CC17

Imeachtaí maidir le seilbh nó díol de bhun morgáiste

AN CHÚIRT CHUARDA
Imeachtaí maidir le seilbh nó díol de bhun morgáiste

  1. Ba cheart an Treoir Chleachtais seo a léamh in éineacht le hOrdú 5B de Rialacha na Cúirte Cuarda, arna leasú.[1]

  1. Bille Sibhialta – pléadáil dlínse
    Ba cheart go dtaispeántar dlínse ar éadan an Bhille Shibhialta, dá réir sin ba cheart go n-áirítear le Formhuiniú an Éilimh ar Bhille Sibhialta le haghaidh seilbhe nó díola de bhun morgáiste, i gcomhréir le Foirm 2R de Sceideal na bhFoirmeacha de chuid Rialacha na Cúirte Cuarda, ráiteas maidir le cé acu díobh seo a leanas a bhfuil feidhm acu (de réir mar is cuí don éileamh agus d'ábhar na n-imeachtaí):

  1. nach mó ná €253.95 luacháil inrátaithe na maoine morgáistithe;

  2. go dtionscnófar na himeachtaí sa Chúirt Chuarda de bhun alt 101(5) den Acht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha,2009;

  3. go dtionscnófar na himeachtaí sa Chúirt Chuarda de bhun alt 3 den Acht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha, 2013;

agus go bhfuil an réadmhaoin atá i gceist suite sa Chuaird iomchuí.

  1. Cruthúnais - liosta nach bhfuil uileghabhálach

Agus tú ag cur isteach ar ordú seilbhe, tá na cruthúnais seo a leanas ag teastáil mar íosmhéid:

  1. fianaise ar sheirbheáil na n-imeachtaí ar na hiasachtaithe agus ar na daoine go léir atá i seilbh os cionn 18 mbliana (más infheidhme). Ba cheart go n-áirítear le mionnscríbhinní nó dearbhuithe seirbheála ráiteas lena gcuirtear in iúl nach bhfuil daoine i seilbh seachas iad siúd a seirbheáladh;

  2. cóipeanna deimhnithe den litir/de na litreacha a seoladh chuig an gcosantóir

    1. mar a cheanglaítear le Treoir Chleachtais an 12 Samhain 2009

    2. maidir le fógra faoi aon dáta(í) atrátha;

  1. ba cheart go n-áireofaí sa mhionnscríbhinn forais, i gcomhréir le Foirm 54 de Sceideal na bhFoirmeacha de Rialacha na Cúirte Cuarda, deimhnisc maidir leis an méid seo a leanas agus lena léirítear na cáipéisí seo a leanas:

  1. fíorú ar na hábhair fíorais sa Bhille Sibhialta;

  2. mionsonraí na réadmhaoine lena mbaineann na himeachtaí, agus aon doiciméad ábhartha a thaispeáint (e.g. cóip dheimhnithe suas chun dáta d'Fhóilió);

  3. mionsonraí maidir le háitíocht na réadmhaoine;

  4. mionsonraí maidir leis an urrús ar a bhfuil an gearánaí ag seasamh, aon cháipéis ábhartha a thaispeáint (e.g. gníomhas morgáiste) agus, más infheidhme, fianaise ar aon toiliú maidir leis an urrús a thabhairt chun críocha alt 3 den Acht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh, 1976, nó alt 28 den Acht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí, 2010;

  5. mionsonraí maidir leis an gcomhaontú iasachta ar a bhfuil an gearánaí ag seasamh, aon cháipéis ábhartha (e.g. an litir saoráide) ar a bhfuil an gearánaí ag seasamh a thaispeáint, an méid sin a thaispeáint más i scríbhinn atá sé agus murar taispeánadh cheana féin é, agus mura bhfuil siad i scríbhinn, mionsonraí an chomhaontais a leagan amach;

