Tagraítear do Theach Cúirte Mhainistir Fhear Maí in Topographical Dictionary of Ireland Samuel Lewis mar fhoirgneamh néata, oiriúnach ag ceann thoir an bhaile a tógadh in 1808. Tháinig athrú ar an gcuma atá ar an bhfoirgneamh ó shin ach tá go leor ar marthain ó thréimhsí ba luaithe.

D'oscail an tUas. Brian Lenihan T.D., Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóiriú Dlí an foirgneamh go hoifigiúil ar an 17ú Nollaig 2007.
D'oscail an tUas. Brian Lenihan T.D., Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóiriú Dlí an foirgneamh go hoifigiúil ar an 17ú Nollaig 2007.

Cuireadh mórthionscadal athchóirithe de chuid na Seirbhíse Cúirteanna agus Chomhairle Contae Chorcaí i gcrích in 2007. Cuimsíodh sa tionscadal foriomlán athchóiriú iomlán agus píosa breise a chur leis an Teach Cúirte mar a bhí, tógáil coimpléasc nua Oifig Chathartha mar chóiríocht do Chomhairle Baile Mhainistir Fhear Maí agus d'Oifig Innealtóir Áitiúil na Comhairle Contae.

I measc na n-athruithe ar theach na cúirte bhí forbairt áiseanna don fhoireann agus do ghairmithe dlí le cois dhá sheomra nua do phríosúnaigh ar coinneáil agus seomra slándála agallaimh ar urlár na talún agus rochtain ar leith orthu beirt. Ar an taobh istigh, coinníodh a lán gnéithe, lena n-áirítear an fhoirm phlean (seachas seomra ó dheas ón bpríomhsheomra cúirte), an staighre bunaidh, síleáil faoi bhrat adhmaid, doirse agus an obair adhmaid a ghabhann leo agus a oiread agus is féidir de throscán an phríomhsheomra cúirte chun go bhfreastalófaí ar riachtanais na cúirte.

Tacaíonn Oifig Chúirte Mhala. le Teach Cúirte Mhainistir Fhear Maí.