CC18

Cuarda Lár Tíre Imeachtaí Sibhialta & Teaghlaigh

Treoir Chleachtais na Cuarda Lár Tíre

Imeachtaí Sibhialta

Tabhair faoi deara, le do thoil, amhail agus ón 1ú lá de Mheán Fómhair seo chugainn, go ndéileálfar le gach cás ina bhfuil fógra trialach eisithe mar chásanna atá réidh le dul ar aghaidh ag an nglaoch. Ní dheonófar aon iarratas ar chásanna den sórt sin a chur ar atráth ach amháin ar chúiseanna eisceachtúla láidre amhail bás nó tinneas tromchúiseach duine de na páirtithe nó finné riachtanach. I gcás nach bhfuil cás réidh le dáta éisteachta a fháil ag an nglaoch, scriosfar an fógra trialach ach amháin más de bharr imthosca eisceachtúla nár tugadh dáta nó dá mbeadh sé éagórach go follasach do pháirtí amháin nó don dá pháirtí ordú den sórt sin a dhéanamh nó dá n-éascódh sé páirtí nach bhfuil a thaobh féin den chás á chur chun cinn ar bhealach tráthúil agus éifeachtach. Tá an treoir seo á tabhairt chun éifeachtacht a spreagadh agus chun úsáid iomlán agus éifeachtach acmhainní na seirbhíse cúirte a chinntiú.

An dlí teaghlaigh

Tabhair faoi deara le do thoil, amhail ar agus ón 1ú lá de Mheán Fómhair seo chugainn, le haghaidh cásanna dlí teaghlaigh a d'fhág dul chun cinn cáis agus a aistríodh chuig an liosta glaoigh, ach nach bhfuil in ann dul ar aghaidh, déanfar iad a aistriú ar ais chuig dul chun cinn cáis, ach amháin dá mbeadh míchothrom nó éagórach follasach ann do cheann de na páirtithe. Tá an treoir seo á tabhairt chun riaradh an cheartais a fheabhsú agus chun úsáid cheart acmhainní cúirte a chinntiú.

Anuas air sin, tabhair faoi deara, i gcásanna a bhaineann le colscaradh nó le hidirscaradh breithiúnach, i gcás ina bhfuil na hábhair go léir comhaontaithe ag na páirtithe agus nach bhfuil aon orduithe coigeartaithe pinsin le déanamh, cuirfear na cásanna seo ar an liosta cúirte láithreach le hiad a éisteacht os comhair an bhreithimh, gan an gá le haon dul chun cinn cáis a dhéanamh.

Tá na treoracha cleachtais thuas á ndéanamh ní hamháin chun úsáid éifeachtach acmhainní cúirte a chinntiú ach freisin chun feabhas a chur ar sheachadadh seirbhíse do dhlíthithe agus a gcomhairleoirí dlí.

Táthar buíoch as do chomhoibriú maidir le cur i bhfeidhm na dtreoracha seo.


Eisithe ag na Breithiúna Onóracha
An Breitheamh Keenan Johnson & An Breitheamh Doirbhile Flanagan.
Arna dhátú an 14 Iúil 2016

Circuit Court