtí a bheidh míshásta leis an mBreithneoir Costas Dlí do cheadú nó do dhícheadú an iomláin nó coda d’aon ítim (lena n-áirítear aon lamháltas speisialta), féadfaidh sé, laistigh den tréimhse ama a cheadaítear le halt 160(1) d’Acht 2015, iarratas a dhéanamh chun an Bhreithneora Costas Dlí le fógra i bhFoirm Uimh. 4 de Chuid V d’Fhoscríbhinn W chun an bhreith nó na breith-eanna a bheidh sonraithe san fhógra a bhreithniú agus ar chinneadh faoin alt sin. Liostófar go comair san fhógra na hábhair nó na hítimí, nó na codanna díobh, lena mbainfidh breith an Bhreithneora Costas Dlí a mbeidh agóid á déanamh ina gcoinne, agus na forais do na hagóidí sin agus na fáthanna atá leo. Déanfar cóip den fhógra a sheirbheáil ar an bpáirtí eile sa bhreithniú tráth nach déanaí ná 14 lá roimh an dáta fillte a bheidh sannta chun an t-iarratas a éisteacht. 

(2) Déanfaidh an Breithneoir Costas Dlí, más cuí leis, agus ar an bpáirtí a bheidh i dteideal na gcostas dá iarraidh sin, deimhniú cinnidh eatramhach a eisiúint de réir alt 160(3) d’Acht 2015 go dtí go n-éistfear an t-iarratas faoi alt 160 d’Acht 2015. Eiseoidh an Breithneoir Costas Dlí cibé deimhniú breise is gá tar éis a bhreithe ar an iarratas chun an bhreith nó na breitheanna lena mbainfidh a bhreithniú. 

(3) Ar an iarratas sin a dhéanamh, athmheasfaidh agus athbhreithneoidh an Breithneoir Costas Dlí a chinneadh de réir alt 160(4) d’Acht 2015. 

VI. Athbhreithniú ar chinneadh Breithneora Costas Dlí

38. (1) Is le foriarratas iar bhfógra do na daoine a shonraítear in alt 161(2) d’Acht 2015 a dhéanfar iarratas chun na Cúirte faoi alt 161(1) d’Acht 2015. Comhdófar an fógra foriarratais sa Phríomh-Oifig agus comhdófar cóip de in Oifig na mBreithneoirí Costas Dlí. Déanfaidh an Chúirt an foriarratas a éisteacht agus a chinneadh ar an bhfianaise a thabharfar isteach os comhair an Bhreithneora Costas Dlí, agus ní ghlacfar aon fhianaise bhreise nuair a bheifear á éisteacht, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt. 

(2) Déanfaidh an páirtí a mbeidh athbhreithniú á lorg aige ar an gcinneadh cóipeanna den bhille costas bunaidh arna ndeimhniú go cuí, fógra um iarratas ar bhreithniú breise agus aighneachtaí mar thaca leis an iarratas sin, maille le haon aighneachtaí freagartha agus aon doiciméid ábhartha eile, a thabhairt ar aird don Chúirt. 

(3) Tar éis don Chúirt cinneadh a dhéanamh tarchuirfear an t-ábhar chuig an mBreithneoir Costas Dlí, i gcás inar gá, chun an breithniú a chríochnú de réir bhreith na Cúirte agus, i gcás inar gá, chun deimhniú cinnidh críochnaitheach a eisiúint. 

(4) Má tharchuirtear an bille costas, nó aon chuid de, chuig an mBreithneoir Costas Dlí i gcomhair breithniú breise, féadfaidh aon pháirtí, ar an mbreithniú breise sin, iarratas a dhéanamh chun an breithniú breise a bhreithniú agus beidh feidhm ag forálacha na rialach seo maidir leis an mbreithniú breise sin amhail ar an mbreithniú bunaidh. 

VII. Ceist dlí a tharchur

39. Is i bhfoirm cáis shonraithe de réir Ordú 62 a dhéanfar aon cheist dlí a tharchur chun na Cúirte faoi alt 159(1) d’Acht 2015. 

VIII. Costais breithiúnais mainneachtana

40. I ngach cás a bhainfidh le breithiúnas de mhainneachtain láithriú le haghaidh éilimh leachtaithe, i gcás ina mbeidh an gearánaí i dteideal costas, cuirfear na suimeanna faoi seach i leith costas a leagtar amach i gCuid II scálaí na gcostas i bhFoscríbhinn W leis an bpríomhshuim dá mbeidh an breithiúnas sin marcáilte. 

