Cuireadh síos ar Theach Cúirte Shligigh, a tógadh in 1878 ar shuíomh iar-theach cúirte, mar ‘fhoirgneamh Gotach Victeoiriach amach is amach.

D'oscail An tUas. John O’Donoghue T.D., Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, an Teach Cúirte go hoifigiúil ar an 5ú Aibreán 2002.
D'oscail An tUas. John O’Donoghue T.D., Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, an Teach Cúirte go hoifigiúil ar an 5ú Aibreán 2002.

Tá fianaise ar phríosún de chuid an ochtú haois déag fós laistigh de theorainneacha an tí cúirte agus tá stair ann a áiríonn scéal ochtar fear ar gearradh pianbhreith orthu, in 1818, as robáil le foréigean ag Tír Fhiachrach agus a crochadh go poiblí ar an tsráid amuigh os comhair an tí cúirte.

Cuireadh tús leis an tionscadal athchóiriúcháin do theach cúirte Shligigh go déanach in 1998 agus tháinig sé chun críche i laethanta deireanacha 2001 tar éis 1,000 lá de chomhiarracht ó gach duine a raibh baint acu leis an tógáil. Bhí an sainchúram substaintiúil. Iarradh go ndéanfaí uasghrádú iomlán ar an bhfoirgneamh lena n-áirítear na nithe seo a leanas: áiseanna úrscothacha a sholáthar d'fhoireann cúirte ina n-oifigí féin agus i bhfeidhm na hoifige poiblí; dhá sheomra cúirte nua; áiseanna dlí teaghlaigh; áiseanna comhairliúcháin leathnaithe; seomraí na mbreithiúna athchóirithe; cill ghabháltais slán cóiríochta do phríosúnaigh a bhfuil bealach isteach ar leith acu; seomraí giúiré agus cóiríocht don lucht dlí.

Tacaíonn Oifig Chúirte Shligigh le Teach Cúirte Shligigh.