CC16

Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ar dhlínse agus ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (athmhúnlú na Bruiséile I)

An Chúirt Chuarda - Fógra Oifige

Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 (dá ngairfear “athmhúnlú na Bruiséile I”), lena ndéantar Rialachán Uimh. 44/2001 (dá ngairfear “an Bhruiséil I”) ar dhlínse agus ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála a aisghairm agus a ionadú, ón 10 Eanáir 2015 ar aghaidh.

Tabharfar isteach rialacha cúirte chun feidhmiú Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 a éascú tar éis ionstraim reachtúil faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, a shíniú chun lánéifeacht a thabhairt don Rialachán sin.

Eisítear an fógra seo go dtí go dtabharfar isteach na rialacha cúirte maidir le cúnamh dlíthithe agus cleachtóirí. Níor cheart a mheas gur míniú dlíthiúil ar Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 nó ráiteas uileghabhálach de cheanglais an Rialacháin sin é agus ní comhairle dlí atá ann, agus níor cheart brath air mar chomhairle dlí. Cuirtear téacs iomlán an Rialacháin sin faoi bhráid dlíthithe agus cleachtóirí, agus is féidir teacht air ar líne ag: http://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=OJ:L:2012:351:0001:0032:en:PDF

Foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 66 de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012:

  1. “Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach amháin maidir le himeachtaí dlíthiúla arna dtionscnamh, maidir le hionstraimí barántúla a tharraingítear suas go foirmiúil nó a chláraítear go foirmiúil agus maidir le socraíochtaí cúirte a cheadaítear nó a thugtar chun críche ar dháta a chur i bhfeidhm, nó i ndiaidh 10 Eanáir 2015.
  2. D’ainneoin Airteagal 80, leanfaidh Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 d’fheidhm a bheith aige maidir le breithiúnais arna dtabhairt in imeachtaí dlíthiúla arna dtionscnamh, maidir le hionstraimí barántúla a tharraingítear suas go foirmiúil nó a chláraítear go foirmiúil agus maidir le socraíochtaí cúirte arna bhformheas nó arna dtabhairt chun críche roimh 10 Eanáir 2015 a thagann faoi réim raon feidhme an Rialacháin sin.”

Foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 80:

“Aisghairfear Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 leis an Rialachán seo. Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn III.”

In Iarscríbhinn III (leathanaigh 29 - 32) de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 tá tábla lena gcomhghaolaítear Airteagail an Rialacháin sin le hAirteagail Rialachán Uimh. 44/2001 dá ndéanann siad ionadú (go hiomlán nó go páirteach).

Do chúnamh dlíthithe agus cleachtóirí, déantar tagairt thíos d'fhorálacha ábhartha de Rialacha na Cúirte Cuarda atá ann cheana. Ba cheart tagairtí sna forálacha sin do Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 a léamh, i ndáil le himeachtaí lena mbaineann, mar thagairtí do Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012.

Ba cheart do dhlíthithe agus cleachtóirí, maidir leis an méid seo a leanas -

  1. imeachtaí sibhialta nó tráchtála a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 (féach Airteagail 1 go 3 de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 maidir leo) ag a bhfuil dlínse ag an Ard-Chúirt iad a éisteacht agus a chinneadh de bhua Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 nó
  1. forfheidhmiú breithiúnais in Éirinn arna thabhairt in ábhar sibhialta nó tráchtála ag cúirt i mBallstát eile den AE in imeachtaí arna dtionscnamh ar an nó tar éis an 10 Eanáir 2015, nó forfheidhmiú ionstraime barántúla arna dtarraingt suas go foirmiúil nó arna gclárú go foirmiúil nó socraíocht chúirte arna bhformheas nó arna dtabhairt i gcrích ar an nó tar éis an dáta sin,

aird ar leith a thabhairt ar an méid seo a leanas:

