Thart ar 1884 a tógadh an teach cúirte bunaidh.

D'oscail an tUas. John Ó'Donoghue T.D, An tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóiriú an Dlí an Teach Cúirte go hoifigiúil ar 7 Márta 2002.
D'oscail an tUas. John Ó'Donoghue T.D, An tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóiriú an Dlí an Teach Cúirte go hoifigiúil ar 7 Márta 2002.

Thart ar 1884 a tógadh an teach cúirte bunaidh. Tá cúig bhá agus dhá stór aige agus síneadh ar dhá cheann an fhoirgnimh ar bealaí isteach agus staighrí iad. Tá gnáthdhearadh teach cúirte aige a chuirtear síos do William Caldbeck.  Tá an ghnáthstíl dhea-dheartha chlasaiceach aige inar úsáideadh mionsonraí maithe cloiche agus luathúsáid iarrann teilgthe sna comhpháirteanna tógála.

Faoi 1998, bhí athchóiriú iomlán de dhíth ar an bhfoirgneamh óir bhí sé lán lobhadh críon, taislobhadh agus fíniú ciaróg. Cuimsítear san fhoirgneamh athchóirithe seomra mór cúirte inrochtana agus seomra breithimh ag an chúl, seomra do chleachtóirí dlí, seomraí comhairliúcháin, áiseanna leithris agus rochtain do lucht míchumais.

Tacaíonn  Oifig Chúirte Mhuineacháin le Teach Cúirte Charraig Mhachaire Rois.