Teach cúirte cúig bhá trí stór thar íoslach é Teach Cúirte an Longfoirt a tógadh ar an bpríomhshráid in 1793 ar shuíomh foirgneamh is sine, is dóigh.

D'oscail an tUas. Michael McDowell, T.D., Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóiriú Dlí an teach cúirte go hoifigiúil ar an 26ú Iúil 2006.
D'oscail an tUas. Michael McDowell, T.D., Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóiriú Dlí an teach cúirte go hoifigiúil ar an 26ú Iúil 2006.

thaobh shlí isteach na sráide thart ar 1900. Is de rindreáil phléineáilte aol teilgthe a cuireadh i gcrích ghinearálta leis an bhfoirgneamh agus gléasadh aolchloiche ar na fuinneoga ar dócha gur athraíodh iad in 1859 go 1860 ina saisfhuinneoga sleamhnaithe. Rinneadh Oifig Thurasóireachta de smachtlann amháin fosta in 1970. Tháinig ráigeanna troma de lobhadh ar an áitreabh sna nóchaidí luatha agus dúnadh é in 1994 de dheasca na drochbhaile a bhí air.

Cuireadh mórthionnscadal athchóiriúcháin i gcrích in 2006. Níorbh fhéidir riar ar an bhfairsinge atá de dhíth i seomraí cúirte na linne seo, ná ar an gcóiríocht thánaisteach, san fhoirgneamh mar a bhí. Leagadh an chuid chúil den fhoirgneamh agus coinníodh an foirgneamh bunaidh Seoirseach a tógadh in 1790 ag tosach an tí cúirte. Deisíodh an aghaidh bhunaidh.

Tá dhá sheomra cúirte mhóra san fhoirgneamh anois le cois seomra cúirte dlí teaghlaigh, cóiríocht oifig chúirte, seomraí comhairliúcháin, seomra tacaíochta d'íospartaigh, seomra do na meáin agus cillíní coinneála do phríosúnaigh.

Tacaíonn Oifig Chúirte an Longfoirt le Teach Cúirte an Longfoirt.