Tá sé i gceist go gcuirfidh Féachaimis ar an Dlí daltaí ar an eolas faoi nádúr agus faoi oibriú an chórais dlí, agus cuirtear i láthair ar bhealach inrochtana ar líne é. D’fhorbair an tSeirbhís Chúirteanna an tsraith modúil seo i gcomhar le gairmithe dlí, múinteoirí agus an Roinn Oideachais & Scileanna.

Cuireadh Féachaimis ar an Dlí ar fáil ar dtús i bhfoirm leabhráin agus cuireadh DVD ar fáil in éineacht leis, ach tá sé ar fáil ar an suíomh gréasáin seo anois.

Roinntear an leagan ar líne ina dhá chuid: ‘Acmhainní Teagaisc’ - agus an t-ábhar an-chosúil leis an gcéad leabhrán - agus ‘Acmhainní do Dhaltaí’ - inar féidir leis an dalta teacht ar eolas achomhair i ngach modúl agus (i modúil áirithe) quiz ar líne a dhéanamh.  Roinneadh an chéad DVD ina fhíseáin ar leith agus is féidir teacht orthu i ngach modúl de chuid Acmhainní do Dhaltaí (seinnliosta iomlán ar Youtube).

Is modúl é Féachaimis ar an Dlí a d’fhorbair an tSeirbhís Chúirteanna i gcomhar le múinteoirí, gairmithe dlí, agus an comhordaitheoir náisiúnta don Oideachas Saoránach Sóisialta Polaitiúil (OSSP) sa Roinn Oideachais & Scileanna. Cuirtear ar fáil ann sraith ceachtanna dinimiciúla agus idirghníomhacha agus ní chaithfidh aon réamheolas a bheith ag an múinteoir.

Tá sé mar aidhm againn oideachas a chur ar dhaltaí faoi réimsí ar leith de chóras dlí na hÉireann agus cumhacht a thabhairt dóibh mar shaoránaigh ghníomhacha de chuid na hÉireann. Le linn an mhodúil, gheobhaidh daltaí an-eolas chun cur ar a gcumas triail bhréige a reáchtáil agus tionscadail ghníomhaíochta eile a eagrú.

As na seacht gcoincheap i siollabas OSSP, baineann ár modúl le coincheap an ‘Dlí’ go sonrach. Déantar tagairt ann freisin, áfach, do na coincheapa ‘Daonlathas’ agus ‘Cearta agus Freagrachtaí’. Baineann sé, ar bhealach, leis na ceithre aonad den siollabas, ach baineann sé go háirithe le ‘An Duine Aonair agus Saoránacht’ agus ‘An Stát - Éire’.

Táimid ag súil nach mbeidh spéis sa mhodúl teoranta dóibh siúd atá páirteach i dteagasc OSSP. Meallfaidh go leor gnéithe den mhodúl iad siúd a mhúineann daltaí idirbhliana, iad siúd atá páirteach i ngrúpaí óige agus aon duine atá páirteach in oideachas an tsaoránaigh óig go coitianta.

Cliceáil ar gach nasc thíos chun teacht ar ábhar a bhaineann leis an topaic.

Acmhainní Teagaisc

Acmhainní Teagaisc

Acmhainní Teagaisc

Acmhainní do Dhaltaí

Acmhainní do Dhaltaí

Acmhainní do Dhaltaí