HC55
Achtanna na gCuideacthaí - achainí foirceanta
1. Nuair a bhítear ag cur achainí chun cuideachta a fhoirceannadh i láthair ba chóir do aturnae an achainígh cóip den achainí a chur isteach sa Phríomh-Oifig na hArd-Chúirte do chláraitheoir na cúirte seansaireachta leis an dáta a seoltar ar ais iad formhuinithe air.
2. Ba chóir fógraíocht achainí a dheimhniú i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte trí mhionnscríbhinn a chomhdú tráth nach déanaí ná 4.30 i.n. ar an Déardaoin sula seoltar ar ais é.
3. Tarraingítear aird chleachtóirí ar Ordú 74 Riail 16 de Rialacha na nUaschúirteanna (1986) a léann mar seo a leanas:-
Ullmhóidh an cleachtóir, nó a aturnae, liosta san Fhoirm Uimh. 9 de ainmneacha agus seoltaí na ndaoine a bhfuil fógra tugtha acu go bhfuil sé ar intinn acu láithreas a dhéanamh ar éisteacht achainí, agus a gcuid aturnaetha faoi seach. Tabharfaidh an t-achainíoch, nó a aturnae, cóip den liosta (nó mura bhfuil aon fhógra go bhfuiltear chun teacht i láthair tugtha ráiteas i scríbhinn á chur sin in iúl) don chláraitheoir sula n-éistfear an achainí.
Arna dhátú an 3ú lá seo de mhí Feabhra, 2011
Nicholas J. Kearns
Uachtarán na hArd-Chúirte