CC19

Cara McKenzie

Cúnamh do dhlíthithe go pearsanta

  1. Féadfaidh dlíthithe cabhair réasúnta a fháil ó thuata, ar a dtugtar “cara McKenzie” uaireanta. Fanann dlíthithe a fhaigheann cúnamh ó Chairde McKenzie ina ndlíthithe go pearsanta. Níl aon cheart neamhspleách ag Cairde McKenzie cúnamh a sholáthar. Níl aon cheart éisteachta acu, nó aon cheart feidhmiú mar abhcóidí nó tabhairt faoin riaradh dlíthíochta. Níl aon teidlíocht acu ar íocaíocht as a gcuid seirbhísí.
     
  2. Sa chúirt féadfaidh Cairde McKenzie:-
     
    1. tacaíocht mhorálta a thabhairt do dhlíthithe;
    2. nótaí a thógáil;
    3. cuidiú le cáspháipéir, faoi réir mhír 6 thíos;
    4. comhairle a thabhairt go ciúin ar ghné ar bith maidir le riaradh an cháis.
       
  3. Ní fhéadfaidh Cairde McKenzie:-
     
    1. an chúirt a aitheasc, aighneachtaí ó bhéal a dhéanamh nó finnéithe a cheistiú nó aon dlíthíocht eile a dhéanamh. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh cúirt cead a thabhairt do chara McKenzie an chúirt a aitheasc. Is annamh a bheidh imthosca den sórt sin ann;
    2. aon íocaíocht a fháil as a gcuid seirbhísí;
    3. feidhmiú mar ghníomhaire dlíthithe maidir leis na himeachtaí;
    4. cásanna dlíthithe a bhainistiú taobh amuigh den chúirt, mar shampla trí dhoiciméid cúirte a shíneadh.
       
  4. Cé go bhféadfadh dlíthithe cúnamh réasúnta a fháil ó Chairde McKenzie, coinníonn an chúirt an chumhacht diúltú cead a thabhairt cúnamh den sórt sin a fháil. Féadfaidh an chúirt é sin a dhéanamh i gcás ina bhfuil sí sásta nach gá aon dlíthí cúnamh den sórt sin a fháil ar mhaithe leis an gceartas agus leis an gcothroime. I gcás ina dtugann an chúirt cead do dhlíthí cabhair a fháil ó Chara McKenzie, féadfaidh sí an bealach ina gcuirtear cúnamh ar fáil a rialú. Féadfaidh an chúirt an cead seo a aistarraingt má mheasann sí go bhfuil an Cara McKenzie ag cur bac ar riaradh an cheartais. Má iarrann an chúirt é, ní mór do Chara McKenzie a (h)ainm, seoladh agus sonraí teagmhála a sholáthar.
     
  5. Ní fhéadfaidh ach Cara McKenzie amháin cabhrú le dlíthí sa chúirt.
     
  6. Dírítear aird dlíthithe agus Cairde McKenzie beartaithe ar fhorálacha Alt 58 den Acht Aturnaetha, 1954, arna leasú, lena bhfágtar gur cion coiriúil é do dhuine neamhcháilithe, mar a shainaithnítear san Acht sin é, doiciméad a tharraingt nó a ullmhú a bhaineann, inter alia, le haon imeacht dlí go díreach nó go hindíreach le haghaidh nó sa tuiscint go bhfaighfear táille, sochar nó duais ar bith.
     
  7. Tiocfaidh an Treoir Chleachtais seo i bhfeidhm ar an 1 Deireadh Fómhair, 2017.


Arna dhátú an 26ú lá seo de Meán Fómhair 2017
Raymond Groarke
Uachtarán na Cúirte Cuarda

 

Circuit Court