CC26

Covid-19 - Lorg agus Rianaigh

Treoir Chleachtais
Covid-19 “Lorg agus Rianaigh”

Ar mhaithe le sláinte phoiblí agus sláinte na ndaoine go léir a bhfuil baint acu le riar an cheartais, le héifeacht ón 1 Meán Fómhair 2020 agus go dtí go bhfógrófar a mhalairt, déanfaidh an t-aturnae ar thaifead thar ceann páirtí ar bith in iarratas nó i ndiaidh d'ábhar éisteachta corpartha san Ard-Chúirt an méid seo a leanas:

  1. sonraí teagmhála a fháil ó GACH duine a fhreastalaíonn ar an gCúirt thar ceann an pháirtí a bhfuil ionadaíocht á déanamh acu ar a son;
  2. cead a lorg uathu chun an fhaisnéis a thugtar a choinneáil agus a sheachadadh chuig FSS má iarrtar sin; agus
  3.  nuair a fhaightear cead faisnéis den sórt sin a choinneáil, coimeádfaidh an t-aturnae an fhaisnéis sin sábháilte agus cuirfear í ar fáil go ceann tréimhse 4 seachtaine tar éis an iarratais nó an imeachta sin agus ina dhiaidh sin, cinnteoidh sé/sí go bhfaighfear réidh leis an bhfaisnéis chéanna go sábháilte i gcomhréir leis na Rialacháin um Chosaint Sonraí.

Patricia Ryan
Uachtarán na Cúirte Cuarda
Arna dhátú an 28 Lúnasa 2020

Circuit Court