Pléitear san fhoirgneamh seo le gnóthaí coiriúla Chúirt Dúiche agus Chúirt Chuarda Bhaile Átha Cliath, an Phríomh-Chuirt Choiriúil, an Chúirt Choiriúil Speisialta agus an Chúirt Achomhairc.

D'oscail Mary McAleese Uachtarán na hÉireann an foirgneamh ar an 16ú Eanáir 2010.
D'oscail Mary McAleese Uachtarán na hÉireann an foirgneamh ar an 16ú Eanáir 2010.

Tá sé suite ar an taobh aniar de Cheathrú Dhlí na cathrach ar choirnéal Shráid Gheata na Páirce agus Bóthar na hOtharlainne, tairseach thábhachtach a fhad le ceantar cathartha agus gnó na cathrach.

Is léiriú é úsáid ábhair dhúchais ardchaighdeáin ar dhínit agus tábhacht na gcúirteanna agus cinntítear príobháideacht agus compord gach úsáideoir cúirte. Déantar solas a scagadh isteach sna seomraí cúirte ó scáileán cré-umha seachtrach a tharraingíonn aird ar an troscán agus ar an bhfeistis ghallchnó. San fhoirgneamh seo tá leithscaradh slán ar fáil don phobal, giúróirí, daoine atá á gcoinneáil, na breithiúna agus don fhoireann.

Tagann daoine isteach ar phlás suaithinseach poiblí go dtí foirgneamh a bhfuil comhionann 11 stór ann agus 450 seomra lena n-áirítear 22 seomra cúirte. Tá breis agus 250 céim ar an staighre agus 27 ardaitheoir. Tá limistéir fhairsinge poiblí san fhoirgneamh - 'Halla Mór' atá ceithre huaire níos mó ná an Halla Cruinn sna Ceithre Cúirteanna - agus seomraí comhairliúcháin agus limistéir feithimh den chéad scoth. Chomh maith le hoifig chúirte ilfheidhme chun plé le gnó de chuid gach dlínse cúirte coiriúla tá cóiríocht agus áiseanna do 60 ball foirne de chuid na Seirbhíse Cúirteanna. Tá cóiríocht ann fosta d'fhinnéithe leochaileacha, íospartaigh agus gaolta agus seomraí fianaise leanaí a dearadh de thoradh comhairle Barnardos.

Tá flúirse áiseanna ann do chleachtóirí dlí agus na meáin agus limistéar fáiltithe giúiré atá mór go leor chun riar ar 400 giúróir gona áiseanna itheacháin agus seomraí scíthe laistigh de limistéar slán, leithscartha. Tá cóiríocht ann do suas le 150 abhcóide faoi shocrú tráchtála le Comhairle an Bharra agus cóiríocht do Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí, na Gardaí, an Dlí-Chumann agus don tSeirbhís Phromhaidh. Tá cóiríocht cillíní ann do 100 príosúnach le cois limistéar fáiltithe príosúin, cóiríocht d'oifigigh príosúin agus áiseanna tánaisteacha.

Tacaíonn  Oifig Chúirteanna Coiriúla Bhaile Átha Cliath  leis na Cúirteanna Breithiúnais Coiriúla
Tacaíonn Oifig na Cúirte Achomhairc - Coiriúil agus Míleata.  leis an gCúirt Achomhairc - Coiriúil agus Míleata.