CC15

Nós Imeachta Fógra Trialach - Cuarda an Oirdheisceart

An Chúirt Chuarda
Cuarda an Oirdheisceart

Níor cheart Fógra Trialach (An Dlí Sibhialta/Teaghlaigh) a sheirbheáil go dtí go bhfuil an cás réidh le dul ar aghaidh. Chomh luath is a sheirbheáiltear é, ní mór an cás a liostú sa chéad liosta iomchuí eile.

Tá freastal ar Ghlaoch an liosta os comhair an Chláraitheora Contae riachtanach.

Sula seirbheálfar Fógra Trialach ba cheart Litir Rabhaidh 21 lá a sheoladh chuig an bpáirtí freasúrach lena gcuirtear in iúl go bhfuil sé ar intinn Fógra Trialach a eisiúint. Má tá deacracht ag an bpáirtí freasúrach leis an bhFógra Trialach a eisiúint ba cheart iarratas a dhéanamh trí Fhoriarratas iar bhFógra os comhair an Chláraitheora Contae maidir leis sin. Ba cheart an litir Rabhaidh a chomhdú leis an bhFógra Trialach.

Treoir Chleachtais an Bhreithimh Alice Doyle
arna dhátú an 2ú lá de Bhealtaine 2012.

Circuit Court