HC28

Achtanna na gCuideachtaí - iarratais faoi s.150(1) Achtanna na gCuideachtaí 1990

Beidh feidhm leis na nósanna imeachta seo a leanas ón 24ú lá de Mhárta 2003 maidir le hiarratais chuig an gcúirt faoi alt 150(1) de Acht na gCuideachtaí 1990 chun dearbhú a fháil go gcuirfear srian ar stiúrthóir amháin nó níos mó as cuideachta dócmhainneach atá páirteach i leachtú deonach.

Úsáidfidh leachtaitheoir na nósanna imeachta sin a mbeidh sé de oibleagáid air/uirthi a leithéid d'iarratas a dhéanamh de bhun alt 56 de Acht um Fhorfheidhmiú Dlí Cuideachtaí 2001 agus freisin Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach nó leachtaitheoir nó glacadóir a dhéanfaidh iarratas den sórt sin de bhun alt 150(4A) de Acht na gCuideachtaí 1990.

Úsáidfear na nósanna imeachta sin freisin maidir le hiarratais ar shíneadh ama de bhun alt 56(2) den Acht um Fhorfheidhmiú Dlí Cuideachtaí 2001.

Úsáidfear na foirmeacha dá dtagraítear sa treoir cleachtais seo agus atá iarcheangailte leis seo mar is cuí agus mura bhfuil sé cuí úsáidfear foirmeacha infheidhmithe den chineál céanna le héagsúlachtaí den sórt de réir mar a éileoidh na himthosca sin.

1. Cuirfear tús le hiarratas ar dheimhniú go gcuirfear srian ar stiúrthóir cuideachta atá i leachtú deonach faoi alt 150(1) de Acht na gCuideachtaí 1990 trí fhógra foriarratais (Foirm 1) a thionscnú agus é bunaithe ar mhionnscríbhinn an iarrthóra (Foirm 2). Déanfar iarratais maidir le roinnt stiúrthóirí as cuideachta amháin ar fógra foriarratais amháin ach amháin nuair a éilíonn na himthosca a mhalairt. 

2. Nuair is gá déanfar iarratas chuig an gcúirt faoi alt 56(2) den Acht um Fhorfheidhmiú Dlí Cuideachtaí 2001 chun síneadh ama a chur leis an achar a dhéanfar an t-iarratas faoi alt 150(1) de Acht na gCuideachtaí 1990 ar an bhfógra foriarratais céanna.

3. Leagfaidh an mionnscríbhinn a bheidh mar bhunús ag an iarratas ar shrianadh amach na fíricí go léir a bhreithníonn an t-iarrthóir ba chóir a thabhairt faoi bhráid na cúirte chun críche cinneadh a dhéanamh

i. cibé ar ghníomhaigh gach duine de na freagróirí go hionraic maidir le hiompar chúrsaí na cuideachta

ii. cibé ar ghníomhaigh gach duine de na freagróirí go freagrach maidir le hiompar chúrsaí na cuideachta

iii. cibé an bhfuil aon chúis eile ann go mbeadh sé ceart agus cóir srian a chur ar aon duine de na freagróirí
iv. más cuí cibé an bhfuil feidhm le haon cheann de na himthosca atá leagtha amach i s.150(2)(b) nó nach bhfuil.

4. Eiseofar foriarratais sa Phríomh-Oifig agus beidh siad inchurtha ar dháta nach lú ná 28 lá ón dáta eisithe agus seirbheáilfear iad leis an mbun-mhionnscríbhinn agus le cóip den treoir cleachtais seo (gan foirmeacha 1 & 2 san áireamh) ar an bhfreagróir(í) nach lú ná 21 lá iomlán roimh an dáta a mbeidh siad le cur ar ais.

5. Cuirfear láithreas maidir leis an bhfógra foriarratais (Foirm 3) isteach sa Phríomh-Oifig agus seirbheáilfear é ar an iarrthóir nó ar a aturnae má tá sé ar taifead laistigh de 10 lá ó dháta seirbhíse an fhógra foriarratais.

6. Sa chás go gcuirtear i gcoinne iarratais cuirfidh an freagróir mionnscríbhinn ar chomhad agus seirbheáilfidh sé/sí é ag leagan amach na bhfíricí ar a bhfuil an t-iarratas ina choinne agus cuirfear an mionnscríbhinn ar chomhad sa Phríomh-Oifig agus seirbheáilfear é ar an iarrthóir nó ar a aturnae má tá sé ar taifead nach lú ná 4 lá iomlán roimh an dáta a mbeidh sé le seoladh ar ais nó am eile ina dhiaidh sin de réir mar a cheadóidh an chúirt ar bhonn eisceachtúil.

7. I gcás nach gcuirfidh freagróir aon láithreas isteach nó nach ndéantar sin ar a shon cuirfidh an t-iarrthóir mionnscríbhinn seirbhíse ar chomhad sa Phríomh-Oifig nach lú ná 2 lá iomlán roimh an lá a mbeidh sé le seoladh ar ais.

8. Sa chás go mbeidh iarratais istigh chun go mbeidh aon pháirtí in ann síneadh ama a fháil le mionnscríbhinní a chomhadú ní bhronnfar an síneadh ama sin ach ar bhonn eisceachtúil áit a mbeidh an chúirt sásta go bhfuil cúis mhaith ann an síneadh ama a fháil.

9. Féadfaidh an chúirt iarratais a sheirbheáiltear go cuí a chinneadh ar an dáta a mbeidh siad le seoladh ar ais.

Uachtarán na hArd-Chúirte

High court