HC49
Mionnscríbhinn ioncaim intíre
An Ard-Chúirt
Fógra agus Treoir Chleachtais
Probháid
An tAcht Comharbais 1965
alt 42
42 (1) Déanfar na doiciméid seo a leanas -
(a) gach uacht bhunaidh a ndeonófar ionadaíocht ina leith san Oifig Phrobháide,
(b) cóipeanna de gach uacht a mbeidh a scríbhinn bhunaidh le caomhnú i gclárlanna probháide ceantair, agus
(c) cibé doiciméid eile a ordóidh Uachtarán na hArd-Chúirte, a thaisceadh agus a chaomhnú san Oifig Phrobháide faoi urlámhas Uachtarán na hArd-Chúirte, agus féadfar iad a iniúchadh de réir a orduithe.
De bhun fo-alt (1) de alt 42 den Acht Comharbais 1965, leis seo ordaím mar seo a leanas:
1. Maidir leis an tagairt i mír (c) den fho-alt réamhráite d'aon doiciméad eile lena thaisceadh agus a chaomhnú san Oifig Phrobháide faoi rialú Uachtarán na hArd-Chúirte, áireofar lena leithéid de dhoiciméid iad sin atá riachtanach chun iarratas a dhéanamh chuig an Oifig Phrobháide nó chuig an gClárlann Phrobháide Cheantair ar eisiúint Deonú Ionadaíochta maidir le heastát duine mhairbh.
2. Ar eisiúint an deonaithe ionadaíochta, tá a leithéid de dhoiciméid le cur ar fáil don phobal le haghaidh iniúchta ach amháin i gcás mionnscríbhinn ioncaim Intíre lena mbainfidh na coinníollacha seo a leanas:
(A) Féadfaidh na daoine a leanas fardal eastát duine mhairbh mar atá i mionnscríbhinn ioncaim intíre a iniúchadh:
(i) tairbhí atá ainmnithe in uacht an duine mhairbh a bhí deimhnithe san Oifig Phrobháide nó i gClárlann Phrobháide Cheantair,
(ii) duine atá i dteideal cion in eastát an duine mhairbh,
(iii) creidiúnaí an duine mhairbh ar admhaigh an t-eastát a f(h)iacha nó ar chruthaigh an creidiúnaí i gceist a f(h)iacha, nó creidiúnaí an duine mhairbh in aon chás eile mar a n-ordaíonn Breitheamh na Ard-Chúirte ag feidhmiú a d(h)línse probháide amhlaidh
(iv) i dteideal imeachtaí a chur i leith an eastáit de bhun Alt 117 den Acht Comharbais, 1965.
(B) Féadfaidh fostaí gníomhaireacht rialtais nó ranna rialtais gach faisnéis atá sa mhionnscríbhinn ioncaim intíre agus a bhfuil leas dlisteanach ag an roinn rialtais nó ag an ngníomhaireacht rialtais inti a iniúchadh
ar choinníoll go gcruthaíonn an té ar mhian leis nó léi a leithéid de dhoiciméadúchán faoi (A) nó (B) a iniúchadh chun sástacht an Oifigigh Phrobháide, an Chláraitheora Probháide Ceantair, nó bhreitheamh na hArd-Chúirte ag feidhmiú a d(h)línse probháide, de réir mar a bheidh, go bhfuil sé iomchuí a leithéid d'iniúchadh a cheadú.
Arna dhátú 4 Meitheamh, 2014
Nicholas J. Kearns
Uachtarán na hArd-Chúirte