41. I gcásanna a thiocfaidh faoi riail 40 nó faoi Ordú 4, riail 5, i gcás:

(i) ina mbeifear tar éis ordú a dhéanamh chun an toghairm nó fógra faoin toghairm a sheirbheáil lasmuigh den dlínse, nó 

(ii) ina mbeifear tar éis ordú a dhéanamh chun seirbheáil ionadach nó eile a dhéanamh, nó 

(iii) ina mbeifear tar éis ordú a dhéanamh chun fógra a thabhairt in ionad seirbheáil a dhéanamh, nó 

(iv) ina mbeifear tar éis ordú a dhéanamh chun a dhearbhú gur leor seirbheáil a bheidh déanta, nó 

(v) ina mbeidh níos mó ná freastal amháin tar éis bheith ag teastáil chun seirbheáil a dhéanamh, nó 

(vi) ina mbeifear tar éis fógra a thabhairt le fógrán faoi eisiúint na to- ghairme faoi Ordú 9, riail 7, 

cuirfear leis na suimeanna faoi seach a luaitear i riail 40 na costais bhreise riachtanacha chuí, a bheidh le fionnadh sa bhreithniú (i gcásanna a bhainfidh le héilimh laistigh de dhlínse na Cúirte Cuarda nó na Cúirte Dúiche, is de réir an scála is cuí sa chúirt lena mbainfidh a bheidh costais). 

42. I gcásanna a bhainfidh le breithiúnas de mhainneachtain láithriú le haghaidh éilimh leachtaithe, i gcás ina ndealróidh sé, le mionnscríbhinn arna déanamh ag duine éigin a fhéadfaidh mionnú go deimhneach i dtaobh an fhéich, go mbeidh suim a bheidh níos mó ná an tsuim dá mbeidh breithiúnas marcáilte tar éis bheith dlite don ghearánaí i leith na suime a mbeifear tar éis agra a dhéanamh ina leith tráth seirbheála na toghairme, cuirfear leis an bpríomhshuim dá mbeidh an breithiúnas sin marcáilte an tsuim chéanna i leith costas a bheifí tar éis a chur léi amhlaidh dá mbeifí tar éis an breithiúnas a mharcáil don tsuim a bheidh tar éis bheith dlite tráth na seirbheála sin, mar aon leis na costais chlárúcháin faoin Judgments Registry (Ireland) Act 1850. 

43. In éilimh ar éileamh leachtaithe, i gcás: 

(i) ina mbeadh an gearánaí, dá mbeadh aon suim dlite fós de bhun an éilimh sin, i dteideal breithiúnas a thaifeadadh de mhainneachtain láithriú, agus 

(ii) ina ndealróidh sé, le mionnscríbhinn arna déanamh ag duine éigin a fhéad-faidh mionnú go deimhneach i dtaobh an fhéich, go mbeidh suim a shonrófar tar éis bheith dlite don ghearánaí i leith na suime a mbeifear tar éis agra a dhéanamh ina leith tráth seirbheála na toghairme, beidh an gearánaí i dteideal breithiúnas a thaifeadadh le haghaidh a chostas i cibé suim a bheifí tar éis a chur san áireamh dá mbeifí tar éis breithiúnas a mharcáil don tsuim a bheidh tar éis bheith dlite tráth na seirbheála sin, mar aon leis na costais chlárúcháin faoin Judgments Registry (Ireland) Act 1850. 

44. (1) I gcásanna a bhainfidh le breithiúnas le haghaidh éilimh leachtaithe faoi Ordú 37, nuair nach mbeidh aon bheart déanta ag an gcosantóir i ndiaidh an láithris, cuirfear leis an bpríomhshuim dá mbeidh an breithiúnas marcáilte i leith costas, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, na suimeanna céanna a cheadaítear faoi seach anseo roimhe seo i gcás breithiúnais de mhainneachtain láithriú, mar aon le cibé costais eile a bhainfidh leis an bhforiarratas ar bhreithiúnas a cheadóidh an Chúirt. 

