Gluais téarmaí dlí.

Mionnscríbhinn: ráiteas scríofa a dhéantar faoi mhionn.

Achomharc : imeacht, a thionscnaíonn páirtí sa chás nach bhfuil sásta leis an gcinneadh atá déanta le cúirt a bhfuil d'údarás aici an cinneadh sin a athbhreithniú nó a chur ar ceal.

Láithreas: doiciméad a léiríonn go bhfuil rún ag cosantóir, i ndiaidh go seirbheáiltear toghairm air/uirthi chun gníomh sibhialta Cúirte Cuarda nó Ard-Chúirte, an gníomh a chosaint.

Láithreas agus cosaint: doiciméad a léiríonn go bhfuil rún ag cosantóir, i ndiaidh go seirbheáiltear fogra éilimh air/uirthi chun gníomh sibhialta Cúirte Dúiche, an gníomh a chosaint.

Ordú urchoisc:  ordú a choisceann ar dhuine a ndéantar an t-ordú ina c(h)oinne (an freagróir) dul isteach in áit chónaithe an teaghlaigh nó foréigean a dhéanamh nó a bhagairt i gcoinne an duine a d'iarr an t-ordú (an t-iarratasóir) nó baill eile teaghlaigh.

Ordú cáis :  ordú a chuireann leanbh faoi chúram Tusla (an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach) go dtí go mbainfidh sé/sí ocht mbliana déag amach nó tréimhse níos giorra faoi mar a chinnfidh an chúirt.

Liosta Deimhnithe : Liosta cásanna a dheimhníonn abhcóide go bhfuil siad réidh le héisteacht.

Bille sibhialta :  doiciméad a úsáidtear chun cás sibhialta a thionscnamh sa Chúirt Chuarda ina bhfuil mionsonraí ar pháirtithe an cháis agus an éilimh atá á dhéanamh.

Fógra éilimh : doiciméad a úsáidtear chun cás sibhialta a thionscnamh sa Chúirt Dúiche ina bhfuil mionsonraí ar pháirtithe an cháis agus an éilimh atá á dhéanamh.

Coimisinéir mionn: duine atá i dteideal mionna a riar agus mionnscríbhinní a ghlacadh.

Fógra faoisimh fiachais :  ceann de na trí chóras réitigh fiachais a tugadh isteach leis an Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012 chun cabhrú le sealbhóirí morgáiste agus daoine eile a bhfuil fiacha dobhuanaithe orthu comhaontuithe a dhéanamh lena gcreidiúnaithe. Ceadaítear díscríobh fiachas incháilithe suas go dtí €35,000, faoi réir tréimhse mhaoirseachta trí bliana.

Socrú fiachais : ceann de na trí chóras réitigh fiachais a tugadh isteach leis an Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012 chun cabhrú le sealbhóirí morgáiste agus daoine eile a bhfuil fiacha dobhuanaithe orthu comhaontuithe a dhéanamh lena gcreidiúnaithe. Baineann sé le socrú comhaontaithe fiacha neamhurraithe, thar tréimhse cúig bliana de ghnáth.

Cosaint : doiciméad a sheachadann an cosantóir chuig an ngearánaí mar fhreagairt do bhille sibhialta sa Chúirt Chuarda nó do thoghairm iomlánach san Ard-Chúirt.

Cosantóir : duine a dtugtar gníomh ina c(h)oinne; duine a gcúisítear cion coiriúil ina (h)aghaidh.

Ordú cúram éigeandála :  ordú lena gcuirtear leanbh faoi chúram Tusla ar feadh 8 lá ar a fhad más dóigh leis an gcúirt go bhfuil riosca tromchúiseach ann do shláinte nó folláine linbh.

Díotáil :  (a) doiciméad foirmiúil ina leagtar amach cúisimh de chineál áirithe i gcoinne cúisí nó (b) an próiseas trína gcuirtear na cúisimh seo i láthair i gcoinne an chúisí.

Cion indíotáilte : cion atá, más duine fásta a rinne, intriailte ar dhíotáil dó.

Urghaire : ordú de chuid na cúirte ina dtreoraítear do pháirtí gníomh a dhéanamh nó stad dá dhéanamh.

Ordú urchoisc eatramhach : ordú láithreach ina gcuirtear iallach ar an duine a ndéantar an t-ordú ina c(h)oinne (an freagróir) áit chónaithe an teaghlaigh a fhágáil, go dtí go n-éistear iarratas ar ordú urchoisc.

Ordú cúraim eatramhach : ordú, a cheadaítear nuair a bhíonn iarratas ar ordú cúraim á dhéanamh, nó ar tí a dhéanta, lenar gá an leanbh a ainmnítear san ordú a chur faoi chúram Tusla.

Díthiomnach : bás a fháil gan tiomna bailí a dhéanamh.

Athbhreithniú breithiúnach :  réiteach dleathach atá ar fáil nuair a liomhnaítear gur ghníomhaigh comhlacht nó binse de bharraíocht ar a n-údarás dleathach nó ar shlí nach gcuireann lena ndualgas.

Scaradh breithiúnach :  foraithne a thugann an chúirt ag baint na hoibleagáide ar chéilí pósta a bheith in aontíos.

