Is cuid d'Ionad Chualann é teach cúirte Bhré. Tá sé lonnaithe i mBloc D agus treoshuite thart ar chlós.

D'oscail Dick Roche, an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil an teach cúirte go hoifigiúil ar 9ú Bealtaine 2007.
D'oscail Dick Roche, an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil an teach cúirte go hoifigiúil ar 9ú Bealtaine 2007.

Tá an suíomh iomlán fite ina chéile ina gclóis agus spásanna oscailte agus is scéim do choisithe, nach mór, atá i gceist.

Trí sheomra cúirte atá sa teach cúirte agus taobh leo tá seomra an bhreithimh, seomra giúiré, seomra do chleachtóirí dlí, seomraí comhairliúcháin, oifigí d'fhoireann na Cúirte Dúiche ina bhfuil cuntar pobail agus seomra agallaimh ar leith, seomra tacaíochta d'íospartaigh, seomra do na meáin agus cillíní coinneála do phríosúnaigh óna bhfuil rochtain dhíreach ar na príomhsheomraí cúirte. Tá slite isteach ar leith ann do na breithiúna agus do na príosúnaigh. Tá bloc cillíní idir an dá phríomhsheomra cúirte agus rochtain dhíreach orthu beirt. Tá tacaíocht na teicneolaíochta faisnéise is déanaí san fhoirgneamh.

D'oscail Dick Roche, an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil an teach cúirte go hoifigiúil ar 9ú Bealtaine 2007.

Tacaíonn Oifig Chúirte Bhré le Teach Cúirte Bhré.