Foghlaim faoi róil na ndaoine a oibríonn sa seomra cúirte
Roles of the people in the courtroom
An Breitheamh
An Breitheamh
Breitheamh a bhíonn i gceannas agus caithfidh sé/sí a chinntiú go bhfaigheann an cúisí triail chothrom - a chinntiú go gcuirtear an triail os comhair an ghiúiré go loighciúil agus go cothrom. An breitheamh a shocraíonn aon argóint dhleathach, a threoraíonn an giúiré agus, má chiontaítear an cosantóir, a chinneann ar an bpianbhreith chuí.
An Cláraitheoir Cúirte
An Cláraitheoir Cúirte
Tá an iomad freagrachtaí ar an gcláraitheoir cúirte atá riachtanach ó thaobh eagrú na cúirte de, lena n-áirítear ullmhú pháipéir an bhreithimh, ag gairm gach cáis sa chúirt agus ag cuidiú le finnéithe an mionn nó an dearbhú a dhéanamh. Is é an cláraitheoir fosta a thógann an bhreith ón bpríomhghiúróir
Finnéithe
Finnéithe
Is duine é finné a thugann fianaise i dtriail ar son an chúisitheora nó an chosantóra. Féadann an taobh eile iad a chroscheistiú maidir le cruinneas a bhfianaise.
An Cúisí
An Cúisí
Duine ar a dtugtar fosta an cosantóir, an té atáthar a chúiseamh as an gcoir. Ní chaithfidh sé ná sí a chruthú go bhfuil siad neamhchiontach - faoin gcúisitheoir atá sé a chruthú go bhfuil siad ciontach. Má tá an cuisí faoi choinneáil, tabharfaidh oifigeach príosúin chun na cúirte iad.
Na Dlíodóirí
Na Dlíodóirí
Is iondúil gur abhcóidí a chuireann an cás i láthair. Tá abhcóidí ann a dhéanann ionadaíocht thar ceann an Stáit a thugann an cás ar son an chúisimh agus abhcóidí an chosantóra. Faigheann na habhcóidí a dtreoracha ó aturnaetha a shuíonn os a gcomhair.
Labhraíonn abhcóidí an chúisimh leis an gcúirt ar dtús. Is é an obair atá le déanamh acu an fhianaise i gcoinne an chosantóra a chur i láthair. Míníonn siad don chúirt an méid atá curtha i leith an chosantóra agus is iad atá freagrach as an cás i gcoinne an chosantóra a chur i láthair.
Féadann cosantóirí a bhfoireann chosanta féin a cheapadh, nó, mura bhfuil sé sin ar a n-acmhainn, déanfaidh abhcóide a cheapfaidh an stát ionadaíocht ar a son.
Is é abhcóide na cosanta a dhéanann ionadaíocht ar son an duine a bhfuil an cion nó na cionta curtha ina leith. Déanann siad é seo trí chás an chúisimh a cheistiú agus fianaise a chur i láthair ar son an chosantóra.
Daoine eile
Daoine eile
Is minic lucht na meán nó an phreas sa chúirt chun tuairisciú ar an gcás i gcomhair craoltaí raidió agus teilifíse nó lena bhfoilsiú sna nuachtáin.
Tá cead ag an bpobal teacht isteach i seomra na cúirte chun breathnú ar chás ach amháin má tá an cás á éisteacht i gcúirt iata (go príobháideach). Tá níos mó eolais ar ár leathanach ‘Visit a Courthouse’
Íoslódáil an póstaer 'Who's Who in the Criminal Court; thuas (mar dhoiciméad PDF)