(2) I gcásanna a bhainfidh le hiarratais faoi Ordú 13, rialacha 14 agus 15, cuirfear leis na suimeanna a cheadaítear i gcás breithiúnais de mhainneachtain láithriú cibé costais eile (más ann) a bhainfidh leis an bhforiarratas chun breithiúnas a thaifeadadh a cheadóidh an Chúirt. 

45. In aon chaingean a thionscnófar ar ionstraim shoshannta, i gcás ina ndéanfar breithiúnas a mharcáil trí mhainneachtain, taiscfear deimhniú leis an oifigeach cuí ina luafar cibé acu a bheifear nó nach mbeifear tar éis níos mó ná caingean amháin a thionscnamh ar an ionstraim chéanna. Déanfaidh an t-oifigeach cuí an deimhniú sin a chomhdú.

46. I ngach cás neamhchosanta ina dtiocfaidh páirtí chun bheith i dteideal breithiúnais mainneachtana, beidh sa mhionnscríbhinn a bheidh mar fhoras ag an bpáirtí sin dá éileamh ar chostais na n-imeachtaí deimhneasc ina luafar cibé acu a bheidh nó nach mbeidh cáin bhreisluacha iníoctha aige ar na costais sin, agus más amhlaidh go mbeidh, cibé acu a bheidh an tsuim a bheidh iníoctha amhlaidh inghnóthaithe aige trí fhritháireamh i gcoinne aon chánach breisluacha a bheidh iníoctha leis. 

IX. Costais forghníomhaithe

47. I ngach cás nach bhforáiltear dó le riail 40 ina bhfaighidh duine breithiúnas chun airgead nó costais a íoc, má eisítear agus nuair a eiseofar forghníomhú de bhun an bhreithiúnais sin, déanfaidh an t-oifigeach a mbeidh an forghníomhú sin á eisiúint aige an tsuim chuí a shonraítear i leith costas forghníomhaithe a leagtar amach i gCuid I de scálaí na gcostas i bhFo-scríbhinn W a chur leis an tsuim a mbeidh ordaithe í a íoc. 

X. Ábhair phrobháide neamhchointinneacha

48. In ábhair phrobháide neamhchointinneacha, is faoi rogha an Bhreithneora Costas Dlí a beidh na costais agus na táillí a cheadófar. 

XI. Féimheacht

49. Féadfar na cineálacha costas seo a leanas a bhreithniú gan ordú: 

(a) aon chostais amhail idir an Sannaí Oifigiúil agus an t-aturnae a bheidh ceaptha ag an Sannaí Oifigiúil chun cúram na n-imeachtaí a bheith air thar a cheann, ar iarratas ón Sannaí Oifigiúil; 

(b) aon chostais amhail idir iontaobhaí i bhféimheacht agus an t-aturnae a bheidh ceaptha chun cúram na n-imeachtaí a bheith air thar a cheann, ar iarratas ón iontaobhaí; 

(c) aon chostais eile a ndearbhaíonn an Chúirt an Sannaí Oifigiúil nó an t-iontaobhaí i bhféimheacht a bheith ina dteideal. 

50. Is faoi rogha an Bhreithneora Costas Dlí a bheidh na costais agus na táillí is iníoctha le haturnaetha i leith imeachtaí i bhféimheacht. 

51. Déanfar na costais a bhainfidh le haturnae ar leith a fhostú faoi riail 21(b), ar an deimhniú breithnithe ina leith a thabhairt ar aird, a íoc as an eastát i dtosaíocht chuí, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt. 

52. Féadfaidh an Scrúdaitheoir féin suim a thomhas i leith costas i gcás: 

(i) ina n-ordóidh an breitheamh amhlaidh, nó 

(ii) ina dtoileoidh na páirtithe lena mbainfidh amhlaidh, nó 

(iii) ina measfaidh sé nár mhó ná €10,000 an tsuim a cheadófaí sa bhreithniú. 

53. (1) Nuair nach mó ná €20,000 na fáltais chomhlána as na sócmhainní a réadófar in aon fhéimheacht, ceadófar eisíocaíochtaí aturnae an chreidiúnaí achainígh mar aon le trí chúigiú amháin de mhuirir ghairmiúla an aturnae sin, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt. 

(2) Nuair nach mbeidh aon réadú tar éis bheith ann, nó nuair a bheidh an réadú gan chríochnú, más deimhin leis an gCúirt gur dócha go réadóidh na sócmhainní €20,000 ar a laghad, agus go n-ordóidh sí amhlaidh, ceadóidh an Breithneoir Costas Dlí na heisíocaíochtaí agus na muirir ghairmiúla iomlána. 

