CC05

Nós imeachta chun cásanna a leagan síos i gcomhair trialach

Ón 24 Eanáir 2000 éileofar ar chleachtóirí 14 lá fógra i scríbhinn a thabhairt go bhfuil sé ar intinn acu ábhar a leagan síos le haghaidh trialach i gCúirt Chuarda Bhaile Átha Cliath. Ba chóir cóip d'fhógra den sórt sin a chur i gcomhad in Oifig na Cúirte Cuarda ag an am céanna leis an bhfógra trialach.

Meabhraítear an treoir cleachtais dár dáta 8 Eanáir 1999 do chleachtóirí ina bhfuil foráil go gcaithfidh gach páirtí atá ag iarraidh dátaí trialacha a bheith réidh don éisteacht agus a chinntiú go bhfuil gach ábhar réamh-trialach tugtha chun críche. Ba chóir freisin a chur in iúl don Chúirt Chuarda cén t-achar is dóigh a mhairfidh an cheist agus i gcás gnáthchúrsaí sibhialta cibé an bhfuil ceist ann fós maidir le dliteanas.

Dátaithe an lá seo an 16 Nollaig, 1999.

Esmond Smyth
Uachtarán na Cúirte Cuarda

Circuit Court