CC06
Orduithe forfheidhmithe Eorpacha
1. Tá feidhm le Rialachán (AE) Uimh. 805 /2004 de chuid Pharlaimint na hEorpa agus den Chomhairle Eorpach dár dáta an 21 Aibreán 2004 ag cruthú Ordú Forfheidhmithe Eorpach i gcás éileamh gan chonspóid (OJ L143, 30 Aibreán 2004, lth.15) ("Rialachán an AE"), ón 21 Deireadh Fómhair, 2005.
2. Tháinig Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Ordú Forfheidhmithe Eorpach) 2005 (I.R. Uimhir. 648 de 2005), arna ndéanamh chun feidhmiú Rialachán an AE a éascú, i bhfeidhm an 21 Deireadh Fómhair 2005.
3. (1) Is féidir iarratas chun breithiúnas de chuid na Cúirte Cuarda a dheimhniú mar Ordú Forfheidhmithe Eorpach a dhéanamh ex parte den chúirt ag an éisteacht nó tar éis na héisteachta ag a dtugtar nó a ndéantar an breithiúnas sin.
(2) Is féidir leis an gcreidiúnaí breithiúnais nó leis an bhféichiúnaí breithiúnais iarratas faoi Airteagal 6(2) de Rialachán Uimh. 805/2004 chun teastas a eisiúint ag tabhairt easpa nó teorainn forfheidhmithe breithiúnais le fios a dhéanamh ex parte den chúirt ag an éisteacht nó tar éis na héisteachta ag a dtugtar an breithiúnas a chuireann infhorfheidhmiú ar fionraí nó a chuireann teorainn leis.
(3) Is féidir le páirtí iarratas faoi Airteagal 6(3) de Rialachán Uimh. 805/2004 chun teastas nua a eisiúint ar chinneadh achomhairc chuig an gcúirt maidir le breithiúnas arna dheimhniú mar Ordú Forfheidhmithe Eorpach a dhéanamh ex parte don achomharc nuair a dhéantar seachadadh ar bhreithiúnas an bhreithiúnais nó ina dhiaidh sin.
(4) Is féidir iarratas faoi Airteagal 10(1) de Rialachán an AE chun teastas Ordaithe Forfheidhmithe Eorpaigh a cheartú nó a aistharraingt a dhéanamh chuig an gcúirt, ar fhógra a thabhairt don chreidiúnaí breithiúnais nó don fhéichiúnaí breithiúnas, cibé acu atá i gceist.
4. Beidh iarratas ar aon teastas thuasluaite, mura dtugann an chúirt a mhalairt de threoir, bunaithe ar mhionnscríbhinn a bheidh mionnaithe ag an bpáirtí aistrithe nó thar a gceann. Beidh mionnscríbhinn a bhunóidh iarratas chun breithiúnas teaghlaigh a dheimhniú mar Ordú Forfheidhmithe Eorpach i bhfoirm sceidil den treoir cleachtais seo, nó beidh na cúrsaí in altanna 2 go dtí 5 mar chuid den fhoirm sin.
5. Féadfaidh an chúirt an t-iarrthóir a threorú chun dréacht den fhoirm chomhlánaithe de theastas a chur isteach, sa chás nach bhfuil dréacht theastas den sórt sin taispeáinte do mhionscríbhinn cheana féin ag bunú an iarratais don teastas.
6. Síneoidh an Cláraitheoir Contae aon teastas dá dtagraítear de sna haltanna roimhe seo agus cuirfidh sé/sí a shéala leis an teastas sin.
7. Ní bheidh éifeacht ag an treoir cleachtais sin nuair a thiocfaidh Rialacha na Cúirte Cuarda i bhfeidhm, rialacha a rialóidh na cúrsaí thuasluaite.
Dátaith e an 1ú lá seo de Samhain, 2005.
Matthew Deery
Uachtarán na Cúirte Cuarda