54. Ní íocfaidh an Sannaí Oifigiúil aon suim, nó ní cheadófar aon suim dó, i leith nó as los costas gan ordú ón gCúirt mura mó ná an méid a shonraítear in alt 61(3)(h) den Acht Féimheachta, 1988, an tsuim sin. 

55. (1) Nuair a bheidh dhá bharántas nó níos mó in ábhair ar leithligh i bhféimheacht nó i gcomhshocraíocht ag Cigire Féimheachta nó teachtaire nó cúntóir lena bhforghníomhú, agus go bhforghníomhófar iad, nó go bhféadfar iad a fhorghníomhú, san am céanna nó ar thuras leanúnach gan filleadh ar Bhaile Átha Cliath, déanfar na caiteachais taistil agus eile a thabhófar i leith an turais iomláin a chionroinnt idir na féimheachtaí nó na comhshocraíochtaí éagsúla, de réir mar a bheidh, agus ní cheadófar aon mhuirir dhúblacha in aon chás. 

(2) Féadfaidh an Sannaí Oifigiúil airgead a airleacan chuig an gCigire Féimheachta nó chuig cúntóir ag tabhairt faoi aon turas dó. 

56. Déanfar cóip de gach bille i bhféimheacht, nuair a bheidh sé tomhaiste nó breithnithe, a chomhdú láithreach leis an Scrúdaitheoir san ábhar lena mbainfidh sé. 

XII. Taisceadh nó forthairiscint i leith costas

57. (1) In aon iarratas chun costais a bhreithniú arna thionscnamh faoin Ordú seo ag duine a mbeidh an t-ordú chun costais a íoc déanta ina fhabhar nó ag dlí-chleachtóir, féadfaidh an duine is ábhar don ordú chun costais a íoc nó, de réir mar a bheidh, an cliant, laistigh de 21 lá ón iarratas a sheirbheáil air, nó tráth ar bith is déanaí ná sin le cead ó Bhreithneoir Costas Dlí, ar fhógra a bheith tugtha don pháirtí a mbeidh d’oibleagáid air costais a íoc nó, de réir mar a bheidh, an dlí-chleachtóir lena mbainfidh, suim airgid a íoc isteach sa Chúirt mar shásamh san éileamh ar chostais (sa Chuid seo, “taisceadh mar shásamh i gcostais”).  (2) I gcás ina ndéanfar taisceadh mar shásamh i gcostais, sonrófar san fhógra faoi thaisceadh mar shásamh i gcostais an tsuim a bheidh íoctha isteach i leith gach cinn de na nithe seo a leanas (Cáin Bhreisluacha san áireamh, i gcás inarb infheidhme): (i) costais aon ghnólachta aturnaetha; (ii) costais aon abhcóide, agus (3) an méid iomlán eisíocaíochtaí nó eisíoca (seachas i leith táillí dlí-chleachtóirí) a bheidh á éileamh, agus an méid iomlán a bheidh íoctha isteach amhlaidh. 

(2) I gcás ina ndéanfar taisceadh mar shásamh i gcostais, sonrófar san fhógra faoi thaisceadh mar shásamh i gcostais an tsuim a bheidh íoctha isteach i leith gach cinn de na nithe seo a leanas (Cáin Bhreisluacha san áireamh, i gcás inarb infheidhme): (i) costais aon ghnólachta aturnaetha; (ii) costais aon abhcóide, agus (3) an méid iomlán eisíocaíochtaí nó eisíoca (seachas i leith táillí dlí-chleachtóirí) a bheidh á éileamh, agus an méid iomlán a bheidh íoctha isteach amhlaidh. 

(3) Déanfaidh páirtí a mbeidh d’oibleagáid air costais a íoc nó, de réir mar a bheidh, dlí-chleachtóir, ar a seirbheálfar fógra faoi thaisceadh mar shásamh i gcostais, cóip den fhógra faoi thaisceadh mar shásamh i gcostais a sheirbheáil ar gach dlí-chleachtóir a mbeidh méid i leith costas sonraithe dá ghnólacht nó dó san fhógra faoi thaisceadh mar shásamh i gcostais. 

