CC11

Caingne maidir le seilbh

  1. Déantar tagairt do Rialacha na Cúirte Cuarda (Caingne maidir le Seilbh agus Faoiseamh Deimhin-mhuirearaithe), 2009 (I.R. Uimh. 264 de 2009), lena gcuirtear isteach Ordú 5B nua sna Rialacha sin, lena bhforáiltear imeachtaí nua i leith na gcaingne sin.
     
  2. In imeachtaí ina ndéantar éileamh chun seilbh talún a aisghabháil ar scór morgáiste nó muirear dlíthiúil, déanfar an dáta tuairisceáin an Bhille Shibhialta a shocrú tráth nach luaithe ná ocht seachtaine ó dháta eisiúna an Bhille Shibhialta. Ach amháin le toiliú gach aon chosantóra sna himeachtaí, ní dhéanfar aon ordú le haghaidh ordú seilbhe ar an dáta fillte. Cuirfear na himeachtaí ar atráth go dtí dáta níos déanaí de réir mar is dóigh leis an gCláraitheoir Contae is cóir sna himthosca.
     
  3. Nuair a bheidh an Bille Sibhialta á sheirbheáil ar gach cosantóir, ba cheart litir ón ngearánaí nó ó aturnae an ghearánaí a dhíreofar ar an gcosantóir lena gcuirtear an méid seo a leanas in iúl:
     
    1. nach ndéantar, ach amháin le toiliú gach aon chosantóra sna himeachtaí, aon ordú le haghaidh seilbhe ar dháta fillte tosaigh os comhair an Chláraitheora Contae agus go gcuirfear na himeachtaí ar atráth go dtí dáta níos déanaí de réir mar is dóigh leis an gCláraitheoir Contae is cóir sna himthosca;
    2. an tábhacht a bhaineann leis an gcosantóir nó ionadaí dlí an chosantóra a bheith i láthair os comhair an Chláraitheora Contae ar an dáta fillte agus ar dháta ar bith eile dá gcuirfear na himeachtaí ar atráth, má tá an cosantóir ag iarraidh aon uiríoll a chur in iúl don Chláraitheoir Contae lena mbaineann na himeachtaí; agus
    3. nach gceanglaítear ar chosantóir nach bhfuil sé ar intinn aige/aici cosaint a iontráil mionnscríbhinn fhreagartha a chomhdú agus a sheirbheáil ar an ngearánaí.
       
  4. I gcás nach mbeidh cosantóir i láthair nó nach bhfuil aon ionadaíocht aige/aici ann ar an dáta tairisceana tosaigh nuair a chuirtear imeachtaí ar atráth i gcomhréir le mír 2, ba cheart don ghearánaí an cosantóir a chur ar an eolas faoin atráthú láithreach ar cibé bealach a ordóidh an Cláraitheoir Contae.

Arna dhátú an 12ú lá seo de Shamhain 2009
Matthew Deery
Uachtarán na Cúirte Cuarda

Circuit Court