HC48

Foriarratais an dlí choitinn - breithiúnas d'éagmais láithris

Déanann an treoir chleachtais seo leasú ar fhorálacha na treorach cleachtais HC23 sa mhéid is a bhaineann an ceann sin le horduithe bhreithiúnas d'éagmais láithris.

Baineann an treoir chleachtais seo le horduithe bhreithiúnas d'éagmais láithris a rinneadh ar an 14ú lá de mhí Eanáir 2008 nó ina dhiaidh sin.

Orduithe breithiúnais d'éagmais láithris

Iarrtar ar chleachtóirí a thabhairt faoi ndeara nuair a dheonaíonn an chúirt breithiúnas d'éagmais láithris, le héifeacht ón 14ú lá de mhí Eanáir 2008, go mbeidh réamhaithris san ordú nach raibh aon láithreas déanta ag an gcosantóir nó thar a c(h)eann agus go ndearnadh an t-ordú ar choinníoll an cúirt a bheith sásta maidir leis an tseirbhís.

Nuair a dhéantar orduithe le haghaidh breithiúnais d'éagmais láithris ar an 14ú lá de mhí Eanáir 2008 nó ina dhiaidh sin, ní bheidh sé de dhualgas a thuilleadh ar chleachtóirí teastais neamh-láithris a lóisteáil leis an gcláraitheoir. Ullmhóidh an cláraitheoir a leithéid d'orduithe, ar choinníoll go léiríonn an taifead i gcóras um rianú cás na hArd-Chúirte, nach raibh láithreas ar bith iontráilte.

Bainfidh forálacha HC23 fós le horduithe a rinneadh roimh an 14ú lá de mhí Eanáir 2008.

Arna dhátú an 19ú lá seo de mhí na Nollag 2007.
Uachtarán na hArd-Chúirte

High court