(4) Is i bhFoirm Uimh. 5 i gCuid V d’Fhoscríbhinn W, fara aon mhodhnuithe is gá, a bheidh an fógra faoi thaisceadh mar shásamh i gcostais agus déanfar é a chomhdú in Oifig na mBreithneoirí Costas Dlí, ach ní dhéanfar é a nochtadh don Bhreithneoir Costas Dlí go dtí go mbeidh cinneadh críochnaitheach déanta ar na himeachtaí maidir leis an iarratas ar bhreithniú costas. 

58. (1) I gcás ina ndéanfar taisceadh mar shásamh i gcostais faoi riail 57 féadfaidh an duine a mbeidh an t-ordú chun costais a íoc déanta ina fhabhar nó, de réir mar a bheidh, an dlí-chleachtóir, laistigh de 14 lá ón lá a bhfaighidh sé an fógra faoi thaisceadh mar shásamh i gcostais, nó laistigh de cibé tréimhse bhreise a chomhaontóidh na páirtithe, glacadh leis an tsuim mar shásamh sna costais trí fhógra a thabhairt don pháirtí a bheidh faoi dhliteanas na costais a íoc, i bhFoirm Uimh. 6 i gCuid V d’Fhoscríbhinn W, fara aon mhodhnuithe is gá; agus air sin beidh sé i dteideal íocaíocht na suime a mbeidh glactha léi mar shásamh a fháil. 

(2) Is leis an duine a mbeidh an t-ordú chun costais a íoc déanta ina fhabhar nó, ar údarás i scríbhinn uaidh lena aturnae nó, de réir mar a bheidh, leis an dlí-chleachtóir lena mbainfidh, a íocfar an t-airgead, agus air sin bacfar imeachtaí maidir leis an mbreithniú nó i leith bhreithniú na gcostas. 

59. Mura ndéanfar an t-airgead a bheidh íoctha isteach a thógáil amach faoi riail 60, ní dhéanfar an t-airgead sin a íoc amach ach amháin mar shásamh sna costais a mbeidh sé íoctha isteach ina leith agus de bhun deimhnithe ón mBreithneoir Costas Dlí. 

60. Mura nglacfaidh an duine a mbeidh an t-ordú chun costais a íoc déanta ina fhabhar nó, de réir mar a bheidh, an dlí-chleachtóir, leis an tsuim a bheidh íoctha isteach amhlaidh ach go rachaidh sé ar aghaidh leis an mbreithniú i leith na gcostas sin agus nach gcinnfear níos mó ná an tsuim a bheidh íoctha isteach sa Chúirt a bheith dlite dó, ansin beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas: 

(1) Más mó an tsuim a bheidh íoctha isteach sa Chúirt ná an tsuim a chinnfear a bheith dlite i leith costas don duine a mbeidh an t-ordú chun costais a íoc déanta ina fhabhar nó, de réir mar a bheidh, don dlí-chleachtóir, aisíocfar an bhreis leis an duine is ábhar don ordú chun costais a íoc nó, de réir mar a bheidh, leis an gcliant, agus coimeádfar an t-iarmhéid sa Chúirt. 

(2) Beidh an duine a mbeidh an t-ordú chun costais a íoc déanta ina fhabhar nó, de réir mar a bheidh, an dlí-chleachtóir, i dteideal chostais an bhreithnithe anuas go dtí tráth déanta na híocaíochta sin isteach sa Chúirt. 

(3) Beidh an duine is ábhar don ordú chun costais a íoc nó, de réir mar a bheidh, an cliant, i dteideal chostais an bhreithnithe ó thráth déanta na híocaíochta sin isteach sa Chúirt. 

(4) Déanfar na costais a luaitear i míreanna (2) agus (3) a fhritháireamh i gcoinne a chéile, agus:

(i) más rud é go mbeidh an t-iarmhéid i bhfabhar an duine is ábhar don ordú chun na costais a íoc nó, de réir mar a bheidh, i bhfabhar an chliaint, déanfar méid an chéanna a shásamh pro tanto as an airgead a bheidh fágtha sa Chúirt agus, a mhéid nach leor an t-airgead a bheidh fágtha sa Chúirt chun an céanna a shásamh, beidh sé inghnóthaithe ón duine a mbeidh an t-ordú chun costais a íoc déanta ina fhabhar nó, de réir mar a bheidh, ón dlí-chleachtóir, nó 

(ii) más rud é go mbeidh an t-iarmhéid i bhfabhar an duine a mbeidh an t-ordú chun costais a íoc déanta ina fhabhar nó, de réir mar a bheidh, i bhfabhar an dlí-chleachtóra, beidh méid an chéanna inghnóthaithe ón duine is ábhar don ordú chun costais a íoc nó, de réir mar a bheidh, ón gcliant. 

