CC20

Úsáid ceamaraí agus gléasanna leictreonacha sa chúirt

  1. Is é aidhm na treorach cleachtais seo ná chun soiléireacht a sholáthar do pháirtithe, do chleachtóirí dlí, do ghiúróirí agus do dhaoine eile a ghlacann páirt in imeachtaí os comhair na gcúirteanna, a bhfuil baint acu leis na gcúirteanna nó a fhreastalaíonn ar imeachtaí os comhair na gcúirteanna, maidir leis na toirmisc agus na srianta a bhaineann le húsáid ceamara nó gléas leictreonaigh (mar a míníodh i mír 14 den treoir chleachtais seo).
     
  2. Tá stiúradh na n-imeachtaí os comhair Cúirte faoi réir rialú an Bhreithimh nó na mBreithiúna atá i gceannas ar na himeachtaí lena mbaineann.
     
  3. Agus an rialú sin á fheidhmiú ag an mbreitheamh nó ag na breithiúna, tá sé de fhreagracht ag an mbreitheamh/ag na breithiúna i gceist a chinntiú go stiúrfar imeachtaí i gcomhréir le nósanna imeachta cothroma agus ar bhealach a chinntíonn riaradh cuí an cheartais.
     
  4. Áirítear leis an bhfreagracht seo a chinntiú go seolfar imeachtaí aonair os comhair na cúirte, agus gnó cúirte go ginearálta, gan cur isteach míchuí.
     
  5. Déanann Ordú 123 de Rialacha na nUaschúirteanna, Ordú 67A de Rialacha Cúirte Cuarda agus Ordú 12B de na Rialacha Cúirte Dúiche srian agus rialú ar thaifeadadh imeachtaí cúirte, seachas taifeadtaí trí nótaí i scríbhinn nó i ngearrscríbhinn a ghlacadh, ag daoine seachas an tSeirbhís Chúirteanna.
     
  6. Tá cosc iomlán ar ghrianghraif a ghlacadh nó ar imeachtaí cúirte a tharchur trí fhíseán nó trí theilifís, ach amháin i gcás ina dtabharfaidh Uachtarán na cúirte i gceist cead.
     
  7. Cé gur féidir le duine ar bith nótaí ar imeachtaí cúirte a ghlacadh i scríbhinn nó i ngearrscríbhinn, níl cead ag duine ar bith eile seachas an tSeirbhís Chúirteanna nó duine a ghníomhaíonn thar a ceann taifead a ghlacadh ar imeachtaí os comhair na cúirte trí ghléas leictreonach gan cead a lorg agus a fháil ón mbreitheamh nó na breithiúna atá i gceannas ar na himeachtaí.
     
  8. Tá cead ag na daoine seo a leanas cumarsáidí téacsbhunaithe beo a tharchur le linn imeachtaí cúirte trí ghléas leictreonach a úsáid i mód ciúin:
    1. ball de ghairm an dlí atá ag cleachtadh agus a bhfuil gnó bona fide aige sa chúirt i gceist;
    2. ball bona fide de ghairm na meán nuachta nó tráchtaire dlí gairmiúil a bhfuil a s(h)easamh gairmiúil aitheanta go leor dar leis an gcúirt agus a bhfuil gléas den chineál sin á úsáid aige/aici chun críocha imeachtaí a thuairisciú os comhair na cúirte;

ar choinníoll, nach gcuirfeadh úsáid den sórt sin, i dtuairim an bhreithimh/na mbreithiúna, isteach ar na himeachtaí agus nach dhéanfadh sé dochar do riaradh an cheartais maidir leis na himeachtaí den sórt sin nó le himeachtaí eile os comhair cúirte.

  1. Níl cead ag duine ar bith seachas duine dá dtagraítear sa mhír roimhe seo, cumarsáidí téacsbhunaithe beo a tharchur le linn imeachtaí cúirte gan cead a lorg agus a fháil roimh ré ón mbreitheamh nó ó na breithiúna atá i gceannas ar na himeachtaí. Ní thabharfar cead i gcás, i dtuairim an bhreithimh/na mbreithiúna, go gcuirfeadh traschur den sórt sin isteach ar imeachtaí os comhair na cúirte, nó go ndéanfadh sé dochar do riaradh an cheartais maidir leis na himeachtaí den sórt sin nó le himeachtaí eile os comhair cúirte. Beidh aon chead a thabharfar ar choinníoll go mbeidh an gléas leictreonach in úsáid ar mód ciúin.
     
