HC47

Iarratais ar bhreithiúnas le toiliú

1. De bhun fo-alt (1) d'alt 25 d'Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte 1995, tugaim treoir gur féidir leis an Máistir éisteacht leis na cineálacha iarratais seo a leanas:

(a) iarratais ar bhreithiúnas le toiliú do shuim leachtaithe ach amháin in imeachtaí ina bhfuil damáistí á éileamh thar ceann naíonán;

(b) iarratais ar bhreithiúnas le toiliú do ghnóthú talún, le nó gan cíos nó foghail-bhrabúis;

(c) iarratais ar bhreithiúnas le toiliú chun earraí ar leith a sheachadadh.

2. Beidh éifeacht ag an treoir seo ón 3ú lá de mhí na Nollag 2007.

Arna dhátú an 30ú lá seo de mhí na Samhna, 2007
Uachtarán na hArd-Chúirte

High court