Tógadh Teach Cúirte Bhaile Átha Í sna 1850í agus is mar mhalartán arbhair a úsáideadh ar dtús é. Rinneadh teach cúirte an bhaile de roimh dheireadh an 19ú hAois.

Teach Cúirte Bhaile Átha Í

Frederick Darley, duine de phríomhailtirí na hÉireann sa 19ú haois a bhí fostaithe ag Diúc Laighean. Ba é a dhear leabharlann Óstaí an Rí i Sráid Henrietta, Baile Átha Cliath agus a lán foirgnimh thábhachtacha eile lena n-áirítear roinnt i gColáiste na Tríonóide.
Frederick Darley, duine de phríomhailtirí na hÉireann sa 19ú haois a bhí fostaithe ag Diúc Laighean. Ba é a dhear leabharlann Óstaí an Rí i Sráid Henrietta, Baile Átha Cliath agus a lán foirgnimh thábhachtacha eile lena n-áirítear roinnt i gColáiste na Tríonóide.

Le linn Chogadh na Saoirse, rinneadh an-damáiste de Theach Cúirte Bhaile Átha Í de gheall ar dhóiteán agus athosclaíodh é in 1928 agus ó shin suíonn an Chúirt Dúiche agus seisiúin ráithiúla na gCúirteanna Cuarda ann.

Foirgneamh scoite, sé bhá, dhá stór de dhéanamh Athbheochan Túdarach é an Teach Cúirte ar a bhfuil díonta déchlaonta trasnaithe agus oifigí dhá stór ag an gceann theas. Tógadh sna 1850í é agus is mar mhalartán arbhair an bhaile a raibh feidhm leis ar dtús.

De réir tuairiscí nuachtáin na linne, bhí Diúc Laighean ag cur 'foirgneamh chomh hálainn is a bhfuil in Éirinn' ar fáil i mBaile Átha Í a bhí le húsáid mar mhalartán arbhair. Cuireadh tús lena ghnó ar 6ú Deireadh Fómhair 1857 ach níorbh fhada go raibh na nuachtáin chéanna ag tuairisciú go raibh 'aeráil an fhoirgnimh go han-lochtach agus go rabhthas míshásta leis an tslí a raibh na soilse'. Ní fios an iad na fadhbanna aerála agus soilsithe seo ba chúis le dúnadh an mhalartáin arbhair ach faoi cheann bliana bhí an foirgneamh ina luí folamh.

Ábhar iontais an cáineadh ós rud é gur Frederick Darley, duine de phríomhailtirí na hÉireann sa 19ú hAois a bhí fostaithe ag Diúc Laighean. Ba é a dhear leabharlann Óstaí an Rí i Sráid Henrietta, Baile Átha Cliath agus a lán foirgnimh thábhachtacha eile lena n-áirítear roinnt i gColáiste na Tríonóide agus na grianáin iarrann buailte i nGarraithe na Lus, Glas Naíon. Ag amanna éagsúla bhí sé ina ailtire ag Coimisiún Eaglasta Ard-Deoisí Bhaile Átha Cliath agus ag an mBord Náisiúnta Oideachais.
 

Tosaíodh ag úsáid an tSeanmhalartáin Arbhair mar theach cúirte an bhaile roimh dheireadh an 19ú hAois. Tháinig na cúirteanna seisiúin ar ais go Baile Átha Í ar deireadh ach le linn Chogadh na Saoirse, dódh an foirgneamh breá cloiche, gona bheanna gáifeacha cuartha, simléir arda iontacha de chloch eibhir agus colúnraí éilipseacha stuacha go talamh. Is cosúil gur cuireadh atógáil an tí cúirte i gcrích am éigin in 1928 faoi mhaoirseacht Foley agus O'Sullivan, Ailtirí. Nuair a athosclaíodh an teach cúirte, leanadh de shuí na Cúirte Dúiche agus seisiúin ráithiúil na gCúirteanna Cuarda.

I ndiaidh £1m a chaitheamh ar a athchóiriú, d'oscail an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóiriú Dlí, an tUas. John O'Donoghue T.D an teach cúirte ar 21 Meitheamh 2001.

Tacaíonn Oifig Chúirte an Náis is le Teach Cúirte Bhaile Átha Í.