CC07

Alt 99, An tAcht um Cheartas Coiriúil 2006, arna leasú ag alt 60, An tAcht um Cheartas Coiriúil 2007

1. Tá foráil in Alt 99(1) den Acht um Cheartas Coiriúil 2006 ("an tAcht 2006") nuair a chuireann cúirt pianbhreith de théarma príosúnachta (seachas téarma sainordaitheach príosúnachta) ar dhuine maidir le cion, is féidir leis an gcúirt sin ("an chéad chúirt") ordú a dhéanamh ag cur forghníomhú na pianbhreithe ar fionraí go hiomlán nó go páirteach, ach sin faoi réir an duine do dhul faoi chúirtbhanna coinníollacha an ordaithe, nó na coinníollacha a fhorchuirtear i ndáil leis an ordú,  a chomhlíonadh.

2. Déanann Alt 99(9) den Acht 2006, arna leasú ag alt 60 den Acht um Cheartas Coiriúil 2007 ("an tAcht 2007") foráil nuair a chiontaítear duine, lena bhfuil ordú faoi fho-alt (1) den alt sin i bhfeidhm, as cion le linn na tréimhse ina bhfuil an phianbhreith atá i gceist ar fionraí, déanfaidh an chúirt faoina tugtar imeachtaí don chion sin ("an dara cúirt") an duine sin a athchur faoi choimeád nó ar bhannaí chuig an chéad suí eile den chéad chúirt roimh phianbhreith a ghearradh.

3. Déanann Alt 99(10) den Acht 2006 foráil go ndéanfaidh an chéad chúirt an t-ordú ag cur forghníomhú na pianbhreithe ar fionraí a aisghairm ach amháin má mheasann sí go mbeadh aisghairm den chineál sin míchóir in imthosca uile an cháis. Bíonn ar an gcéad chúirt ansin an duine ciontaithe a athchur faoi choimeád nó ar bhannaí chuig an chéad suí eile den dara cúirt le go bhforchuirfidh an dara cúirt pianbhreith ar an duine sin mar gheall ar an gcion: alt 99(10A) den Acht 2006, mar a cuireadh isteach ag alt 60 den Acht 2007.

4. Nuair an chiontaíonn an Chúirt Chuarda duine lena bhfuil alt 99(1) i bhfeidhm air/uirthi le linn na tréimhse go bhfuil forghníomhú na pianbhreithe ar fionraí ag an gcéad chúirt, tabharfaidh an t-ionchúiseamh mionsonraí scríofa don Chúirt Chuarda faoi

(a) dáta an ordú ciontaithe ag an gcéad chúirt agus an t-ionad, agus Cuaird nó dúiche a bhí i gceist,
(b) an Bille nó uimhir an cháis do na himeachtaí roimh an chéad chúirt, agus
(c) an dáta don chéad suí eile den chéad chúirt (nuair is Cúirt Dúiche í an chéad chúirt, ag tabhairt sonraí faoi uimhir na cúirte má tá sí i Limistéar Chathair Bhaile Átha Cliath, agus an Dúiche agus an Ceantair má tá sí taobh amuigh de Limistéar Chathair Bhaile Átha Cliath).

5. Úsáidfear an t-ordú i bhFoirm 1 atá iarcheangailte leis seo nuair a chiontaíonn an Chúirt Chuarda duine agus nuair a athchuirtear an duine sin faoi choimeád nó ar bhannaí faoi alt 99(9) den Acht 2006. Tar éis an t-ordú sin a dhéanamh, cuirfidh cláraitheoir na cúirte a rinne an t-athchur cóip deimhnithe den ordú chuig cláraitheoir, cláraitheoir an chontae nó cléireach (de réir mar is cuí) na cúirte lena bhfuil an t-athchur á dhéanamh tríd an post nó ar bhealach eile.

6. Nuair a athchuireann an Chúirt Chuarda duine ciontaithe faoi choimeád faoi alt 99(9) den Acht 2006, úsáidfear an barántas i gCuid A d'Fhoirm 2 atá iarcheangailte leis seo.

7. Nuair a athchuireann an Chúirt Chuarda duine ciontaithe ar bhannaí faoi alt 99(9) den Acht 2006 agus nach féidirdul i mbun cúirtbhanna (má theastaíonn sé ón gCúirt) láithreach, úsáidfear an barántas i gCuid A d'Fhoirm 2 agus an toiliú do agus coinníollacha scaoilte i gCuid B d'Fhoirm 2. 

8. Nuair a athchuireadh duine faoi alt 99(9) den Acht 2006, tabharfaidh an t-ionchúiseamhmionsonraí scríofa don chúirt lena ndéantar an t-athchur faoi dháta an chéad suí eile den dara chúirt (nuair is Cúirt Dúiche í an dara chúirt, ag tabhairt sonraí faoi uimhir na cúirte má tá sí i Limistéar Chathair Bhaile Átha Cliath, agus an Dúiche agus an Ceantair má tá sí taobh amuigh de Limistéar Chathair Bhaile Átha Cliath).

9. Úsáidfear an t-ordú i bhFoirm 3 atá iarcheangailte leis seo nuair a dhéanann an Chúirt Chuarda ordú ag tabhairt cinneadh maidir le cé acu a bhfuil nó nach bhfuil aisghairm le déanamh ar phianbhreith faoi alt 99(10) den Acht 2006 nó nach bhfuil maidir le duine ciontaithe agus nuair a athchuirtear an duine sin faoi choimeád nó ar bhannaí faoi alt 99(10A) den Acht 2006. Tar éis don Chúirt Chuarda an t-ordú sin a dhéanamh, cuirfidh cláraitheoir na cúirte a rinne an t-athchur cóip deimhnithe den ordú chuig cláraitheoir, cláraitheoir an chontae nó cléireach (de réir mar is cuí) na cúirte lena bhfuil an t-athchur á dhéanamh tríd an post nó ar bhealach eile.

10. Nuair a athchuireann an Chúirt Chuarda duine ciontaithe faoi choimeád faoi alt 99(10A) den Acht 2006, úsáidfear an barántas i gCuid A d'Fhoirm 4 atá iarcheangailte leis seo chun an t-athchur a dhéanamh. Nuair atá aisghairm déanta ag an gCúirt Chuarda ar phianbhreith fionraithe san iomlán nó cuid de faoi alt 99(10) den Acht 2006, eiseofar barántas um ghabháil sa ghnáthfhoirm ar leithligh don chuspóir sin.
 
11. Nuair a athchuireann an Chúirt Chuarda duine ciontaithe ar bhannaí faoi alt 99(10A) den Acht 2006 agus nach féidir dul i mbun cúirtbhanna (má theastaíonn sé ón gCúirt) láithreach, úsáidfear an barántas i gCuid A d'Fhoirm 4 agus an toiliú do agus coinníollacha scaoilte i gCuid B d'Fhoirm 4. 

12. Beidh cúirtbhanna a chuirtear i gcrích faoi fho-alt (9) nó fo-alt (10A) d'alt 99 den Acht 2006 sa Foirm 5 atá iarcheangailte leis seo.

Arna dhátú 14ú lá seo de mhí Eanáir 2008
Matthew Deery
Uachtarán na Cúirte Cuarda

Circuit Court