Suíonn cúirteanna san iomad láithreán ar fud na tíre. Áirítear leis seo ionaid ar leis an tSeirbhís Cúirteanna agus Oifig na nOibreacha Poiblí iad. Tá suntas ailtireachta ag baint le go leor de na foirgnimh seo.
Tithe Cúirte na hÉireann
Tithe Cúirte na hÉireann
Is faoi Oifig na nOibreacha Poiblí agus Údaráis Áitiúla a bhí freagracht as soláthar foirgnimh chúirte agus as a gcothabháil go dtí mí na Samhna 1999 nuair a bunaíodh an tSeirbhís Cúirteanna.
Thapaigh an tSeirbhís an deis foirgnimh chúirte a sholáthar, a bhainistiú agus a chothabháil chun gur féidir an ceartas a riar i gcomhair gach úsáideoir cúirte i bhfoirgnimh ina bhfuil dínit, oiriúnacht agus iad lánfheistithe.
Tá go leor de na foirgnimh seo sainithe as a dtábhacht áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta. Glactar leo mar chuid d'oidhreacht ailtireachta cathrach nó baile mór agus, mar sin de, is struchtúir chosanta iad. Is iondúil iad a bheith suite go suaithinseach agus cuireann siad go mór le dreach amhairc na mbailte, rud is oiriúnach d'institiúid chomh tábhachtach agus ó thaobh na staire agus an leanúnachais de.