HC45
Leas a bhaint as nasc físchomhdhála chun fianaise a thógáil i gcásanna sibhialta
Ní mór iarratais ar chead fianaise a éisteacht trí nasc físchomhdhála a dhéanamh chuig Breitheamh atá i bhfeighil an Liosta, nó má tá an cás sainithe cheana féin ba chóir é a dhéanamh chuig an mBreitheamh a bhfuil séisín an cháis aige nó aici.
Ba cheart an t-iarratas seo a dhéanamh trí lá oibre ar a laghad roimh an dáta a bhfuiltear ag súil lena leithéid d'fhianaise a éisteacht.
Ní mór d'aturnae an pháirtí a bheidh ag glaoch ar an bhfinné na nithe seo a leanas a dhéanamh:
Gealladh don chúirt páirt iomlán a ghlacadh sna glaonna tástála go léir ar gá a dhéanamh chuig an suíomh cianda.
An fhaisnéis theicniúil go léir atá riachtanach a chur ar fáil don cláraitheoir faoin suíomh cianda mar aon le sonraí an cháis a bhfuiltear ag déanamh an iarratais faoi (ní mór an fhoirm atá ar fáil in Aguisín I den Treoir Cleachtais seo a chomhlánú go hiomlán agus a thabhairt do chláraitheoir na cúirte)
Déanamh cinnte go bhfuil cóip de théacs oiriúnach diaga ar fáil ag an suíomh cianda chun go bhféadfaidh an finné mionn a thabhairt sula dtugann sé/sí fianaise
Déanamh cinnte go dtugtar gach cáipéis don bhfinné ag an ionad cianda (lena n-áirítear pléadálacha) a d'fhéadfaí a iarradh air/uirthi féachaint orthu le linn fianaise a thabhairt.
Ba chóir do chleachtóirí a thuiscint go mb'fhéidir gur gá an trial a aistriú go seomra cúirte a bhfuil an trealamh riachtanach ann má éiríonn lena n-iarratas leas a bhaint as an teicneolaíocht seo le fianaise a éisteacht.
Richard Johnson
Uachtarán na hArd-Chúirte
An 3ú lá seo de Bhealtaine, 2007