CC27

An Chuaird lártíre - Treoir chleachtais ar Réamhthriail

AN CHUAIRD LÁRTÍRE
TREOIR CHLEACHTAIS AR RÉAMHTHRIAIL
TREORACHA MAIDIR LE HÉISTEACHTAÍ IN ÁBHAIR CHOIRIÚLA

Ó théarma na Féile Michíl ar aghaidh, reáchtálfar éisteacht treoracha réamhthrialach maidir le gach triail ghiúiré choiriúil sa chuaird Lár Tíre. Is é cuspóir na héisteachta treoracha ná chun cuidiú leis an ionchúiseamh agus leis an gcosaint agus iad ag socrú na ábhair atá comhaontaithe agus na hábhair atá á gconspóid. Tá sé seo an-tábhachtach mar cuideoidh sé leo na finnéithe a chaithfidh fianaise a thabhairt agus na finnéithe is féidir a chomhaontú a oibriú amach agus a ráitis a léamh isteach sa taifead. Samhlaítear chomh maith go bhféadfaí ábhair maidir le slabhra fianaise, rabhadh, gabháil, cúiseamh agus coinneáil a chomhaontú ag an éisteacht treoracha agus leis sin go laghdófaí an gá a bheadh le finnéithe a bhaineann le hábhair den sórt sin a bheith i láthair sa chúirt. Leis seo beidh ar an Ionchúiseamh gach Ráiteas Fianaise Breise atá riachtanach agus atá ar fáil maidir le saincheisteanna ar nós slabhra coimeádta agus dlíthiúlacht coinneála roimh éisteacht na dtreoracha réamhthrialach a sheirbheáil. Le feidhmiú ceart na n-éisteachtaí treorach, beidh gá leis an gCosaint comhoibriú trí mhionsonraí uile na bhfinnéithe saineolacha mar atá leagtha amach in alt 34(3) den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 2010, a sholáthar don ionchúiseamh roimh éisteacht na dtreoracha, d'ainneoin nach mbeidh an teorainn ama atá leagtha amach in alt 34(2) den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 2010. imithe in éag. Beidh ar an gcosaint a seasamh a chur in iúl roimh éisteachtaí na dtreoracha freisin maidir le haon fhógra arna sheirbheáil ag an Ionchúiseamh de bhun alt 22 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1984, agus chun an seasamh a dheimhniú maidir le glaoch ar aon fhianaise ailibí. Cuirfear mainneachtain ag an nGearánaí nó ag an gCosaint na céimeanna seo a thógáil san áireamh agus aon chinneadh á dhéanamh chun éisteacht na dtreoracha a dheimhniú mar lá trialach.

Mar gheall ar an ngéarchéim Covid 19, tá ceangal ar na breithiúna, an tseirbhís chúirteanna, ar chleachtóirí dlí agus ar dhlíthithe chun líon na ndaoine a fhreastalaíonn ar an gcúirt a íoslaghdú. Is féidir an cuspóir seo a éascú go mór le héisteacht na dtreoracha réamhthrialach. Táthar ag súil go dtionólfar an éisteacht treoracha réamhthrialach ar a laghad trí seachtaine roimh dháta na trialach. Beidh ceangal ar ionadaithe ón ionchúiseamh agus ón gcosaint freastal ar éisteacht na dtreoracha réamhthrialach a ndéileálfar leis mar dháta trialach chun críocha cúnaimh dhlíthiúil. Le go n-oibreoidh éisteacht na dtreoracha réamhthrialach go héifeachtúil, beidh ar an ionchúiseamh agus ar an gcosaint dul i dtaithí ar an leabhar fianaise agus ar gach cáipéis nochta. Agus é/í ag dul i dtaithí ar na cáipéisí seo go luath, tá seans ann go gcinnfeadh an cúisí go ndéanfaí díotchúiseamh air/uirthi arís agus go bpléadálfadh sé/sí ciontach. I gcás ina dtarlóidh sé sin, déileálfar le pléadáil chiontach mar phléadáil luath chun críocha pianbhreithe. I gcás ina gciontaítear cúisí ina dhiaidh sin, má chomhoibríonn an cúisí sin le héisteachtaí na dtreoracha ar mhaithe le láithreacht finnéithe nach bhfuil gá leo a sheachaint, féadfar an comhoibriú sin a chur san áireamh sa mhaolú pianbhreithe.

Chun éifeachtacht na héisteachta treoracha réamhthrialach a chinntiú, ba cheart a thabhairt faoi deara má thagann aon athrú ar threoracha an chúisí ar dháta na trialach agus ar dhátaí ina dhiaidh sin faoina gceanglaítear anois ar fhinnéithe, ar comhaontaíodh roimhe seo iad a bheith i láthair nó finnéithe saineolacha nár cuireadh in iúl agus atá á gcur ar an eolas anois de bhun alt 34 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 2010, tar éis d'éisteacht na dtreoracha, d'fhéadfadh ansin go n-athbhreithneofaí eisiúint cúnaimh dhlíthiúil i leith éisteacht na dtreoracha réamhthrialach de bharr athrú treoracha agus b'fhéidir go ndéanfaí é a chúlghairm mar thoradh ar athrú treoracha den sórt sin. Ar ndóigh, déanfar measúnú ar gach athrú treoracha den sórt sin ar bhonn cás ar chás agus cuirfear na himthosca ábhartha go léir san áireamh sula ndéanfar cinneadh chun cúnamh dlíthiúil a chúlghairm le haghaidh éisteacht na dtreoracha réamhthrialach.

Táthar ag súil go mbainfear na cuspóirí seo a leanas amach le cur i bhfeidhm éifeachtach na treorach cleachtais seo:

  1. líon na ndaoine a chaithfidh freastal ar an gcúirt le haghaidh trialach a laghdú.
  2. éisteachtaí trialach a bhrostú agus éifeachtacht a mhéadú.
  3. úsáid níos fearr agus níos éifeachtaí a bhaint as am agus acmhainní na cúirte.
  4. an méid ama a chaithfidh giúróirí a chaitheamh sa chúirt a laghdú.
  5. éascú a dhéanamh ar thairiscintí pléadálacha roimh dháta na trialach agus ar an gcaoi sin seachnaítear an gá le finnéithe freastal ar an gcúirt agus ar ghiúiréithe a chur ar phainéal.

Arna dhátú an 30ú lá de Mheán Fómhair 2020
Treoir eisithe ag
An Breitheamh Keenan Johnson
An Breitheamh Francis Comerford.
An Breitheamh Karen Fergus.

Circuit Court