Is é an fheidhm atá ag triail choiriúil na cúinsí a bhaineann le coir a leagan amach agus na fíricí a shocrú ionas go bhféadann giúiré teacht ar bhreith.

 

Tagann 2 chineál cionta chun na cúirte - 'cionta achoimre' agus 'cionta indíotáilte'. Is iondúil gur cionta iad cionta achoimre nach bhfuil tromchúiseach, amhail treaspás nó mionchionta trácht bhóthair. Éisteann breitheamh na cásanna seo sa Chúirt Dúiche gan aon ghiúiré. 12 mhí an phríosúnacht uasta as cion singil. Is cionta níos tromchúisí iad cionta indíotáilte, amhail ionsaí, dúnmharú, éigniú srl. Is iondúil gur sa Chúirt Chuarda nó sa Phríomh-Chúirt Choiriúil (ar cuid den Ard-Chúirt í) a bhíonn trialacha na gcionta seo, ag brath ar a thromchúisí atá an cion.
Tagann 2 chineál cionta chun na cúirte - 'cionta achoimre' agus 'cionta indíotáilte'. Is iondúil gur cionta iad cionta achoimre nach bhfuil tromchúiseach, amhail treaspás nó mionchionta trácht bhóthair. Éisteann breitheamh na cásanna seo sa Chúirt Dúiche gan aon ghiúiré. 12 mhí an phríosúnacht uasta as cion singil. Is cionta níos tromchúisí iad cionta indíotáilte, amhail ionsaí, dúnmharú, éigniú srl. Is iondúil gur sa Chúirt Chuarda nó sa Phríomh-Chúirt Choiriúil (ar cuid den Ard-Chúirt í) a bhíonn trialacha na gcionta seo, ag brath ar a thromchúisí atá an cion.

Is iondúil go leanfaidh triail na céimeanna seo a leanas:

  1. Giúiré a roghnú
  2. Ráitis Tosaigh
  3. Fianaise Finnéithe agus Croscheistiú
  4. Argóintí Deiridh
  5. Tugann Breitheamh treoir don Ghiúiré
  6. Breithniú agus Breith an Ghiúiré

 

Is féidir léamh faoi roghnú giúiré ar an leathanach roghnaithe giúiré.

Roimh an triail, ní mór do na cúisitheoirí Leabhar Fianaise a thabhairt do lucht na cosanta, ina leagtar amach an fhianaise a bhfuil rún acu a chur i láthair sa chás i gcoinne an chosantóra (an té atá ar triail).

Cuirtear tús leis an triail leis an díotáil - achoimre ar an gcúiseamh nó cúisimh i gcoinne an chosantóra - á léamh ag an gcláraitheoir cúirte (féach leathanach Cé atá sa Seomra Cúirte mar a bhfuil míniú ar ról gach páirtí). Ansin, déanann na cúisitheoirí ráiteas tosaigh agus b'fhéidir ráiteas tosaigh ag na cosantóirí ina dhiaidh sin.

 

Cás an Ionchúisimh

Cuireann abhcóide an ionchúisimh tús leis an gcás trína chur in iúl don ghiúiré faoi ghnóthaí a bhfuil rún ag na cúisitheoirí a chruthú. Tugann sé/sí breac-chuntas ar na fíricí ó thaobh an chúisimh de chun a léiriú don ghiúiré cad a rinne an cosantóir agus conas agus cén fáth.

I ndiaidh an aithisc tosaigh, gairfidh agus ceisteoidh an cúisitheoir finnéithe - 'príomhcheistiú' a thugtar air seo. Cuirfidh an t-abhcóide ceisteanna ar na finnéithe chun go bhféadfaidh siad a scéal a insint agus a bhfianaise a thabhairt ina gcuid focal féin. D'fhéadfadh sé go gcuirfí doiciméid agus ráitis i láthair. D'fhéadfadh sé go gcuirfí fianaise fhóiréinseach i láthair mar thaispeántán (amhail baill éadaigh, doiciméid nó airm).

