Tógadh an teach cúirte, struchtúr dhá stór sna 1830í.

D'oscail an tUas. John O’Donoghue T.D., Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóiriú Dlí an teach cúirte go hoifigiúil ar an 25ú Márta 2002.
D'oscail an tUas. John O’Donoghue T.D., Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóiriú Dlí an teach cúirte go hoifigiúil ar an 25ú Márta 2002.

De réir na dtaifead, athraíodh an spás forhalla sna 1880í nuair a cuireadh áiléar céimithe crua-adhmaid gona bhinsí feistithe leis le go soláthrófaí áiléar poiblí. Chuathas isteach anseo ón spás cruinnithe reatha san fhorhalla.

Tosaíodh ar athnuachan agus athchóiriú an tí cúirte i Meán Fómhair 2001. I measc na cóiríochta a cuireadh leis bhí seomraí comhairliúcháin, seomra do ghairmithe dlí agus athdheisíodh an seomra giúiré a bhí ann. Athchóiríodh go hiomlán an phríomhaghaidh ar Shráid Uí Mhórdha. Rinneadh an struchtúr ar fad a nua-aoisiú le tabhairt isteach seirbhísí nua meicniúla agus leictreacha. Rinneadh athnuachan, athchóiriú agus athfheistiú iomlán i ngach seomra agus úsáideadh feistithe agus maisithe ardchaighdeáin.

Tacaíonn  Teach Cúirte na hInse  le Teach Cúirte Chill Rois