CC28

Treoir Chleachtais Chontae na Mí: Nós imeachta le cásanna Sibhialta Cuarda a leagan síos lena n-éisteacht

Ón 1 Meitheamh 2021, chun cás Sibhialta Cuarda a leagan síos lena éisteacht, ní mór Litreacha Toilithe ó na páirtithe go léir i gcaingean shibhialta a thaisceadh le hOifig na Cúirte ag an am céanna leis an bhFógra Trialacha. Ní mór do pháirtithe fad na héisteacht agus líon na bhfinnéithe atá beartaithe acu a ghlaoch a chur in iúl freisin.

Agus Litir Toilithe á tabhairt, tá an méid seo a leanas á dheimhniú don Chúirt ag páirtí:

  1. Go bhfuil na pléadálacha go léir críochnaithe
  2. Go bhfuil follasú críochnaithe
  3. Go bhfuil tuarascálacha saineolaithe críochnaithe
  4. Go bhfuil páirtithe ar fáil do dháta éisteachta do théarmaí dlíthiúla amach anseo.

I gcás ina dteipeann ar pháirtí an Litir Toilithe a sholáthar laistigh de mhí amháin ón tráth a lorgaítear í, féadfaidh an páirtí eile Fógra Foriarratais a eisiúint os comhair Chúirt an Chláraitheora Contae chun breithniú a lorg ón gCláraitheoir Contae maidir le cibé an bhfuil an diúltú/moill réasúnta nó nach bhfuil. I gcásanna den sórt sin, is féidir leis an gCláraitheoir Contae cinneadh a dhéanamh maidir le cibé an bhfuil an cás le cur síos le héisteacht nó an t-iarratas a dhiúltú.

I gcás ag an nglaoch nach bhfuil cás réidh le dáta éisteachta a fháil, scriosfar an Fógra Trialach ach amháin más é an chéad ghlaoch é a bhfuil an cás liostaithe ann.

Is é aidhm na Treorach Cleachtais seo ná chun acmhainní na gCúirteanna a uasmhéadú, chun costais dlí na bpáirtithe a bhfuil baint acu leis an dlíthíocht a íoslaghdú, agus chun an úsáid is mó a bhaint as am luachmhar na cúirte le cásanna atá réidh lena n-éisteacht a liostú agus na cásanna sin amháin.

I gcás cásanna Sibhialta Cuarda a chuirtear síos roimh an 1 Meitheamh 2021, beidh feidhm ag an méid seo a leanas ag glaoch an Chláraitheora Contae i Meitheamh 2021: i gcás ina bhfuil cás sa Ghlaoch le haghaidh dhá ghlaoch nó níos mó agus nach bhfuil na páirtithe in ann an cás a ghlaoch lena éisteacht, scriosfar amach an Fógra Trialach gan dochar.

Eisithe ag an Onórach, an Breitheamh Patrick Quinn, Cúirt an Oirthir.

11 Feabhra 2021

Circuit Court