  2. Féadfaidh páirtithe, cleachtóirí dlí agus daoine eile a bheidh páirteach in imeachtaí cúirte, daoine a mbeidh baint acu le himeachtaí cúirte nó daoine a bheidh ag freastal ar imeachtaí cúirte, gléas leictreonach a úsáid ar mód ciúin chun nótaí a thógáil (seachas taifeadadh) ar na himeachtaí ar choinníoll nach gcuireann, i dtuairim an bhreithimh, úsáid ghléis den sórt sin isteach ar na himeachtaí.
     
  3.  Faoi fhoráil den treoir chleachtais seo, féadfaidh an chúirt aon chead a thugann an chúirt a tharraingt siar.
     
  4. Níl fhéadfar aon ghléas leictreonach, in aon chás, a úsáid i seomra cúirte ina gcuirfeadh a úsáid isteach ar oibriú slán na gcóras crua-earraí, fuaime nó oibriú teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide eile a sholáthraítear chun tacú leis an gcúirt.
     
  5. Má sháraítear na forálacha roimh seo den treoir chleachtais seo, féadfaidh an Chúirt bearta iomchuí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an sárú. Féadfar na nithe seo a leanas a bheith san áireamh i mbearta den sórt sin, ach ag brath ar na himthosca, ní fhéadfaidís a bheith teoranta dóibh:
    1. treoir go ndéanfaidh an duine i gceist an méid seo a leanas-
      1. éirigh as an gléas leictreonach a úsáid,
      2. seomra na cúirte a fhágáil,
      3. an gléas leictreonach a thabhairt suas ar bhonn sealadach,
      4. aon ábhar taifeadta ón gléas leictreonach a thabhairt suas, de réir treoir nó ordú na cúirte;
    2. treoir nó ordú faoi aon cheann de na cumhachtaí dá dtagraítear i bhfomhír (c) de mhír 15 den treoir chleachtais seo.
       
  6. Cuimsítear “gléas leictreonach” gléas ar bith lena féidir sonraí a tharchur agus/nó a thaifeadadh

    meán fuaime nó físeáin, lena n-áirítear fón cliste, fón póca, ríomhaire, ríomhaire glúine, táibléad, ríomhaire boise, nó gléas eile dá leithéid.
     
  7. Tá na forálacha roimhe seo den treoir chleachtais seo gan dochar do na nithe seo a leanas -
    1. foráil ar bith de réir reachta lena gceanglaítear imeachtaí cúirte a éisteacht ar shlí seachas go poiblí nó ar shlí lena sriantar nó lena rialaítear tuairisciú imeachtaí den sórt sin,
    2. riail cúirte ar bith lena sriantar nó lena rialaítear tuairisciú imeachtaí den sórt sin agus
    3. aon chumhachtaí atá infheidhmithe ag cúirt faoina dlínse dúchasach, nó ar aon slí eile de réir dlí,

agus níl aon ní sa treoir chleachtais seo le forléiriú mar ní a cheadaíonn faisnéis nó ábhar a bhaineann le himeachtaí cúirte a tharchur, a chur in iúl nó a scaipeadh ar shlí eile de shárú ar aon toirmeasc nó srian a fhorchuirtear le dlí.

  1. Eisíonn gach sínitheoir anseo thíos an treoir chleachtais seo maidir leis an gcúirt ina bhfuil sé nó sí ina (h)uachtarán uirthi, agus cuirfear i bhfeidhm é ar imeachtaí os comhair gach cúirte dá réir sin.
  2. Tiocfaidh an treoir chleachtais seo i ngníomh an 26ú lá de mhí na Samhna 2018.

 

Arna dhátú an 19ú lá seo de mhí na Samhna, 2018
Sínithe

Frank Clarke
Príomh-Bhreitheamh

George Birmingham
Uachtarán na Cúirte Achomhairc

Peter Kelly
Uachtarán na hArd-Chúirte

Raymond Groarke
Uachtarán na Cúirte Cuarda

Rosemary Horgan
Uachtarán na Cúirte Dúiche

Circuit Court