  1. Sula n-eiseofar an Bille Sibhialta, ba cheart ráiteas a fhormhuiniú lena léirítear go bhfuil cumhacht ag an gcúirt faoi Rialachán Uimh.1215/2012 an chaingean, an chúis nó an t-ábhar a éisteacht agus a cinneadh agus
  1. lena sonraítear an fhoráil ar leith de Rialachán Uimh. 1215/2012 faoina bhfuil an chumhacht ag an gcúirt an chaingean, an chúis nó ábhar a chinneadh,
  2. lena n-áirítear ráiteas lena léirítear nach bhfuil aon imeachtaí idir na páirtithe a bhaineann leis an gcúis chaingne chéanna ar feitheamh idir na páirtithe i mballstát eile den Aontas Eorpach,
  3. lena n-áirítear ráiteas lena léirítear go dtaispeánann na fíorais ar a bhfuiltear ag seasamh dlínse agus ionad; agus
  4. in ábhair dá dtagraítear in Ailt 3, 4 nó 5 de Rialachán Uimh. 1215/2012 i gcás gurb é sealbhóir an pholasaí, an t-árachaí, tairbhí an chonartha árachais, an duine díobháilte, an tomhaltóir nó an fostaí é/í an cosantóir, lena n-áirítear ráiteas lena léirítear ráiteas go bhfuil:
  1. an ceart ag an gcosantóir dlínse na cúirte a chonspóid agus más mian leis/léi é sin a dhéanamh, ba cheart dó/di láithreas chun an dlínse a chonspóid a thaifeadadh i gcomhréir le hOrdú 14, riail 5 de na Rialacha Cúirte Cuarda (“RCC”));
  2. má dhéanann sé nó sí láithreas neamhchoinníollach a thaifeadadh, tá dlínse ag an gCúirt Chuarda faoi Airteagal 26(1) de Rialachán Uimh. 1215/2012; agus
  3. mura ndéanann sé nó sí láithreas ar bith a thaifeadadh, féadfar breithiúnas mainneachtana a thabhairt ina choinne nó ina coinne.

(Féach Ordú 5, riail 10, RCC. Léiríonn ceanglais (i), (ii) agus (iii) na ceanglais roimhe seo; is ceanglas breise é ceanglas (iv) a eascraíonn as forálacha Rialachán Uimh. 1215/2012).

  1. I gcás go ndéanfar iarratas chun breithiúnas a thaifeadadh d'éagmais láithris, ba cheart go luafar sa mhionnscríbhinn a bheidh mar fhoras leis an iarratas go gcreideann an teisteoir an méid seo a leanas: (i) gach éileamh a rinneadh leis an toghairm, is éileamh é a bhfuil, de bhua Rialachán Uimh. 1215/2012 (in ionad Rialachán Uimh. 44/2001), a bhfuil cumhacht ag an gcúirt é a éisteacht agus a chinneadh agus (ii) nach bhfuil dlínse eisiach ag cúirt ar bith eile laistigh de bhrí Rialachán Uimh. 1215/2012 chun an t-éileamh a éisteacht agus a chinneadh (féach Ordú 14B, riail 12, RCC).
  1. I gcás ina ndéantar láithreas a thaifeadadh chun dul i gcoinne dlínse de bhua fhorálacha Rialachán Uimh. 1215/2012, ba cheart go gcuirfear an ceannteideal “Maidir le hAirteagal 26(1) de Rialachán ón gComhairle (CE) Uimh. 1215/2012” ar fhoirm an láithris (Féach Foirm 5A i Sceideal na bhFoirmeacha agus Ordú 14, riail 5(i), RCC).
  1. I gcás inar mian le duine ar seirbheáladh imeachtaí air/uirthi dlínse a chonspóid, ba cheart dó/di, chomh maith le láithreas lena gconspóidtear dlínse a thaifeadadh, Cosaint a sheachadadh lena gcuirtear in iúl go bhfuil dlínse na cúirte á conspóid aige/aici faoi fhorálacha Rialachán Uimh. 1215/2012 agus ba cheart go leagfaí amach leis sin na forais ar a bhfuil an dlínse á conspóid (Féach Ordú 14, riail 5(ii), RCC).
  1. Ba cheart go luafar sa mhionnscríbhinn atá mar fhoras le hiarratas go cláraitheoir contae le haghaidh deimhniú infhorghníomhaitheachta breithiúnais an foráil áirithe nó na forálacha áirithe de Rialachán Uimh. 1215/2012 lenar ghabh an chúirt dlínse uirthi féin (féach Ordú 61A, riail 1, RCC).

 

Oibríochtaí na Cúirte Cuarda & na Cúirte Dúiche
9 Eanáir 2015.

Circuit Court