CC08

Cásanna cibé an mbaineann siad le sárú conarta nó le haisbhabháil airgid áit a bhfuil cáilíocht na n-oibreacha tógála i gceist

Tá feidhm ag treoir chleachtais i ngach cás cibé an mbaineann sé le sárú conartha nó le haisghabháil airgid áit a bhfuil cáilíocht na n-oibreacha tógála i gceist.

Na céimeanna atá le glacadh sula gcuirfear ábhar síos chun trialach, nuair is cuí:

Sceideal oibreacha agus costálacha le comhaontú, más féidir, agus gan dliteanas a admháil

Ba chóir do na páirtithe tuarascálacha saineolaithe a mhalartú a mbraithfear orthu ag an triail

Ba chóir damáistí speisialta a dheimhniú agus aontú orthu, nuair is féidir, gan dliteanas a admháil

Ba chóir go n-aontódh na páirtithe ar leabhar grianghraf a mbraithfear air ag an triail

Ba chóir do na páirtithe leabhar pléadálacha comhaontaithe agus uimhrithe agus leabhar comhfhreagrais inter partes a ullmhú agus a chomhdú

Ba chóir do na páirtithe leabhar doiciméad comhaontaithe agus uimhrithe a ullmhú agus a chomhdú, ina bhfuil an comhfhreagras réamhtheagmhála ábhartha, conradh foirmiúil (más ann dó), pleananna, billí cainníochtaí, srl., nuair is féidir

Arna dhátú an 9ú lá seo de Mhárta 2009
Matthew Deery
Uachtarán na Cúirte Cuarda

Circuit Court