Ar shuíomh na hIar-Mhodhscoile ar Shráid Angelsea a tógadh an teach cúirte.

Rinne an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, an tUas. Charlie Flanagan T.D. an teach cúirte athchóirithe a athoscailt i mí na Bealtaine 2018.
Rinne an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, an tUas. Charlie Flanagan T.D. an teach cúirte athchóirithe a athoscailt i mí na Bealtaine 2018.

Scoil ab ea Teach Cúirte Shráid Anglesea ar dtús. Osclaíodh a doirse den chead uair i Meán Fomhair 1845 do '45 naíonán, 61 buachaill agus a leithéid chéanna de líon cailíní'. 450 an líon is mó ar an rolla riamh. Go luath sa 20ú haois bhí coláiste mara ar an suíomh a raibh ról tábhachtach aige sa Chéad Chogadh Domhanda, nuair ba í Corcaigh príomh-chalafort trasatlantach Impireacht na Breataine.

Dúnadh an scoil in 1990 agus rinneadh teach cúirte den fhoirgneamh, faoi stiúir Michael Haugh, ailtire de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí, in 1995.

Cuireadh an teach cúirte nua i gcrích in 2018. Tá cóiríocht dar achar 8,500m cearnach ann ina bhfuil sé sheomra cúirte nua agus oifig phoiblí nua. Tá ionad 'finné leochaileach' ann, seomra do cleachtóirí dlí, oifig phoiblí agus deich gcillín slándála faoi thalamh ina bhfuil áit do cheathrar go seisear daoine.

Tacaíonn  Oifig Chúirte Chorcaí - Coiriúil  le Teach Cúirte Chorcaí.