CC21

Deimhniú ullmhachta in Imeachtaí Sibhialta

  1. Tá feidhm ag an Treoir Chleachtais seo maidir le himeachtaí sibhialta i gCuaird Bhaile Átha Cliath seachas:
  1. imeachtaí a bhfuil feidhm ag Ordú 59 (An Dlí Teaghlaigh) nó Ordú 59A (An tAcht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí, 2010) orthu;
  2. imeachtaí ar tugadh treoir maidir le dul chun cinn cáis ina leith faoi Ordú 19A (Dul Chun Cinn Cáis (Ginearálta)).
  1. Sula ndéantar fógra trialach, nó fógra chun dáta trialach a shocrú, a thaisceadh agus a sheirbheáil, comhlánóidh an páirtí/na páirtithe atá ag iarraidh na himeachtaí a leagan síos le haghaidh trialach (sa treoir chleachtais seo “an páirtí/na páirtithe a bhfuil triail á lorg acu”) Deimhniú ullmhachta chun dul ar aghaidh chun trialach (sa treoir chleachtais seo “Deimhniú Ullmhachta”).
  1. Beidh an Deimhniú Ullmhachta san fhoirm atá sa Sceideal a ghabhann leis an treoir chleachtais seo.
  1. Seirbheálfaidh an páirtí/na páirtithe atá ag lorg trialach dréacht den Deimhniú Ullmhachta ar an bpáirtí/na páirtithe eile trí litir nó trí ríomhphost agus rachaidh na páirtithe i gcomhairle lena chéile chun comhaontú a dhéanamh, laistigh de mhí amháin den seirbheáil sin, ar chríochnú cruinn an Deimhnithe Ullmhachta sin, go háirithe a mhéid a bhaineann le fad na trialach.
  1. Beidh Deimhniú Ullmhachta:
  1. sínithe ag
  1. Abhcóide don pháirtí/na páirtithe atá ag lorg trialach,
  2. i gcás nach bhfuil treoir tugtha d'Abhcóide, an t-aturnae don pháirtí/do na páirtithe atá ag lorg trialach nó
  3. an páirtí/na páirtithe atá ag lorg trialach é/iad féin mura bhfuil ionadaíocht aige/aici, agus
  1. comhdaithe san Oifig Chúirte Chomhcheangailte (Sibhialta) leis an bhfógra dá dtagraítear i mír 2.
  1. I gcás inar mhainnigh an páirtí/na páirtithe eile, tar éis dul i gcomhairle leo i gcomhréir le mír 4, gan chúis réasúnta, teacht ar chomhaontú ar chríochnú an Deimhnithe Ullmhachta laistigh den tréimhse dá luaitear sa mhír sin, féadfaidh an páirtí/na páirtithe atá ag lorg trialach iarratas a dhéanamh chuig an mBreitheamh atá i gceannas ar an Liosta Sibhialta ar fhógra don pháirtí eile/do na bpáirtithe eile ar ordú lena ndeimhnítear comhdú an Deimhnithe Ullmhachta i gcomhréir le mír 5.
     
  2. Ní ghlacfar le fógra trialach nó fógra chun dáta a shocrú le haghaidh trialach lena chomhdú mura bhfuil Deimhniú Ullmhachta atá comhlánaithe agus sínithe go cuí leis.
     
  3. Má chuirtear Deimhniú Ullmhachta ar fáil atá míchruinn maidir le ceann amháin nó níos mó de na hábhair a dheimhnítear ann nó mainneachtain comhoibriú sa phróiseas comhairliúcháin dá dtagraítear i mír 4, féadfaidh an páirtí/na páirtithe atá freagrach dliteanas a thabhú i leith costas beag beann ar thoradh na n-imeachtaí.
     
  4. Tiocfaidh an Treoir Chleachtais seo i ngníomh ar an gcéad lá d'Aibreán 2019.

Arna dhátú an 27ú lá seo d’Fheabhra 2019.
Raymond Groarke
Uachtarán na Cúirte Cuarda

 

________________________________

AN SCEIDEAL

AN CHUIRT CHUARDA

THE CIRCUIT COURT

UIMHIR THAIFID CHUAIRD BHAILE ÁTHA CLIATH

Idir Cuir isteach teideal na n-imeachtaí ina n-iomláine

Gearánaí/Iarratasóir

agus

Cosantóir/Freagróir]

DEIMHNIÚ ULLMHACHTA

* DEIMHNÍM LEIS SEO an méid seo a leanas,

*tar éis do na páirtithe sin comhaontú maidir le hábhair an deimhnithe seo:

* tar éis é a bheith ceadaithe le hordú na Cúirte arna dhátú an 20 chun an deimhniú seo a chomhdú:

  1. go bhfuil na himeachtaí réidh lena dtriail agus nach bhfuil gá le foriarratais nó liostaí cúirte eile;
  1. *go bhfuil sé beartaithe finnéithe saineolacha a ghlaoch agus go bhfuil an méid seo a leanas déanta ag na finnéithe sin:
  1. aon fhiosrúcháin riachtanacha;
  2. a dtuarascálacha faoi seach ullmhaithe agus malartaithe lena chéile; agus
  3. tá siad tar éis bualadh le chéile agus na tuarascálacha sin measta acu 

* nach bhfuil sé beartaithe finnéithe saineolacha a ghlaoch; 

  1. go dtógfaidh sé [cuir isteach uimhir] lá le héisteacht leis an gcaingean seo.

Sínithe: ____________________________

Faoi bhun an tsínithe, priontáil ainm an Abhcóide/Aturnae/Dlíthí atá ag síniú i bpearsa i gcás nach bhfuil ionadaíocht acu

 

*ag feidhmiú thar ceann cuir isteach an gearánaí/an cosantóir/an t-iarratasóir/ an freagróir de réir mar is cuí

* an cuir isteach an gearánaí/ an t-iarratasóir/an cosantóir/an freagróir de réir mar is cuí é/í féin 

scrios ceann amháin nó eile de na téacsanna malartacha a shainaithnítear le réiltín de réir mar is cuí.

NÓTA: Mura bhfuil sé beartaithe go ndéanfar tuarascálacha a mhalartú agus/nó go mbuailfidh saineolaithe le chéile, ní mór míniú maidir leis sin a sholáthar i mír 2.

Chuig: An Bainisteoir Oifige Cúirte Comhcheangailte
An Oifig Chúirte Chomhcheangailte (Sibhialta)
Aras Uí Dhálaigh,
Inns Quay,
Baile Átha Cliath 7

 

Circuit Court