CC01

Liostáil cásanna - Baile Átha Cliath

Ar feitheamh ar Córas um Rianú Cás Coiriúil cuimsitheach, tá córas eatramhach curtha ar fáil chun cásanna a liostáil don Chúirt (Choiriúil) Chuarda.

Dá réir sin, agus ó thús Téarma na Féile Michíl 2002 déanfaidh Oifig na Cúirte liostú ar chásanna (rud a rinne Oifig an Phríomh-Aturnae Ionchúisimh roimhe seo).

D'fhonn an córas nua a éascú, agus an tseirbhís is fearr a chur ar fáil, teastóidh dóthain fógra ón Oifig Cúirte (ar a laghad cúig lá) i gcás gach iarratas atáthar a chur isteach (ach amháin cásanna práinneacha mar Barántais Bhinse).

Beifear buíoch as do chomhoibriú leanúnach.

Susan Ryan
Cláraitheoir an Chontae
16 Meán Fómhair 2002

 

Circuit Court