  6. mionsonraí na riaráistí a líomhnaítear a bheith dlite nó mainneachtain eile atá líomhnaithe ag an gcosantóir, nó ábhar eile a bhfuil an gearánaí ag seasamh mar thaca leis an éileamh sna himeachtaí, cáipéisí ábhartha lena n-áirítear cumarsáidí ábhartha agus litreacha éilimh ar a bhfuiltear ag seasamh agus ráiteas ar riaráistí morgáiste atá cothrom le dáta a thaispeáint;

  7. i gcás ina bhfuil feidhm ag foráil/forálacha de chód an Bhainc Ceannais (faoi alt 117 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1989), faisnéis leordhóthanach chun cur ar chumas na Cúirte measúnú a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíon an gearánaí an méid céanna;

  8. i gcás inar athraigh ainm na cuideachta morgáistí, nó gur aistríodh nó gur sannadh cearta an mhorgáistí faoin morgáiste do pháirtí eile, cruthúnas (de réir mar a bheidh) ar an athrú ainm (e.g. mar atá taifeadta san Oifig um Chlárú Cuideachtaí) nó ar an ionstraim aistrithe nó sannta.

  1. Fiosrúcháin maidir le cá bhfuil an cosantóir

D'fhonn moilleanna a íoslaghdú, ba cheart do chleachtóirí gach iarracht réasúnach a dhéanamh chun a fháil amach cá bhfuil na Cosantóirí sna himeachtaí sula n-eiseofar an Bille Sibhialta. Má tá cónaí ar chosantóir lasmuigh den Aontas Eorpach, sula dtosaíonn na himeachtaí ba cheart do ghearánaithe iarratas a dhéanamh chuig an gCláraitheoir Contae ar chead chun imeachtaí a eisiúint le haghaidh seirbheála lasmuigh den dlínse, i gcomhréir le hOrdú 13 de Rialacha na Cúirte Cuarda.

  1. Deimhniú comhlíontachta

Ag an am céanna is a thíolacfar an Bille Sibhialta lena eisiúint, déanfaidh an t-aturnae thar ceann an ghearánaí deimhniú a thaisceadh leis an oifig chúirte lena gcuirtear in iúl gur comhlíonadh ceanglais an treoraithe seo.

  1. Iarratais ar atráth

Forordaítear le hOrdú 5B riail 8(3) an fhianaise atá le tabhairt ar mhionnscríbhinn i gcás ina bhfuil iarratas ó chosantóir ar atráth faoi alt 101(1)(a) nó ar fhaoiseamh faoi alt 101(1)(b) den Acht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha, 2009, á lorg. Tá na forálacha seo i bhfeidhm ar mhorgáistí a rinneadh trí ghníomhas tar éis an 1 Nollaig 2009. Maidir le morgáistí a cruthaíodh roimh an dáta sin i gcás nach bhfuil conspóid á déanamh ag an gcosantóir maidir le teidlíocht dhlíthiúil an ghearánaí morgáistí ar an bhfaoiseamh atá á lorg sna himeachtaí, ba cheart mionnscríbhinn lena leagtar amach nó lena dtaispeántar ráiteas faoi shócmhainní agus dliteanais an chosantóra agus lena leagtar amach mionsonraí maidir le togra an chosantóra íocaíocht den sórt sin a dhéanamh a bheith mar thaca le hiarratas an chosantóra ar atráth chun cur ar chumas an chosantóra an morgáiste a íoc ina iomláine nó chun teacht ar chomhaontú leis an iasachtóir maidir le haisíocaíocht an mhorgáiste.

  1. Tosach feidhme agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an treoir seo i ngníomh ar an 17ú lá de Lúnasa.2015 agus beidh sé i bhfeidhm le haghaidh imeachtaí a thionscnófar ar an dáta sin nó ina dhiaidh.

Arna dhátú an 10ú lá seo de Lúnasa 2015
Raymond Groarke
Uachtarán na Cúirte Cuarda


[1] Viz. ag I.R. Uimh. 358 de 2012 agus I.R. Uimh. 346 de 2015.

 

Circuit Court