CC25

Ceistneoir um chásbhainistiú maidir le cásanna a bhaineann leis an dlí sibhialta agus leis an dlí teaghlaigh (Covid-19)

AN CHÚIRT CHUARDA
CUAIRD AN TUAISCIRT
TREOIR CHLEACHTAIS
CÁSANNA A BHAINEANN LEIS AN DLÍ SIBHIALTA AGUS LEIS AN DLÍ TEAGHLAIGH
CEISTNEOIR UM CHÁSBHAINISTIÚ (COVID-19)

 

Tá ceanglas ar dhlíthithe a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar chás a bhaineann leis an Dlí Sibhialta nó an Dlí Teaghlaigh a bheith liostaithe lena éisteacht le linn ré fhorálacha Rialacháin um an Acht Sláinte, 1947 (Alt 31A -Srianta Sealadacha) (Covid-19) 2020, an Ceistneoir um Chásbhainistiú i bhFoirm 1 atá iarcheangailte leis seo a chomhlánú agus a chur faoi bhráid Oifig na Cúirte agus é sínithe ag an Aturnae don Iarratasóir (nó ag an Iarratasóir é/í féin mura bhfuil ionadaíocht aige/aici). Déanfaidh Oifig na Cúirte measúnú ar an iarratas ar an gcéad dul síos. I gcás ina bhfuil aon díospóid nó amhras i ndáil le hoiriúnacht maidir leis an gcás a éisteacht, cuirfear an t-iarratas faoi bhráid an Chláraitheora Contae. Sannfar dáta agus am éisteachta do chásanna a mheasfaidh an Chúirt a bheith réidh le héisteacht agus tabharfar fad i gcomhréir leis an meastachán a chomhaontóidh na páirtithe dóibh.

Arna dhátú an 13ú lá seo de Bhealtaine 2020

John F. Aylmer S.C.
Breitheamh Chuaird an Tuaiscirt

Foirm 1 (.docx)

 
 
 
 

FOIRM 1

AN CHÚIRT CHUARDA
CUAIRD AN TUAISCIRT
CEISTNEOIR UM CHÁSBHAINISTIÚ (COVID-19)

Sa bhreis ar ráiteas Uachtarán na Cúirte Cuarda a Foilsíodh ar an 8 Bealtaine 2020, tá ceanglas ar dhlíthithe an ceistneoir seo a leanas a chomhlánú agus a chur faoi bhráid Oifig na Cúirte agus iarratas á dhéanamh acu ar chás a bhaineann leis an Dlí Sibhialta nó an Dlí Teaghlaigh a bheith liostaithe lena éisteacht le linn ré fhorálacha Rialacháin um an Acht Sláinte, 1947 (Alt 31A -Srianta Sealadacha) (Covid-19), 2020.

Lorgaítear an fhaisnéis seo chun cuidiú le cásanna a bhaineann leis an Dlí Sibhialta agus an Dlí Teaghlaigh atá oiriúnach lena n-éisteacht ag an gCúirt Chuarda gan cur isteach ar threoirlínte an Rialtais maidir le scaradh sóisialta nó ar aon cheann de na bearta éagsúla arna bhforchur ag an Rialtas de thuras na huaire chun cosc a chur ar scaipeadh an víris Covid-19. Déanfar measúnú ar na hiarratais maidir le cásanna mar sin a éisteacht d'fhonn an rochtain is fearr is féidir ar cheartas a fháil sa Chúirt Cuarda le linn na gcúig chéim d'athoscailt na sochaí agus an ghnó mar atá ainmnithe ag an Rialtas. Má tá aon díospóid nó amhras maidir le hoiriúnacht, cuirfear faoi bhráid an Chláraitheora Contae é. Tá sé beartaithe go mbeidh éisteacht na gcásanna sin ar siúl ar dháta agus ag am a bheidh ceaptha agus go dtabharfar fad a chomhaontaigh na páirtithe go léir roimhe sin chun glaonna neamhriachtanacha a sheachaint.

  1. Cad é nádúr, teideal agus uimhir thaifid an cháis?
  2. An bhfuil aon leibhéal práinne i gceist leis an gcás agus má tá tabhair sonraí le do thoil?
  3. An féidir an cás a éisteacht agus treoirlínte á gcomhlíonadh i gcónaí maidir leis an scaradh sóisialta agus bearta eile atá á gcur i bhfeidhm faoi láthair ag an Rialtas chun cosc a chur ar scaipeadh an víris Covid-19?
  4. An gceanglaítear de réir dlí go ndéileálfar leis na himeachtaí i gcúirt iata?
  5. An gá finnéithe a bheith i láthair chun an cás a éisteacht agus, más gá, cé mhéad?
  6. Cé mhéad ionadaithe dlí a bheidh i láthair sa chúirt do gach páirtí?
  7. An bhfuil na páirtithe ar an eolas faoi aon leas neamhghnách poiblí sa chás?
  8. Cén fad ama a mheastar a bheidh ón gcás a comhaontaíodh idir na páirtithe?
  9. An féidir an cás nó aon chuid de a éisteacht go cianda?
  10. Cad iad na dátaí ar a bhféadfaí dul ar aghaidh leis an gcás le linn na Seisiúin atá beartaithe ag tabhairt aird ar infhaighteacht na bpáirtithe riachtanacha go léir?
  11. An bhfuil na finnéithe go léir sásta freastal ar an gCúirt mar is gá le linn na Seisiúin atá molta ina bhfuil na bearta sláinte agus sábháilteachta go léir a d'ordaigh Uachtarán na Cúirte Cuarda ina ráiteas ón 8 Bealtaine 2020 á nglacadh?
  12. An bhfuil aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le cibé an bhfuil an cás oiriúnach lena dhiúscairt i gcaitheamh ré fhorálacha Rialacháin um an Acht Sláinte, 1947 (Alt 31A -Srianta Sealadacha) (Covid-19), 2020, agus má tá tabhair sonraí le do thoil?
  13. Ar chomhaontaigh na páirtithe go léir gur chomhlíon gach páirtí na Treoracha agus na hOrduithe go léir a rinneadh i nDul Chun Cinn Cáis, go bhfuil an cás réidh lena éisteacht agus oiriúnach lena dhiúscairt i gcaitheamh ré fhorálacha Rialacháin um an Acht Sláinte, 1947 (Alt 31A -Srianta Sealadacha) (Covid-19), 2020, agus, mura bhfuil, tabhair sonraí faoi aon agóidí i gcoinne an ábhair?

 

Sínithe……………………………………………………
Aturnae don Iarratasóir

Circuit Court