CC04

Liosta chun dátaí a shocrú

Caithfidh litir á ndeimhniú seo a leanas, a bheith isteach le gach iarratas ar chúrsaí a bheidh le cur i liosta chun dátaí a shocrú, mar is cuí:

Go bhfuil luachálacha faighte agus malartaithe nó, ina áit sin go bhfuil ceantálaí neamhspleách ainmnithe ag na páirtithe agus go bhfuil tuarascáil faighte.

Go bhfuil mionnscríbhinní acmhainne atá go hiomlán dearbhaithe agus cothrom le dáta malartaithe. Leis sin meabhraítear do chleachtóirí gur chóir go leagfadh sceideal an mhionnscríbhinn acmhainne amach sonraí den ioncam ar fad, sócmhainní, fiachais agus dliteanais eile. De bhrí gur dliteanas iad costais dlí, is dóigh go gcuirfear sonraí faoina costais dlí sin a tabhaíodh cheana féin agus meastachán réasúnach ar chostais amach anseo san áireamh i litir arna síniú ag an iarrthóir/freagróir agus go gcuirfear ar fáil don bhreitheamh í ag tús na héisteachta.

Tá fógra(í) d'iontaobhaithe seirbheáilte agus tá ráitis tairbhithe faighte agus curtha ar fáil.

Tá gach tuarascáil de chuid cuntasóirí agus gach tuarascáil eile de chuid saineolaithe atá riachtanach faighte.

Comhlíonadh go hiomlán leis an bhfollasú.

I ngach cás ba chóir go dtabharfadh an teastas meastachán réadúil ar achar na héisteachta.

Sa chás nach mbíonn páirtí in ann deimhniú a thabhairt an bealach a éilítear mar gheall ar mhainneachtain ar bith de chuid an pháirtí eile ansin is féidir foriarratas ar threoracha a eisiúint ach fógra a thabhairt don pháirtí mainneachtana.

Ba chóir do chleachtóirí a thabhairt ar aird freisin go mbeidh liosta d'fhoriarratais treoracha liostaithe leis an liosta chun dátaí a shocrú chun cur ar chumas na cúirte cúnamh a thabhairt i mbainistíocht cásanna agus chun aghaidh a thabhairt ar aon cheisteanna a éireoidh as feidhmiú na treorach.

Sa chás go socraítear cás tar éis dáta a shocrú le haghaidh éisteachta ba chóir a chur in iúl don chúirt ag an gcéad liosta eile chun dátaí a shocrú gur féidir an dáta atá socraithe a ghlanadh. D'fhonn bainistíocht liosta a éascú ba chóir duillín ex-parte a thabhairt don chúirt a leagfaidh amach ainmneacha na bpáirtithe, uimhir an taifid agus an dáta a ghlanfar é.

I gcás imeachtaí Neamhnithe, meabhraítear do chleachtóirí go gcaithfidh an chúirt an cigire leighis a cheapadh.

Dátaithe an lá seo an 15ú lá de Eanáir 2004.
Uachtarán na Cúirte Cuarda

Circuit Court