Dlínse :  (a) an chumhacht atá ag cúirt nó breitheamh gníomh, achainí nó imeacht eile a éisteacht, nó (b) an limistéar geografach inar féidir a leithéid de chumhacht a fheidhmiú.

Fiachas leachtaithe : éileamh ar shuim shainiúil airgid.

Agra morgáiste  : cineál imeachta chun fiacha a athfháil atá dlite do shealbhóir an urrúis ar réadmhaoin - trí dhíol na réadmhaoine a bhrú (de ghnáth de bhun morgáiste breithiúnais nó ar mhorgáiste cothromais).

Nolle prosequi : iontráil ag an ionchúisitheoir ar shos ar imeachtaí coiriúla (nach ionann é agus breith neamhchiontach).

Nótaire poiblí :  cleachtóir dlí, aturnae de ghnáth, atá mar fhinné ar shíniú doiciméad nó a dhéanann cóipeanna díobh chun a mbarántúlacht a dheimhniú, chun iad a úsáid thar lear go háirithe.

Mionn :  sraith focal lena ngaireann duine ar a d(h)ia a bheith mar fhinné gurb í an fhírinne an méid a deir sé/sí nó an méid a gheallann sé/sí a dhéanamh.

Socrú dócmhainneacht phearsanta  : ceann de na trí chóras réitigh fiachais a tugadh isteach leis an Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012 chun cabhrú le sealbhóirí morgáiste agus daoine eile a bhfuil fiacha dobhuanaithe orthu comhaontuithe a dhéanamh lena gcreidiúnaithe. Baineann sé leis an socrú comhaontaithe agus/nó athstruchtúrú fiacha neamhurraithe suas go dtí €3 mhilliún (le cois fiacha neamhurraithe) thar tréimhse sé bliana.

Achainí :  doiciméad a úsáidtear chun imeachtaí sibhialta a thionscnamh san Ard-Chúirt (mar shampla, iarratas chun comhlacht a scor, chun féimheach a dhéanamh de dhuine).

Gearánaí : duine a thionscnaíonn gníomh dlí i gcoinne duine eile.

Toghairm iomlánach : doiciméad a úsáidtear chun imeachtaí sibhialta áirithe a thionscnamh (mar shampla, éilimh ar dhamáistí, leabhal, núis neamhshonrach) san Ard-Chúirt mar ar gá pléadálacha agus fianaise bhéil.

Ordú cosanta : ordú eatramhach, a thugtar nuair a dhéantar ordú sábháilteachta/urchoisc a thoirmisceann an duine a ndearnadh an t-ordú ina leith (an freagróir) gníomhartha eile foréigin a dhéanamh nó foréigean a bhagairt.

Toghairm ioncaim :  cineál toghairm achomair a éistear de thoradh mionnscríbhinne, a úsáideann na Coimisinéirí Ioncaim chun imeachtaí sibhialta a thionscnamh san Ard-Chúirt chun suimeanna atá le híoc a athfháil (mar shampla, cánacha nár íocadh).

Ordú sábháilteachta :  ordú a thoirmisceann an duine a ndearnadh an t-ordú ina leith (an freagróir) gníomhartha eile foréigin a dhéanamh nó foréigean a bhagairt. Ní thoirmisceann sé an freagróir dul isteach in áit chónaithe an teaghlaigh.

Cur síos i gcomhair trialach :  iarratas go leithdháiltear dáta éisteachta i gcomhair éisteachta.

Ordú díolúine speisialta:  ordú lena gceadaítear do cheadúnaí alcól a dhíol lasmuigh de na gnáthuaireanta ceadúnaithe faoi réir coinníollacha áirithe.

Toghairm speisialta : doiciméad a úsáidtear chun imeachtaí sibhialta áirithe a thionscnamh (mar shampla, éilimh ar chothromas, forfheidhmiú morgáistí, riarachán iontaobhas) san Ard-Chúirt le héisteacht de bharr mionnscríbhinne (is é sin, ní fianaise bhéil).

Sain-chomhlíonadh :  ordú cúirte lena gcuirtear iallach ar pháirtí gníomh sainiúil a chomhlíonadh, de ghnáth an méid a mhaítear i gconradh, mar shampla, conarthaí díolacháin, ceannach nó léasú talún. Déantar é de rogha ar dhamáistí a bhronnadh agus is réiteach cothromais discréideach é.

Breithiúnas achomair : breithiúnas ar éileamh maidir le fiacha nó éileamh sainiúil airgid. Tugtar an breithiúnas don ghearánaí i gcoinne an chosantóra in oifig chúirte gan aon ghá leis an éileamh a thabhairt chun na cúirte.

Toghairm achomair :  doiciméad a úsáidtear chun imeachtaí sibhialta áirithe a thionscnamh (mar shampla, éileamh ar shuim shainiúil airgid, athshealbhú ag tiarna talún) san Ard-Chúirt le héisteacht de bharr mionnscríbhinne.

Ordú maoirseachta : ordú a cheadaíonn do Tusla leanbh a meastar a bheith i mbaol a mhonatóiriú. Ní bhaintear an leanbh as a t(h)impeallacht bhaile. Is ar feadh tréimhse sheasta nach faide na 12 mhí ar dtús a mhaireann ordú maoirseachta.