Is minic a bhíonn an finné i láthair nuair a tharlaíonn an cion, mar íospartach nó mar dhuine a bhí ar an láthair. D'fhéadfadh sé gur garda é an finné, a thugann mionsonraí ar an ngabháil, dochtúir ag tabhairt fianaise mhíochaine nó oifigeach fóiréinseach ag tuairisciú na dtorthaí. Bíonn finnéithe saineolacha i roinnt trialacha (m.sh. Paiteolaí nó Paiteolaí Cúnta an Stáit). Is daoine gairmiúla iad seo a n-iarrtar orthu a dtuairim shaineolach a thabhairt ar fhianaise ar leith.

Nuair a chríochnaíonn lucht an chúisimh, bíonn deis ag na cosantóirí gach finné a cheistiú, chun teacht ar aon laige nó neamhréiteach ina bhfianaise - croscheistiú a thugtar air seo. Má bheartaíonn an chosaint dúshlán fianaise finné ionchúisimh a thabhairt, ní mór d'abhcóide na cosanta an bonn atá leis an dúshlán a mhíniú don fhinné.

 

Cás na cosanta

A luaithe a cheistíonn agus a chroscheistíonn agus, más gá, athcheistíonn na cúisitheoirí finnéithe an chúisimh, tosóidh an chosaint. Cuirfidh abhcóide na cosanta tús leis an gcosaint - i dtriail choiriúil, glactar leis go bhfuil an cúisí neamhchiontach agus seans go gcinnfeadh lucht na cosanta gan finnéithe a ghairm ná fianaise a chur i láthair.

Faoi lucht an chúisimh atá sé a chruthú go bhfuil cosantóir ciontach thar amhras réasúnta (an dualgas cruthúnais). Níl le déanamh ag an gcosantóir ach a léiriú gur ann do chúinsí inar féidir amhras a chur i leith chás an chúisimh. Is é a thoradh seo, má tá fáthanna féideartha eile ar ar tharla, gur chóir don ghiúiré sochar an amhrais a thabhairt don chúisí.

 

An Breitheamh

Is é an breitheamh atá i gceannas ar an triail agus is é/í a dhéanann cinneadh má thagann aon cheist dlí aníos. Féadann sé/sí briseadh isteach am ar bith le linn na trialach chun stop a chur le ceistiú nó argóint neamhábhartha nó chun ceisteanna a shoiléiriú. Déanfaidh an breitheamh rialú fosta nuair a chuireann an t-abhcóide cúisimh nó cosanta i gcoinne cineál áirithe ceistithe. Faoin mbreitheamh atá sé cinneadh ar phointí dlí. Uaireanta, iarrtar ar an ngiúiré an chúirt a fhágáil a fhad is a bhíonn na hargóintí dlí seo á bplé ag an mbreitheamh agus na habhcóidí.

 

Ráitis chlabhsúir ag an gcúisitheoir agus an cosantóir

I ndiaidh deis a bheith acu a gcás a chur i láthair agus dúshlán na fianaise a thug an páirtí eile a thabhairt, déanann an dá thaobh "scíth" a chiallaíonn nach dtabharfar tuilleadh fianaise don ghiúiré sula ndéanfar argóintí clabhsúir. Baineann sé seo leis na fíricí a achoimriú don ghiúiré agus chun béim a leagan ar shochair a gcásanna faoi seach.

 

Achoimre agus treoir an bhreithimh

Ag deireadh na trialach, míneoidh an breitheamh an dlí don ghiúiré agus achoimreoidh fíricí an cháis. Tabharfaidh an breitheamh treoracha faoi dhualgais an ghiúiré sula gcuirfear iad chun breithniú agus breithiúnas a mheas. Déarfar leis an ngiúiré cloí leis an bhfianaise a cuireadh i láthair na cúirte.

 

An breithiúnas

Más é ciontach an bhreith, gearrfar pianbhreith ina dhiaidh sin, ar lá eile b'fhéidir. Cinnfidh an breitheamh cén phianbhreith atá le gearradh. Más é neamhchiontach an bhreith, scaoiltear saor an cosantóir.