Tá an seomra cúirte suite i bhfoirgneamh athchóirithe ina bhfuil leabharlann bhrainse Chill Mocheallóg fosta agus oifig áitiúil cheantair Chomhairle Contae Luimnigh.

Cuireadh an coimpléasc i gcrích in 2010.
Cuireadh an coimpléasc i gcrích in 2010.

Cuireadh coimpléasc chúirt Chill Mocheallóg i gcrích in 2010

De bharr úsáid troscán dorcha agus solas scagtha, coinníodh cuma agus mothú seomra cúirte in Éirinn an 19ú haois. Os a choinne sin, tá na háiseanna uile a mbeifí ag dréim leo in ionad nua-aoiseach cúirte ar fáil. Tá rochtain ar sheomraí cruinnithe agus cóiríocht do chleachtóirí dlí agus a gcliaint ón tslí isteach. Tá rochtain shlán aisti féin ón gcúl do dhaoine atá ar coinneáil agus tá radharc ó sheomra na mbreithiúna ar chlós lán plandaí.

Tacaíonn  Oifig Chúirte Luimnigh - Dlí Sibhialta agus Teaghlaigh  le Teach Cúirte Chill Mocheallóg.