(5) Aon airgead a bheidh fágtha sa Chúirt tar éis an t-iarmhéid (más ann) a bheidh dlite don duine is ábhar don ordú chun costais a íoc nó, de réir mar a bheidh, don chliant, i leith costas mar a dúradh a shásamh, íocfar amach é leis an duine a mbeidh an t-ordú chun costais a íoc déanta ina fhabhar nó, de réir mar a bheidh, leis an dlí-chleachtóir. 

(6) Más rud é, in aon chás, go mbeidh an Breithneoir Costas Dlí den tuairim nach gá, chun críocha na míreanna sin roimhe seo den riail seo, an t-iarmhéid go léir dá dtagraítear i mír (1) a choinneáil sa Chúirt, féadfaidh sé a ordú cibé méid de is cuí leis a íoc amach leis an duine a mbeidh an t-ordú chun costais a íoc déanta ina fhabhar nó, de réir mar a bheidh, leis an dlí-chleachtóir. 

61. (1) Sa riail seo, tá le “páirtí cáilithe” an bhrí chéanna atá leis in Ordú 22, riail 14. 

(2) I gcás ina mbeidh páirtí cáilithe i dteideal taisceadh a dhéanamh mar shásamh i gcostais faoi riail 57, ansin féadfaidh an páirtí sin, in ionad aon airgead a thaisceadh sa Chúirt, a fhorthairiscint íoc a dhéanamh mar shásamh i gcostais leis an bpáirtí nó na páirtithe eile sa chúis nó sna himeachtaí (sa riail seo, “forthairiscint mar shásamh i gcostais”). 

(3) Measfar aon fhorthairiscint mar shásamh i gcostais a dhéanfar faoin riail seo a bheith ina taisceadh mar shásamh i gcostais agus measfar an éifeacht chéanna a bheith léi is atá le taisceadh mar shásamh i gcostais agus beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha uile rialacha 57 go 60 go huile maidir leis an bhfor-thairiscint sin mar shásamh i gcostais i dtaca leis an tréimhse ama chun an céanna a dhéanamh agus chun glacadh leis an gcéanna amhail mar atá feidhm acu maidir le taisceadh mar shásamh i gcostais. 

(4) Is de réir Fhoirm Uimh. 5 i gCuid V d’Fhoscríbhinn W, fara na modhnuithe is gá, a dhéanfar forthairiscint mar shásamh i gcostais. Is i bhFoirm Uimh. 6 i gCuid V d’Fhoscríbhinn W, fara na modhnuithe is gá, a bheidh fógra i dtaobh glacadh le forthairiscint mar shásamh i gcostais, agus beidh feidhm ag forálacha riail 58 maidir leis sin.

(5) I gcás ina mbeidh glactha le forthairiscint mar shásamh i gcostais, agus as an aithle sin go gceanglófar ar an bpáirtí a mbeidh an fhorthairiscint mar shásamh i gcostais déanta aige an tsuim a bheidh sonraithe a íoc, déanfar an tsuim shon-raithe sin a íoc laistigh de cheithre seachtaine ó dháta an fógra a fháil go bhfuiltear ag glacadh leis an gcéanna. 

(6) Maidir le haon pháirtí cáilithe a mbeidh forthairiscint mar shásamh i gcostais déanta aige a mbeifear tar éis glacadh léi ach a mbeidh mainnithe aige an tsuim a bheidh sonraithe san fhorthairiscint sin mar shásamh i gcostais a íoc laistigh den tréimhse ama a bheidh ceangailte, leanfaidh sé air de bheith faoi dhliteanas an tsuim a bheidh sonraithe a íoc, mar aon le hús uirthi, de réir an ráta a bheidh socraithe i gcomhair breithiúnas ón gCúirt, in aghaidh gach míosa nó coda den mhí a fhanfaidh an tsuim sin nó aon chuid di fós gan íoc.”

__________________________________________

1]  Ordú 99 curtha ina ionad go hiomlán le I.R. Uimh. 584 de 2019 le héifeacht ón 3 Nollaig 2019.